Ar an gcuma gcéadna, ins gach aon pháirt d’ Éirinn, go mór mór i ngach lín-tíghe go raibh duine de mhór-shluagh Bhriain tagaithe as, bhí an t-éigean céadna ’á dhéanamh ar Rígheacht na bhFlathas, an t-athair agus an mháthair agus an chuid eile de’n chlainn ’ghá iaraidh ar Dhia an t-é a bhí amuich uatha do thabhairt saor ó’n gcath agus é thabhairt chúcha thar n-ais slán. Bhí na paidreacha agus na h-úrnuighthe ba ghnáth ar siúbhal ins gach tigh, agus i n-éaghmuis na n-úrnuighthe ba ghnáth bhíodh na h-úrnuighthe móra ar siúbhal, Mairineamh Phádraig, agus Amhra Colum Cille, agus Lúireach Phádraig, agus mórán úrnuighthe de ’n tsórd san i n-onóir do naoimh fé leith, ’ghá iaraidh ortha a nguidhe chur chun Dé ar son duine éigin fé leith a bhí sa mhór-shluagh agus an duine thabhairt saor.
Bhí gach fear des na fearaibh a bhí sa mhór-shluagh ceapaithe ar gan filleadh o’n gcath, ach bhí a mhalairt sin d’aigne ag an muintir a bhí sa bhaile n-a ndiaigh. Bhí an mhuintir a bhí sa bhaile ag déanamh a gcroídhe dícheal ’ghá iaraidh ar Dhia iad do thabhairt abhaile slán.
Ba bheag aon treabhchas fé leith gan naomh de naoimh Éirean fé leith acu. Bhí Seanán ag muintir gnáth-theighlaigh Bhriain. Bhí Breandán ag muintir Chiarraighe. Bhí Íta ag muintir Uíbh Chonaill Ghabhra. Bhí Deaclán ag muintir na nDéise. Bhí Barra ag muintir Chorcaighe. Mar sin dóibh. Agus bhí na h-úrnuighthe ag dul suas coitchianta chun gach naoimh acu san, ó’n muíntir a bhí fé n-a chomairce, a d’iaraidh a n-ímpidhe chun Dé, an uair sin thar gach uair d’ár tháinig riamh roimis sin.
Idir mhór-shluagh ag gluaiseacht chun an chatha agus gaolta ’n-a ndiaigh sa bhaile, ní raibh ach aon-ghuth úrnuighthe ag dul suas chun Dé ó Ghaedhlaibh Éirean go léir.
Bhí mac ag Murchadh agus Toirdhealbhach ab ainim dó. Ní raibh sé ach trí bliana dh’ aois nó mar sin nuair a tháinig Tadhg Óg ua Cealla agus Amhlaoibh go h-Inis Cathaigh chun na sgoluigheachta dh’ fhághail. Tímpal na h-aimsire céadna san do rugadh an leanbh siar go ríghtheighlach Mhaoilruanaidh na Paidre, toisg an gaol a bheith ann. Ní fada a bhí sé thiar sa ríghtheighlach san nuair a tháinig Niamh ann ar chuaird, ó ríghtheighlach a h-athar i n-Uíbh Máine. Do chuir an leanbh aithne ar Niamh. Má chuir do cheangail sé suas di. Nuair a bhí sí ag dul abhaile bhí an leanbh ag briseadh a chroídhe ag gol. B’éigean dóibh leigint dó imtheacht i n-aonfheacht léi go h-Uíbh Máine. As san amach is mó d’á aimsir a chaith sé i n-Uíbh Máine ’ná i n-aon áit eile. Bhíodh sé ann nuair a thagadh Tadhg Óg ua Cealla agus Amhlaoibh ar a gcuardaibh ó Inis Cathaigh ainíos ann. Tháinig árd chion aige ar Amhlaoibh an chéad uair a chonaic sé é. Bhí cion aige ar Thadhg Óg, agus bhí cion aige ar Thadhg Mhór, agus ar gach aoinne sa teighlach. Ach do fuair Amhlaoibh inead ’n-a chroídhe ná fuair aon duine eile an uair sin, lasmuich de Niamh féin.
Chonaic Niamh an nídh sin. Chonaic gach aoinne é, ach níor chuir aoinne eile puínn suime ann. Ní raibh ann, dar leó, ach mian leinbh. Chonaic Tadhg Óg é, agus bhí áthas air, mar, dar leis, tháinig mian an leinbh agus an caradas a bhí idir é féin agus an Lochlanach óg isteach le n-a chéile. Chuir Niamh suim ana mhór i mian an leinbh an uair sin, ach níor leig sí uirthi gur chuir. Do chuir sí an suim ann mar, dar léi, do thaisbheáin an cion san a tháinig ag an leanbh san ar Amhlaoibh an uair sin, nách gan adhbhar a tháinig an nídh eile úd’n-a h-aigne agus ’n-a croídhe féin an uair chéadna i dtaobh an Amhlaoibh chéadna.
Bhí san mar sin. Bhíodh Niamh agus an leanbh i bhfochair a chéile coitchianta. Ní raibh aon teóra leis an leanbh san chun ceistiúcháin, agus Niamh a caitheadh na ceisteana go léir a fhreagairt dó. Bhíodh ceisteana aige le cur chúichi i dtaobh an uile shaghas nídh; an spéir; an talamh; na cnuic; na h-aibhní; an ghrian; an ghealach; an duine; an bás; an saoghal eile; gach aon rud ar a bhféadadh sé cuimhneamh. Bhí an chiall agus an breitheamhantas go h-áluinn aici-sin agus, gan a leigint uirthi go raibh sí ’ghá dhéanamh, chuir sí isteach i n-aigne an leinbh sin eólus ar an gCreideamh chómh cruinn agus chómh h-iomlán agus chómh fórlíonta agus a dh’fhéadfadh Colla féin a dhéanamh. Ní déarfainn ná gur dhein sí an gnó níb’ fhearr ’ná mar fhéadfadh Colla é dhéanamh. Mar gheall ar an gcion a bhí ag an leanbh uirthi, agus aici air, do tugadh an t-eólus agus do glacadh an t-eólus ar chuma nár bh’ fhéidir é thabhairt ná é ghlacadh dá mb’ é Colla, nó duine mar é, a bhéadh i n-inead Niamh.
Nuair a bhíodh na ceisteana a bhaineadh leis na neithibh a thagadh fé n-a shúilibh réidhtighthe dó d’iompuigheadh an leanbh ar na ceisteanaibh a thagadh os cómhair a aigne, agus ansan ar na ceisteanaibh a bhain le h-Éirinn agus le ríghthibh Éirean, agus le naoimh na h-Éirean, le teacht an Chreidimh go h-Éirinn agus le dílse na nGaedhal do’n Chreideamh. Ansan, do cheistigheadh sé í ar theacht na Lochlanach agus ar an léirsgrios teine agus fola a dheinidís i gcómhnuighe nuair a thagaidís, agus d’innseadh sí dhó gach aon rud fé mar a bhíodh le h-innsint. Ní baoghal ná gur mhínigh sí dhó go soiléir na gníomhartha móra a dhein a shean-athair ar na Lochlanaigh i gcaitheamh a shaoghail, agus na gníomhartha a dhein a athair féin, Murchadh, ortha, agus dritháracha a athar.
Leanbh mór ab eadh é d’á aois. Nuair a bhí sé chúig bliana dh’ aois bhí sé chómh mór le leanbh a bhéadh seacht nó h-ocht de bhlianaibh. Bhí an dúchas garbh ann agus thug sé leis an dúchas. Níor bh’fhada go raibh sé ag breith suas ar bheith chómh h-árd, geall leis, le Niamh féin. Chíodh na daoine i n-aonfheacht iad ag gluaiseacht ar fuid na mbánta agus an ceistiúchán ar siúbhal.
Nuair a chíodh na daoine mar sin iad do chuimhnighdís ar “Eachtra Thaidhg mhic Céin,” agus ar “Chonnla Ruadh,” mac Cuinn Chéadchathaigh, agus ar an mnaoi do rug léi Connla. Bhí ’fhios ag gach aoinne gur bh’ óigbhean ana naomhtha, ana dhiadha, Niamh, agus bhí ’fhios acu go raibh Toirdhealbhach óg lán de naomhthacht agus de Chreideamh agus de gach aon tsaghas eile deagh-thréithe aigne, mar gheall ar an oileamhaint aigne a bhí aige d’á fhághail ó Niamh.
Níor bh’fhada gur thug na daoine “Connla” mar ainim cheana air. Níor thugadar “Connla Ruadh” air, mar ní ruadh a bhí sé ach donn. Nuair a bhí “Connla” ag gach aoinne air is “Connla” a bhíodh ag Niamh air.
Nuair a tháinig an sgéal áthais go h-Uíbh Máine go raibh Amhlaoibh ag glacadh an Chreidimh bhí áthas ana mhór ar Chonnla. Bhí oiread áthais air agus bhí ar Niamh.
“A Niamh,” ar seisean léi, “an bhfuil ’fhios agat cad a dhéanfainn-se dá mbéinn am’ Árdrígh?”
“Ní fheadar, a Chonnla,” ar sise. “Is dócha gur rud éigin fóghanta a dhéanfá.”
“Chuirfinn fheuchaint ar na Lochlanaigh go léir,” ar seisean, “an Creideamh do ghlacadh.”
“Ach, a Chonnla,” ar sise, “ní bhéadh aon tairbhthe sa ghníomh san.”
“Cad ’n-a thaobh, a Niamh?” ar seisean.
“Ní féidir Creideamh a ghlacadh,” ar sise,“ach le saor thoil. Ní Creideamh i n-aon chor é mura nglactar é le saor thoil.”
“Tuigim,” ar seisean. “D’fhéadfadh duine a rádh, ‘Creidim,’ ’n-a chaint, agus gur, ‘Ní chreidim,’ a bhéadh istigh ’n-a chroídhe.”
“Go díreach,” arsa Niamh.
“Má ’seadh,” arsa Connla, “chuirfinn an Creideamh d’á mhúineadh dhóibh, agus ansan, nuair a bhéadh an t-eólus acu do ghlacfaidís an Creideamh le saor thoil.”
“Ní dhéanfadh an t-eólus féin an gnó, a Chonnla,” arsa Niamh, “gan rud eile i dteannta an eóluis.”
“Cad é an rud eile bhéadh uatha, a Niamh?” arsa Connla. “Ar nóin nuair a bhéadh eólus ar an bhfírinne ag duine ní fhéadfadh sé gan an fhírinne chreideamhaint.”
“D’fhéadfadh duine cur i gcoinnibh an Chreidimh, a Chonnla,” arsa Niamh, “pé eólus a múinfí dhó ar na fírinníbh, mura bhfaghadh sé congnamh agus solus ó ghrásta Dé.”
“Ó, tuigim,” arsa Connla, “agus tugan Dia a ghrásta do’n t-é a dheinean a dhícheal ó n-a thaobh féin.”
“Tugan,” arsa Niamh, “agus tugan sé a ghrásta do’n duine sin chun an díchil sin a dhéanamh.”
“Moladh go deó le Dia!” arsa Connla.
Tháinig an tuairisg go raibh Amhlaoibh chun bheith n-a shagart. Ansan iseadh bhí an obair ag Niamh chun gan a leigint uirthi le Connla go raibh an dá mhachtnamh úd os cómhair a h-aigne agus é ag teip uirthi iad do thabhairt d’á chéile. Dhein sí an bheart, ámhthach, maith go leór. Bhí Connla ró óg. Ach d’á óige a bhí sé do chuaidh ’n-a luighe ar a aigne nár thaithn an sgéal ró mhaith le Niamh. Níor fhéad sé dul a thuille.
Nuair a tháinig an sgéal uathbhásach ná raibh aon tuairisg ar Amhlaoibh bhí iongnadh agus alltacht i gceart ar Chonnla. Chonaic sé an bhuairt go léir ar Thadhg Óg ua Chealla. Bhí uaigneas agus buairt a dhóthin air féin. Chonaic sé go raibh buairt ar Niamh, ach níor mheas sé gur bh’í an bhuairt cheart í. Do lean sé ar feadh tamail ag cur ceisteana chúichi’n-a thaobh, ’ghá fhiafraighe a’ raibh aon tuairisg air; cad ba dhóich léi a bhí imthighthe air; a’ raibh aon tsúil go dtiocfadh sé thar n-ais; cé r’ bh’ iad a mhuintir; agus a lán ceisteana de’n tsórd san. Ní raibh aon eólus aici le tabhairt dó go dtí go bhfuair Caoilte gach aon rud amach i dtaobh Amhlaoibh. Ansan féin do coimeádadh an sgéal ó Chonnla go dtí go raibh an Árdrígan, Gormfhlaith, imthighthe agus na slóighte ar na bóithribh ag dul go h-áit an choinne chun an chatha mhór do throid i gcoinnibh na Lochlanach.
Nuair a bhí an t-ollamhughadh chun gluaiste d’á dhéanamh i ríghtheighlach Bhriain i gCeann Cora do measadh Connla dh’fhágáilt thíos i n-Inis Cathaigh fé láimh Cholla. Ní fhanfadh she ann.
“Táim chúig bhliana déag,” ar seisean. “Ní raibh m’ athair ach chúig bhliana déag nuair a mhairbh sé Maolmuaidh i mBealach Leachta. Ní raibh mo shean-athair ach chúig bhliana déag nuair a thóg sé claidheamh i gcoinnibh na Lochlanach. Tá sé chómh ceart agam-sa claidheamh a thógaint agus mé i n-aois mo chúig mblian ndéag agus bhí sé agam’ athair agus agam’ shean-athair.”
B’éigean a shlígh féin a thabhairt dó, agus do tugadh. Bhí áthas ar Bhrian agus ar Mhurchadh nuair a fuaradar é chómh ceapaithe ar dhul sa chath. Bhí rud eile, leis, sa sgéal. Bíodh ná raibh Connla ach na chúig bhliana déag, ba bheag ná go raibh sé chómh h-árd le n’ athair agus bhí an ghairbheacht agus an neart ins na géagaibh aige mar a bhí agá athair. An Lochlanach a thiocfadh ’n-a choinnibh sa chath níor bh’ fholáir dó bheith láidir go maith nó bhéadh Connla maith a dhóthin dó.
Nuair a bhí an méid sin socair agus an mhór-shluagh ar an slígh, do labhair Connla le Niamh.
“A Niamh,” ar seisean, “tá ceist agam le cur chúghat, agus caithfidh tu labhairt agus an cheist do fhreagairt dom.”
“Deanfad gan amhras, a Chonnla,” ar sise,“má fhéadaim é.”
“Féadfair,” ar seisean. “An t-eólus atá uaim tá sé agat-sa. Tá an t-eólus céadna ag Tadhg Óg. Ar feadh tamail tar éis Amhlaoibh a dh’imtheacht bhí ana bhuairt ar Thadhg, díreach mar a bhí orm féin, agus mar is dóich liom a bhí ort-sa. Le déanaighe, má thráchtan aoinne ar Amhlaoibh i láthair Thaidhg dubhan gnúis Thaidhg. Tá fuath fíochmhar aige d’ Amhlaoibh. Siní mo cheist, a Niamh. Cá bhfuil Amhlaoibh? An bhfuil sé beó? Pé ’cu beó nó marbh dó, inis dom cad a dhein sé ar Thadhg?”
B’éigean di teacht i dtusach an sgéil agus é go léir a dh’innsint dó, ó thusach go deire.
D’éist Connla le Niamh an fhaid a bhí sí ag innsint an sgéil agus é ’n-a shuidhe le n-a h-ais sa chárbat, agus iad féin agus an tsluagh ag gluaiseacht go réidh. D’inis sí dhó i dtaobh na cailíse; i dtaobh na h-eochrach; i dtaobh an phúicín a cuireadh ar Chaoilte thall i gCathair na Beirbe; i dtaobh na leitire a tugadh dó nuair a bhí sé ar an loing ag teacht anall go Corcaigh; agus i dtaobh conus mar a dheineadar amach gur bh’ aon Amhlaoibh amháin an dá Amhlaoibh agus gur chun caoi a dh’ fhághail ar an gcailís a ghuid do leig sé air an Creideamh a ghlacadh agus na mion-Úird do ghlacadh. D’éist Connla leis an sgéal go léir gan focal do labhairt. Bhí iongnadh ar Niamh a rádh go raibh sé chómh ciúin. Bhí a chúis féin aige leis.
Nuair a chonaic sé Amhlaoibh ag teacht ar dtúis go Ceann Cora agus go h-Uíbh Máine agus nuair a bhíodh an rince ar siúbhal, ba chuimhin leis gur airigh sé an focal: “Nách áluinn an lánmha a dhéanfaidís!” Níor thaithn an focal an uair sin leis, d’á óige a bhí sé. Ba leis féin Niamh, dar leis, agus níor theastuigh uaidh aon éileamh a bheith ag Amhlaoibh ná ag aoinne eile uirthi. Bhí cion an uair sin aige ar Amhlaoibh, mar a bhí ag gach aoinne, ach má bhí féin níor thaithn an focal úd leis.
An fhaid a bhí sí ag innsint an sgéil dó bhí sé ag cuimhneamh ar an bhfocal úd agus bhí uabhar agus bochtaineacht agus fearg agus diombágh agus buile seirbhthin ’n-a chroídhe, a rádh gur labhradh an chaint sin riamh agus gur cuireadh i n-aice ’chéile sa chaint Niamh agus a leithéid de ropaire fill agus éithigh agus díthchreidimh.
Nuair a bhí cúrsaí na cailíse innste aici dhó d’inis sí dhó gnóthaí Ghormfhlaith agus conus mar a bhí sí féin i gCeann Cora chómh fada agus í ag faire le h-eagla go dtabharfadh Gormfhlaith nimh do’n Árdrígh.
Níor bhain sí aon fhocal cainte as go dtí gur inis sí obair Lonáin dó. Ansan do gháir sé a dhóthin, agus nuair a bhí an sgéal go léir innste dhó do sgeartadh sé ar gháirí, as a mhachtnamh, nuair a chuimhnigheadh sé ar an gcleas a dhéin Lonán.
Ach do lasadh an fhearg airís, ar buile, gach aon uair a chuimhnigheadh sé ar an bhfocal úd, “Nách áluinn an lánmha a dhéanfaidís!” Agus a fhios aige ná raibh ag Amhlaoibh ’á dhéanamh i gcaitheamh na h-aimsire go léir ach feall!
Bhí an doimhneas ann, ó n-a shean-athair, agus níor thug Niamh fé ndeara i n-aon chor go raibh a leithéid d’ fhearg air. Ach bhí.
An uair úd do rith an cailín isteach mar a raibh Sitric agus Maolmórdha agus Amhlaoibh agus Gormfhlaith ag caint, agus adúbhairt sí go raibh an cuan lán de loingeas, do rith, mar a dúbhradh, an ceathrar amach go bhfeicfidís na loingeas.Chonacadar iad ach ní raibh oiread acu ann agus mheasadar ba cheart a bheith ann. Ní raibh ann ach loingeas Shíguird ó Ínsibh Orc. D’ aithin Sitric iad.
“Is ceart dúinn dul amach chun cainte leis an Iarla,” arsa Gormfhlaith.
“Is fíor san, a mháthair,” arsa Sitric, “ach ní mór dhom nídh áirighthe a dh’ innsint duit-se ar dtúis.”
“Cad é an nídh é?” ar sise.
“Nídh a bhainfidh gáire asat,” ar seisean, agus do stad sé.
“Sgaoil chúghainn é!” ar sise. “Má bhainean sé gáire asainn ní miste dhuit é sgaoileadh chúghainn. Cad é an greim atá agat air?”
“Gheallas nídh do’n Iarla so. Ní thiocfadh sé liom go dtí gur thugas an gheallamhaint dó.” Do stad sé airís. (Bhí Maolmórdha láithreach.)
“Ochón!” ar sise, “is agat atá an greim air. Cad a gheallais dó?”
D’iompuigh sé uirthi agus d’ fheuch sé uirthi.
“Gheallas tusa dhó!” ar seisean.
“Is maith a dheinis é,” ar sise, “rud a gheallamhaint dó ná raibh ar do chumas a thabhairt dó. Ní dóich liom, ámhthach, gur maith a dhein seisean é agus an gheallamhaint sin do ghlacadh uait.”
“Do ghlac sé an gheallamhaint agus do tháinig sé. Mura mbéadh gur thugas an gheallamhaint dó ní thiocfadh sé. Dar leis, agus dar leó go léir, ní’l bean eile sa domhan chómh breagh leat-sa.”
“Agus conus a bheidh an sgéal agat ar ball má dhiúltuighim-se do’n gheallamhaint do chómhlíonadh?”
“Bhí san sa mhargadh. Gheallas go bhfaghadh sé thu le m’ lán toil-se. Bhí fhios aige go maith ná féadfadh sé thu dh’fhághail i gcoinnibh do thoile féin. Mar a deirir, is ceart dul amach agus labhairt leis, agus fáilte chur roimis agus roime n-a mhuintir, roimis na daoine a tháinig i n-aonfheacht leis. Ná leig ort leis, a mháthair, go bhfuil fhios agat gur gheallas dó go bhfaghadh sé thu, ach bí chómh séimh chómh cneasda leis agus a dh’ fhéadfair a bheith. Fear láidir tréan cuthaigh iseadh é, agus má gheibhean sé thusa séimh gealgháiriteach leis is troime-de a bheidh a bhuille ar fhearaibh Éirean nuair a thiocfaidh an cath.”
“Tá go maith, a mhic ó,” ar sise. “Teánam agus feicimís é, agus feiceadh sé sinn.”
Do ghluais an ceathrar síos chun an chalaith. Ag gabháil síos an uair sin dóibh iseadh chonacadar an cailín agus an bosca fíona aici agus í ag dul siar go Sórd. Níor chuireadar aon tsuim inti. Chuirfidís suim inti dá mbéadh fhios acu go raibh an dá leitir úd istigh ’n-a brollach aici. Ní raibh aon phioc d’á fhios acu, agus chomáineadar leó gan aon tsuim a chur inti.
Chuadar isteach sa bhád, bád an rígh. Bhí fir an rígh ann i gcómhnuíghe agus iad ollamh ar an mbád do ghleusadh, fé sheóltaibh dá mbéadh gaoth ann, nó fé bhataíbh ramha dá mba ná béadh gaoth ann. Bád breagh mór órnáideach ab eadh é, agus bhí gach aon chóir d’á uaisleacht agus d’á dhaoire ar bórd air, mar ba cheart a bheith ar bhád an rígh. Pé áit ’na bhfeictí ar an gcuan é do h-aithnightí é mar gheall ar ghlaine agus ar uaisleacht a dhathana.
Bhí gaoth ann an lá san agus do cuireadh suas na seólta. Do ghluais an bád an cuan amach, i dtreó na h-áite ’n-a raibh na loingeas iasachta. D’ aithin Sitric long an Iarla. Do tugadh aghaidh ar an loing sin. Do tagadh ’n-a h-aice. Chómh luath agus bhíodar i n-aice na loinge d’aithin an t-Iarla Sitric. Do cuireadh an dréimire síos láithreach idir an long agus an bád agus chuaidh an ceathrar ar bórd na loinge. Chuir an t-Iarla na mílte fáilte roimis an rígh, rígh Lochlanach Átha Cliath, agus roim Ghormfhlaith. Ní raibh aithne roimis sinaige ar Mhaolmórdha ach do cuireadh aithne acu ar a chéile. Bhí sean aithne aige ar Amhlaoibh. Théidheadh Amhlaoibh óthuaidh go minic go h-Ínsibh Orc ag breith teachtaireachtaí ag triall ar an Iarla ó Shitric, agus ag tabhairt eóluis dó ar an gcuma ’n-a mbíodh gach nídh ag dul chun cinn i n-Éirinn. Bhí Amhlaoibh tar éis a dh’innsint do’n Iarla, ar na cuardaibh sin, conus mar a bhí Brian ana aosta agus conus mar a bhí gnó ar siúbhal a chuirfeadh Brian as an slígh, díreach um an dtaca ’n-a mbéadh cómhacht Lochlan ollamh ar theacht go h-Éirinn chun an ghnímh a dhéanamh. Ní baoghal, ámhthach, gur thug Amhlaoibh aon eólus do’n Iarla ar cia a bhí chun an ghnótha dhéanamh do Bhrian nuair a thiocfadh an t-am. D’á bhrígh sin ba bheag ná gur bh’ í céad cheist a chuir an t-Iarla chúcha ’ná conus a bhí Brian.
“Tá sé chómh maith, a rígh,” arsa Maolmórdha, “agus is féidir d’fhear a bheith sa n-aois atá aige, ach ní fheadramair cad é an neómat a gheóbhmís tásg a bháis.”
“An amhlaidh atá aon bhreóiteacht air, a rígh?” arsa’n t-Iarla.
“Ní h-amhlaidh, a rígh,” arsa Maolmórdha. “Is amhlaidh atá duine curtha agam-sa ag tabhairt aireachais dó, duine d’á mhuintir féin, duine de’n bhuidhin a bhíon ’n-a seasamh i n’ aice coitchianta, duine d’á bhuidhin chosanta. Curfar sleagh ’n-a chroídhe nuair is lúgha a bheidh coinne aige leis. Ansan ní bheidh ’n-a mhór-shluagh ach mór-shluagh gan cheann. Tuitfidh a chómhacht as a chéile. Beidh Éire againn féin, agus beidh Sitric i n’ Árdrígh ar Éirinn.”
D’fheuch an t-Iarla ar Shitric, chómh maith le n-a rádh, “An é sin a gheallais-se dhómh-sa?” Do labhair sé:—
“Do réir mar a thuigim-se an sgéal,” ar seisean, “dá n-imthigheadh aon nídh ar Bhrian anois bhéadh Éire ag an Árdrígain, agus ag an bhfear a phósfadh í.”
Do phreab aigne Ghormfhlaith nuair airigh sí an focal san.“Ó,” ar sise, ’n-a h-aigne, “Ní mise a bhéadh uait ach an Árdrígheacht! ‘Mo ghrádh thu agus rud agat.’”
Ní raibh focal a’ h-aoinne ar feadh tamail. Do labhair Amhlaoibh agus é ag gáirí.
“Gan dabht!” ar seisean. “Dá n-imthigheadh aon rud ar Árdrígh Éirean is ag an Árdrígain a bhéadh an Árdrígheacht, agus ag an t-é go dtabharfadh sí dhó an Árdrígheacht. Marbhuighmís Brian ar dtúis agus ansan beidh fhios againn cad a dhéanfaidh an Árdrígan.”
“Is fíor,” arsa’n t-Iarla. “Marbhuighmís Brian ar dtúis. Ní’l brígh ná éifeacht le caint go dtí go mbeidh san déanta ar dtúis. An fear san a chuiris-se ag tabhairt aire do Bhrian,” ar seisean le Maolmórdha, “má dheinean sé a ghnó go maith, agus go luath, beidh caoi ag an Árdrígan ar a taobh féin de’n ghnó dhéanamh. Ansan iseadh bheidh éifeacht le caint. Go dtí san ná deintear a thuille cainte.”
“Dar so ’s súd!” arsa Gormfhlaith ’n-a h-aigne féin, “ach má bhíon Árdrígheacht agam-sa le tabhairt d’ aoinne ní baoghal gur duit-se thabharfad í, a bheithigh allta! Ó! is mór idir thu agus Brian, d’á olcas é! Agus is mór idir thu agus Bruadar!”
“Bara na teangan go mbaintear amach as do bhéal, a bhrealláin!” arsa Sitric, i n’ aigne féin, le Maolmórdha.
“Ba mhaith linn na fir a thugais leat a dh’fheisgint, a rígh,” arsa Amhlaoibh leis an Iarla.
Do rug an t-Iarla leis iad ó loing go loing agus thaisbeáin sé a shluagh dhóibh. Ní ró shuaimhneasach an aigne a bhí ag aoinne de’n cheathrar tar éis an méid úd cainte, agus ní suaimhneas ar fad a chuir an radharc a taisbeánadh dóibh ortha. Chonacadar fir mhóra láidire agus airm mhaithe ghéara ’n-a lámhaibh acu, agus a dheabhramh ortha go rabhdar ábalta ar úsáid a dhéanamh go neamh-eaglach agus go cródha des na h-airm. Chuir san sásamh aigne ar an gceathrar. Ach dochonacadar, i n-éaghmuis na bhfear, sloigisg ban agus leanbh agus gan ionta, nách mór, ach daoine fiaine. Is ceart a dh’ admháil go dtáinig uabhar agus bochtaineacht ar an uile dhuine de’n cheathrar nuair a thuigeadar n-a n-aigne cad é an cor a bhéadh ar Éirinn agus ar Ghaedhlaibh Éirean nuair a leigfí an tsloigisg sin isteach ortha agus an buadh acu. Ach má bhí uabhar agus bochtaineacht ortha do bhrughdar fútha é. Choimeádadar istigh é. Níor dheineadar oiread agus a dh’admháil d’á chéile ’n-a gcaint gur mhothuighdar istigh é. Sin mar a bhíon i gcómhnuighe ag an t-é a dheinean an droch ghníomh. Chun sásamh aigne thabhairt dó féin iseadh dhéinean sé an droch ghníomh, agus ar ball isé rud a thagan as dó ’ná mí-shásamh aigne, agus seirbhthean aigne, agus buaireamh aigne, agus cancar agus tré chéile aigne. Ansan bíon an tré chéile aigne laistigh aige agus an gealgháire lasmuich aige, agus is mór an truagh é.
Tháinig an ceathrar abhaile go ríghtheighlach Shitric agus dheineadar an ceann ab fhearr de’n ghnó, chómh maith agus d’fhéadadar é, ’n-a gcaint. Mholadar an t-Iarla mar gheall ar a mhéid agus ar a neart. Dar leó, ní raibh aon fhear ar theighlach Bhriain a dh’ fhéadfadh seasamh ’n-a láthair agus é throid: Mholadar na fir a bhí aige, agus na h-airim a bhí acu. Ní dúbhradar puínn i dtaobh na mban agus na leanbh. Níor mhaith le Gormfhlaith cuimhneamh ortha i n-aon chor, bhíodar chómh grána chómh salach chómh fiain.
D’imthigh Maolmórdha. Bhí a shlóighte féin ag teacht isteach ó árdaibh Cúige Laighean. Níor mhór dó dul agus feuchaint chúcha.
Nuair a bhí sé imthighthe do labhair Sitric.
“Greadadh chuige,” ar seisean,“ba dhóbair dó an donus a dhéanamh orainn! Mura mbéadh Amhlaoibh bhí an donus déanta aige. Nách uathbhásach an sgéal ná féadfadh sé a bhéal a dh’ osgailt gan toirmeasg éigin a dhéanamh! Mura mbéadh a thapamhlacht a labhair Amhlaoibh do dhéanfadh sé an donas.”
“Tá ’fhios ag an dtalamh,” arsa Amhlaoibh, “gur mheasas go mbéadh an sgéal go léir sgaoilte amach aige sar a mbéadh uain agam ar labhairt!”
“Ní fheicim cad é an díobháil a bhéadh déanta dá dtigeadh leis an sgéal go léir do sgaoileadh amach,” arsa Gormfhlaith.
“Ní bheidhfeá mar sin, a mháthair,” arsa Sitric, “dá mbéadh fios an sgéil go léir agat. Dá mbéadh an chuid eile de’n sgéal agat chífeá go h-áluinn cad é an díobháil a dhéanfadh sé agus cad é an díobháil ba dhóbair dó a dhéanamh.”
“Aililiú!” ar sise. “Inis-se dhom an chuid eile de’n sgéal, a Amhlaoibh, nuair ná neósfadh sé seo dhom é.”
“Ní’l puínn deifrigheachta,” arsa Amhlaoibh, “idir an dtaobh atá agat agus an taobh eile. Gheall Sitric go dtabharfadh sé thusa do’n Iarla. Ansan, nuair a bhí sé ag caint le Bruadar, gheall sé dhó go dtabharfadh sé thusa dhó! Taoín tú geallta dhóibh araon, a mháthair. Má gheibhid siad araon amach é beidh spórt againn!”
Chaith sí í féin i gcathaoir agus ba dhóich leat go dtuitfeadh an t-anam aisti le neart gáirí. Do gháir sí, agus do gháir sí airís.
“Ó!” ar sise fé dheire, “feuch air sin! An ’mó duine eile gur gheallais mé dhóibh?” (Bhí ’fhios aici go raibh sí geallta do Bhruadar.)
“Níor gheallas tu ach do’n bheirt sin, a mháthair,” arsa Sitric.
“Ach!” ar sise, “is olc a dheinis é! Bhíos ag brath air go mb’fhéidir gur gheallais mé do bheirt mhac rígh na h-Ioruaidhe. Ar gheallais-se d’ aoinne mé?” ar sise le h-Amhlaoibh.
“Níor gheallas, a mháthair,” ar seisean,“ach is dócha go mbeidh Bruadar, agus loingeas rígh Lochlan aige, ag teacht isteach sa chuan so ar maidin amáireach. Chuadhmair amach chun cainte leis an Iarla, leis an bhfear mór mileata meirgeach. Ní foláir dul amach chun cainte le Bruadar nuair a thiocfaidh sé. Dá n-airigheadh sé gur chuadhais-se amach chun cainte leis an bhfear meirgeach agus gan tu dhul amach chun cainte leis féin b’fhéidir go dtiocfadh éad air.”
“Tá go maith,” ar sise. “Raighmíd amach chun cainte leis.” Agus chuir sí sgeartadh gáire eile aisti.
“Seachain, a mháthair,” arsa Sitric, “agus ná tuigeadh sé uait go bhfuilir geallta do’n Iarla.”
“Ní baoghal duit,” ar sise. “Is amhlaidh a bheidh sé a d’ iaraidh a thuisgint go bhfuilim deimhnighthe dhó féin.”
Nuair a tháinig an mhaidion d’ fheuchadar amach ar an gcuan. Bhí cabhlach loingeas a bhí dhá uair chómh mór le cabhlach an Iarla tar éis teacht isteach sa chuan agus tar éis inead do ghlacadh laistigh de chabhlach an Iarla, fan na trágha, ar an dtaobh thuaidh de’n chuan. Bhí a lán des na fir, a’ cabhlach an Iarla, tar éis imtheacht as na loingeas agus dul i dtír, lastuaidh de’n chuan, agus cábáin a chur suas dóibh féin, agus teinte do lasadh chun bídh a dh’ ollamhughadh agus leapacha dhéanamh dóibh féin agus tuirse na faraige chur díobh. Bhí na daoine a bhí sa chabhlach mhór a tháinig i gcaitheamh na h-oídhche ag tusnughadh ar an rud céadna dhéanamh. Bhí na báid, agus iad lán de dhaoine agus d’ adhbhar na gcábán, ag fágáilt na loingeas agus ag imtheacht amach tré chúbhar na trágha, chun an tailimh tirim.
Níor bheag d’uathbhás a raibh de loingeas sa dá chabhlach. Nuair a bhí na h-ancaireacha curtha amach acu agus iad ’n-a stad, agus iad i n-aon líne amháin, fan na trágha, do shrois an líne ó Bheinn Éadair go h-Áth Cliath nách mór.
Do ghluais bád Shitric amach airís ó’n gcalaith i n-aice an ríghtheighlaigh, agus do ghluais sé i dtreó na loinge ar a raibh Bruadar. Chuaidh Gormfhlaith agus Sitric agus Amhlaoibh ar bórd na loinge sin. Chuir Bruadar na mílte fáilte rómpa.
“Ó,” ar seisean le Gormfhlaith, “nách óg a dh’fheuchan tú, a Árdrígan!”
“Ní h-aon iongnadh é sin, a rígh,” ar sise. “Ní h-aon iongnadh mé bheith ag feuchaint óg an fhaid atáim óg. Ní rabhas ach seacht mbliana déag nuair a rugadh é seo,” ar sise, (b’é sin Sitric) “agus ní’l sé seo puínn thar fiche bliain fós. Ní ceart seana bhean a thabhairt orm go dtí go mbeidh mé a dachad an chuid is lúgha dhé.”
“Ní tabharfar seana bhean ort choídhche, a Árdrígan,” ar seisean. “Taoín tú ag feuchaint chómh h-óg an neómat so agus bhís an lá a phósais Amhlaoibh. Mheasas ná raibh agat ach aon mhac amháin le h-Amhlaoibh agus go bhfuair Amhlaoibh bás sar ar rugadh an mac san.”
“Is iongantach an fear chun plámáis tú, a rígh,” arsa Amhlaoibh. “Dheinis tuathal ar dtúis nuair a dheinis an iongnadh d’ í bheith ag feuchaint chómh h-óg, ach do leighsis an tuathal nuair a dúbhrais go mbéadh sí ag feuchaint óg go deó.”
“Tá dearmhad ort sa méid úd, a rígh,” arsa Gormfhlaith. “Sidé an mac a rugadh tar éis bháis Amhlaoibh.”
“Ó, tuigim,” arsa Bruadar. “Sidé an t-Amhlaoibh Óg. Cad ’n-a thaobh nár innsis riamh dom cé r’ bh’é t’ athair, a bhitheamhnaigh?” ar seisean le h-Amhlaoibh.
“Le h-eagla go ndéanfainn bréag, a rígh,” arsa Amhlaoibh.“Nách shiní an Árdrígan tar éis a rádh leat ná feaca-sa m’ athair riamh. Conus fhéadfainn a dh’innsint duit cé r’ bh’ é agus ná feaca riamh é?”
“Is fíor,” arsa Bruadar. “Ach is cuma dhuit cé ’cu. Tá géarchúis do mháthar agat, agus tá a croicean agus a bláth ort.”
Níor thug Gormfhlaith uain dó ar a thuille plámáis a dhéanamh. Níor bheag léi a raibh ráidhte aige. Bhí sé ag taighde ar neithibh nár oir di é féin ná aoinne eile bheith ag taighde ortha.
“Thánamair chun go bhfeicfimís do neart slógh, a rígh,” ar sise.
“Tá go maith, tá go maith, a Árdrígan,” ar seisean.
Do rugadh ó loing go loing iad, agus do taisbeánadh gach aon rud dóibh. Conacadar na slóighte fear armtha, agus ba bhreagh an radharc iad. Fir mhóra láidire chumasacha, agus na h-airm ar áilleacht acu. Do taisbeánadh dóibh an deich gcéad fear n-a raibh na h-éidí mitil ortha. Dúbhairt Bruadar leis na fearaibh na h-éidí do chur umpa go bhfeicfeadh an Árdrígan iad. Do chuireadar.
“Ó!” arsa Gormfhlaith. “Geóbhaid siad san tré shlóightibh Bhriain mar a gheobhadh buanaidhthe tré pháirc cruithneachtan a bhéadh aibigh!”
Do rugadh iad chun na loinge ar a raibh beirt mhac rígh na h-Ioruaidhe, Carrol Cnút agus Anrud.
Ní fheacaidh an bheirt sin Gormfhlaith riamh go dtí san, ach d’ airighdar teacht tháirse. D’ airighdar daoine a chonaic í ag trácht ar a h-áilneacht. Bhí fhios acu gur bhean áluinn thar bár í. Ach nuair a chonacadar í ba dhóbair dóibh a mbéasa agus a stuaim do chailleamhaint, chuir a h-áilneacht a leithéid sin d’iongnadh ortha. Ní fhéadaidís gan bheith ag feuchaint uirthi, agus ansan nuair fheuchaidís uirthi ní fhéadaidís a súile bhogadh dhi.
Bhí an tsluagh ar an gcuma gcéadna. An fhaid a bhíodh sí ag gabháil thórsa ní fhéadaidís aon rud a dhéanamh ach bheith ag feuchaint uirthi. Dá mb’ iad na mná féin iad bhí an sgéal ar an gcuma gcéadna acu. Nuair a ghabhadh sí thórsa do rithidís tímpal chun teacht roímpi agus radharc eile dh’ fághail uirthi.
Thugadar a lán de’n lá ag gabháil tímpal ó loing go loing. Nuair a bhí an fheuchaint déanta acu thánadar abhaile go ríghtheighlach Shitric.
“Seadh!” arsa Gormfhlaith, nuair a bhíodar ’n-a suidhe ar a suaimhneas i n-aice na teine, “tá m’ aigne sásta. Ní’l aon bhreith ag Brian ar bhuachtaint sa chath so atá le troid anois aige. Bhí an t-eagla i gcómhnuíghe orm roim Mhurchadh agus roim Dhál gCais, ach an deich gcéad úd ins na h-éidíbh práis, cuirfid siad san deire, glan, le Dál gCais. Nuair a bheidh deire le Dál gCais beidh deire le cómhacht Bhriain. Má dheinean Mícheál Ruadh an bheart atá geallta aige a dhéanamh is amhlaidh is fearr é, ach pé ’cu dhéanfaidh nó ná déanfaidh ní’l baoghal orainn anois.”
“Is maith liom mar a thaithnean an mhór-shluagh leat, a mháthair,” arsa Sitric. “Do fuaradh a lán d’á duagh. Níor bh’ aon ghnó ró shuarach an dá chabhlach loingeas san, agus na mílte fear san, do thabhairt ansan amuich ar uisge an chuain sin chúghat! Tá obair mhór déanta ag rígh Lochlan agus ag rígh na h-Ioruaidhe agus ag an Iarla, d’á mhéid de bheithigheach é. Tá obair mhór déanta acu go léir. Ní deintear obair mhór de’n tsórd san gan súil le díol as.”
“Cad í an ghruaim seo anois ort?” arsa Gormfhlaith.
“Tá eagal air,” arsa Amhlaoibh, “má bhuadhaid na ríghthe seo ar Bhrian go gcoimeádfaid siad toradh an bhuadha dhóibh féin.”
“Bhuailis do mhéar air, a Amhlaoibh,” arsa Sitric.“Ní sheasuighean sé le cóir ná le ceart ná le résún go dtiocfadh na fir seo anso agus go dtroidfidís cath fuilteach dúinne i gcoinnibh Bhriain, agus ansan, nuair a bhéadh Brian marbh, agus Murchadh, agus M’lsheachlainn Mór, agus Dál gCais go léir, go n-árdóchaidís a seólta agus go n-imtheóchaidís soir abhaile, agus óthuaidh abhaile, airís agus go bhfágfaidís Éire againne.”
“Cad é sin agat d’á rádh mar sin!” arsa Gormfhlaith. “Ná fuil slígh dhóibh go léir, agus dúinne ’n-a dteannta, i n-Éirinn!”
“Siné díreach atá orm, a mháthair,” arsa Sitric. “Tá eagal orm ná fuil, ’sligh dhóibh go léir agus dúinne ’n-a dteannta, i n-Éirinn.’ An focal úd adúbhairt an t-Iarla, an ‘beithigheach,’ a ndúbhraís féin, an focal úd adúbhairt sé le rígh Laighean tá sé daingean am’ chroídhe ó shin mar a bhéadh dealg. ‘Beidh an Árdrígheacht ag Gormfhlaith,’ ar seisean, ‘agus ag an bhfear a phósfaidh í.’ Is dócha go bhfuil an rud céadna istigh i n’ aigne féin ag Bruadar. Agus tá fhios ag an saoghal nách chun na h-Árdrígheacht do chur i n-áirighthe dhómh-sa, ná d’ aoinne de’n bheirt sin, a tháinig beirt mhac rígh na h-Ioruaidhe anso go h-Éirinn agus loingeas a n-athar acu, agus slóighte a n-athar, agus a dtír féin curtha fé chostas mhór throm acu. Tá eagal orm go bhfuil aimhleas, agus nách aimhleas beag é, déanta againn, agus nách fios conus a thiocfaimíd uaidh. B’ fhearr liom bheith fé Árdrígheacht Bhriain, a mháthair, ’ná fé Árdrígheacht aoinne de’n cheatrar.”
“Ní mac duit-se an fear san i n-aon chor, a mháthair!” arsa Amhlaoibh.“Mac d’ Amhlaoibh iseadh é. Deir a lán daoine liom nách mac d’ Amhlaoibh mise. Measaim go bhfuil an ceart acu. Mac duit-se iseadh mé. Cad is gádh dhuit-se, a Shitric, bheith fé smacht aoinne de’n cheathrar! Cuir i gcás go ndéanfaid na buanaidhthe an obair ar an gcruithneacht aibigh, agus go mbeidh Brian agus Dál gCais ’ar slígh na fírinne,’ mar adéarfadh Colla, cad a thuitfidh amach? Iompó’idh Bruadar agus an ‘Beithigheach’ ar a chéile agus troidfid siad cath fuilteach feuchaint cé aige go mbeidh Gormfhlaith agus an Árdrígheacht. Iompó’id beirt mhac rígh na h-Ioruaidhe ortha araon, nó ar an t-é a bheidh beó dhíobh, ’ghá chur i n-iúil nách ag aoinne acu is ceart an Árdrígheacht so do bheith ach ag duine acu féin, mar gur b’iad is sia ó bhaile do tháinig ’ghá h-iaraidh. Measaim, nuair a bheidh a gcuid coímhsgair déanta ag an gceathrar ná beidh puínn éilteóirí ag teacht idir thusa agus an Árdrígheacht, a mhic t’athar!——Inis an fhírinne, a mháthair; nách é an coímhsgar san idir an gceathrar an rud a chuir tusa ag cur an anama amach ag gáirí aréir nuair a h-innseadh duit go rabhais geallta do bheirt acu?”
“Fágaim le h-uadhacht, a Amhlaoibh,” arsa Gormfhlaith, “gur bhuailis do mhéar go cruinn ar an rud a chuir ag gáirí mé. Ní rabhas, ámhthach, ag cuimhneamh ach ar an mbeirt, ar Bhruadar agus ar an Iarla. Do chonac go soiléir conus a féadfaí an bheirt sin do chur ag dísgiú’ a chéile agus gur mé féin a dh’ fhéadfadh an bheart san a dhéanamh. Ach chím anois go bhféadfar an ceathrar do chur ag dísgiú’ a chéile go feilimionta. Féadfar é dhéanamh agus déanfar é. Ná bíodh ceist ná eagal ort, a Shitric. Dísgeó’id siad cómhacht Bhriain duit ar dtúis. Ansan dísgeó’id siad a chéile dhuit. Ansan beidh Árdrígheacht na h-Éirean agat ’n-a ndiaigh go léir!”
“Ní’l aon teóra libh!” arsa Sitric. “Ach déinig feuchaint bheag a thabhairt ar an dtaobh so de’n sgéal. Cuir i gcás go bhfuil a ngnó déanta ag an meithiol buanaidhthe seo atá cruinnighthe againn, agus go bhfuil an gort cruithneachtan ar lár. Chím an ceathrar i gcómhairle.
“‘Is liom-sa an Árdrígheacht agus an Árdrígan,’ adeir an t-Iarla.
“‘Cad a bhéarfadh gur leat-sa iad?’ adeir Bruadar.
“‘Mar do gheall Sitric féin dom iad, agus mura mbéadh gur gheall ní thiocfainn anso,’ adeir an t-Iarla.
“‘Ní dhuit-se a gheall Sitric iad,’ adeir Bruadar. ‘Is dómh-sa a gheall sé iad.’
“‘B’fhéidir,’ adeir duine de mhacaibh rígh na h-Ioruaidhe, ‘gur gheall sé do bheirt agaibh iad,’ agus cuirean sé gáire as. Gheibhtear amach gur thugas an gheallamhaint do’n bheirt. Eirighid siad ar buile.
“‘Téanaíg,’ adeirid siad. ‘Cuirimís ár neart le chéile agus tugaimís do Shitric an rud atá tuillte aige!’——B’fhéidir go neósfadh Amhlaoibh agus a mháthair do mhac Amhlaoibh cé air go ndéanfar dísgiú’ ansan.”
“Stad go fóil, a mhic Amhlaoibh,” arsa Amhlaoibh. “Cá bh’fhios duit an ’mó duine de’n cheathrar a thiocfaidh saor ó’n gcath?”
“Ní fheadar; ná an ’mó duine againn féin a thiocfaidh saor ó’n gcath,” arsa Sitric.
“Agus ar nóin, an t-é ná tiocfaidh saor ó’n gcath,” arsa Amhlaoibh, “cad é sin dó san cad a dhéanfaidh an Árdrígheacht?”
“Ná an Árdrígan, an eadh?” arsa Sitric.
“Is dóich liom, a bhuachailí,” arsa Gormfhlaith, “nách fearr rud a dhéanfaidh beirt agaibh anois ’ná dul a chodla.”
Chuadar a chodla.
Níor chodail Sitric aon néal an oídhche sin. Chómh luath agus tháinig solus an lae bhí sé thuas ar bhara an ríghtheighlaigh agus é ag feuchaint soir-óthuaidh ar an líne fada loingeas a bhí sínte ar an uisge ó Bhinn Éadair go h-Áth Cliath, agus ar an líne cábán a bhí sínte fan chiúmhais na trágha, amuich ar an dtalamh tirm, agus é chómh fada le líne na loingeas. Bhí an machaire, lasmuich des na cábánaibh, clúdaighthe le slóightibh dúbha daoine agus iad ag cur neithe i dtreó dóibh féin i gcóir bhéile na maidine. Bhí Sitric ag feuchaint ar na loingeas agus ar na cábáin agus ar na slóighte daoine, agus bhí a aigne ana thré n-a chéile.
“Is eagal liom,” ar seisean i n’ aigne féin, “nách é mo leas a dheineas nuair a thugas ansan sibh. Dá mbéadh sibh go léir sa bhaile airís, gach duine agaibh ’n-a dhúthaigh féin, bhéadh sibh ann tamal sar a’ dtabharfainn-se as sibh. Tá sé déanach agam anois bheith ag cuimhneamh air sin.”
Níor mhothuigh sé an Bhanríghin, Béibionn, ag teacht i n’ aice. Chuir sí a lámh ar a chuislinn agus bhí méar na láimhe eile ar a béal féin aici, mar chómhartha dó gan fothram a dhéanamh. D’fheuch sé uirthi.
“Ná labhair, a rígh!” ar sise leis i gcogar. “Tá nídh agam le h-innsint duit. Tar chun mo sheómra.”
An fhaid a bhí an méid sin cainte aici d’á rádh bhí a méar sínte aici i dtreó na h-áite ’n-a raibh na loingeas agus na slóighte, mar ’dh eadh gur ortha a bhí sí ag feuchaint agus ag trácht. Níor mhór di an gliocas. Ní raibh ach an cogar críochnuighthe aici nuair a bhí Gormfhlaith laistiar di. Do leansí ag caint go réid, mar ’dh eadh nár mhothuigh sí Gormfhlaith ag teacht:—
“Nách seóig a’ bhfuil ann díobh!” ar sise. “Feuch,” ar sise, “is dócha gur b’í an long mhór san i lár baill long an Iarla.”
“Ní h-í, a rígan,” arsa Sitric. “Siní long Bhruadair. An bhfeicean tú an long mhór eile úd thoir ar fad? An long go bhfuil an buthaire mór deataigh ag eirighe aisti?”
“Chím í,” arsa Béibionn.
“Siní long an Iarla,” arsa Sitric.
“Is moch ar maidin atáthaoí araon ’ghá n-iniúchadh, a chlann ó,” arsa Gormfhlaith laistiar de’n bheirt.
Do baineadh geit dáiríribh a’ Sitric mar níor mhothuigh sé ag teacht í. Do leig Béibionn uirthi gur baineadh geit aisti féin, leis, agus dhein sí an leigint uirthi chómh maith san gur shamhluigh an Árdrígan gur baineadh.
Thug an triúr tamal sa n-áit ag breithniughadh na loingeas agus na slógh. Ansan dúbhairt Béibionn go raibh an mhaidion glas, agus d’imthigh sí. Níor bh’ fhada go ndúbhairt Gormfhlaith gur bh’ fhíor do Bhéibionn é, go raibh an mhaidion glas, agus d’imthigh sí. Chómh luath agus a thuig Sitric ná raibh aoinne ’ghá thabhairt fé ndeara tháinig sé go seómra Bhéibionn.
“Cad é seo ort, a Bhéibionn?” ar seisean.
“Tá sé buailte isteach am’ aigne, a rígh,” ar sise, “go bhfuil éagcóir ’á déanamh ort, éagcóir throm.”
“Cad a bhuail an nídh sin isteach ad’ aigne?” ar seisean.
“Inis dom ar dtúis,” ar sise, “agus bí chómh cruinn agus d’fhéadfair ar na focalaibh, cad í an chaint a dúbhradh idir an gceathrar agaibh indé, idir thusa agus Bruadar agus Amhlaoibh agus do mháthair.”
D’inis sé dhi an chaint chómh maith agus d’fhéad sé é. D’éist sí leis go dtí go raibh an chaint ráidhte aige.
“Seadh!” ar sise, “thugais leat an chaint cruinn go leór.”
Ní fheidir sé an domhan cad a bhí ag teacht.
“Bhíos ag éisteacht libh aréir,” ar sise, “a gan fhios daoibh. Admhuighim é agus ní’l aon náire ’n-a thaobh orm. D’ airigheas do mháthair ’ghá rádh libh dul a chodla. Chuadhabhair a chodla. Ní fheadar ar chuais-se a chodhla ach tá fhios agam ná déigh Amhlaoibh a chodla. D’fhill sé thar n-ais agus thug sé féin agus do mháthair tamal maith de’n oídhche ag caint. Do taraingeadh anuas an uile fhocal de’n chaint a bhí eadraibh ar bórd na loinge. Dheineadar ana shult de’n chuma ’n-ar dhein sí amach ná rabhais-se ach fiche bliain d’ aois agus gur bh’é Amhlaoibh an mac léi a rugadh tar éis bháis a athar, ’sé sin tar éis bháis Amhlaoibh, agus gur mar gheall air sin a tugadh Amhlaoibh óg air. Ba dhóich leat go gcuirfidís araon an t-anam amach ag gáirí, fé n-a n-anál, an fhaid a bhí an méid sin ar siúbhal acu. Ach níor bh’ aon rud an méid sin suilt seachas an sult a bhí acu nuair a tharaingeadar chúcha conus mar a chuir do mháthair cosg leis an gcaint ar eagla go leigfeadh Bruadar amach sgéal áirighthe éigin, nídh éigin a theastuigh ó’n dtriúr a choimeád uait-se.
“Sidiad anois agat, a rígh, na ceisteana atá os cómhair m’ aigne agus atá ag déanamh buartha dhom. Cad é an nídh é seo atá acu d’á choimeád uait-se? Cad é an t-eólus é seo atá ag Bruadar agus ná fuil agat-sa, agus nár bh’fholáir an chaint do chosg ar eagla go leigfeadh Bruadar amach, ad’ láthair, aon bhalaith dhé? Cad é an brígh a bhí ag Amhlaoibh leis an sult a dhein sé, ad’ láthair féin, amuich ar an loing, de’n rud gur dhóich le h-aoinne go n-eistfeadh sé a bhéal ’n-a thaobh?—‘Cad ’n-a thaobh, a bhitheamhnaigh,’ arsa Bruadar, ’nár innsis dom ná feacaís t’ athair riamh?’—‘Le h-eagla,’ arsa Amhlaoibh, ‘go ndéanfainn bréag,’ agus, ’nách shiní mo mháthair ’ghá innsint duit ná feaca m’ athair riamh.’—Tá sédaingean am’ aigne, a rígh, go bhfuil níos mó idir an dtriúr ’ná mar a thuigean aoinne ach iad féin. Tá uisge-fé-thalamh d’á dhéanamh ad’ choinnibh, a rígh, agus neósfad duit cad é an t-uisge-fé-thalamh é. Má thuitean m’ athair-se táthar chun Árdrígh dhéanamh de Bhruadar.’
“Eist! eist! a rígan,” arsa Sitric. “Taoín tú as do mheabhair.”
“Feuch isteach sa sgéal,” arsa Béibionn, “agus breithnigh é, agus meaghaigh é, agus cuirfead geall go ndéarfair go bhfuil an ceart agam. Cad tá acu d’á choimeád uait? Siní an cheist. Cad tá acu le coimeád uait? Níor choimeádais-se aon nídh uatha-san riamh. Cad é an sgéal é seo atá idir iad féin agus Bruadar agus nách maith leó aon ghaoth dhé do leigint chúghat-sa?”
Do léim Sitric ’n-a sheasamh. Siúbhluigh sé an seómra síos agus suas ar feadh tamail, díreach mar a dhéanfadh a mháthair. Nuair a bhí greas rástála déanta aige do stad sé ar aghaidh na Banrighne amach:—
“Dar so ’s súd, a Bhéibionn,” ar seisean, “ach tá an ceart agat! Chím anois é go soiléir. Cad a dhall mé? Nách é é ’n-a steilibheathaigh! Agus ó, nách aithreamhail an mac é! Ó, cad a dhall mé! Cad a dhall mé! Déanfaidh sí Árdrígh dhé! Ansan déanfar Árdrígh d’Amhlaoibh ’n-a dhiaigh. Táim-se sa tslígh. Cad a chómhairleófá dhom a dhéanamh, a Bhéibionn?”
“Ná leig ort go bhfuil aon bhlúire droch amhrais agat ortha,” ar sise. “Sgaoil leó. Tá sluagh mhaith láidir agat-sa féin i gcóir an chatha so. Leig iad súd i dtreó Dhál gCais sa chath. Socaró’id Clann Chais a lán des na ceisteanaibh seo.”
“Is maith í do chómhairle, a Bhéibionn,” ar seisean.“Is truagh chráidhte nách í do chómhairle a ghlacas ó thusach i n-inead cómhairle Ghormfhlaith. Ó, nach baileach a choimeád sí uainn an méid úd!”
“Nuair a bhí Amhlaoibh i gCeann Cora agus i n-Inis Cathaigh iseadh thug sí an t-eólus dó,” arsa Béibionn.
“Is uathbhásach an bhean í!” arsa Sitric, “agus tá Amhlaoibh maith a dóthin di. Tá sé aithreamhail, máithreamhail.”
“Tá,” arsa Béibionn, “ach ní h-é an taobh fóghanta de’n dúchas a thug sé leis ó athair ná ó mháthair.”
“Ní puínn fóghantachta a dh’fhéadfadh sé a thabhairt ó aon taobh acu,” arsa Sitric.
Bhí an t-am ann chun dul fé dhéin béile na maidine. Chuadar isteach i seómra an bhídh. Bhí Gormfhlaith istigh rómpa.
“Móra dhaoibh, a chlann ó!” ar sise. “Ní h-iongnadh liom a lán cainte bheith agaibh le déanamh indiu. Ní dócha go mbeidh puínn eile caoi ar chaint agaibh go dtí go mbeidh buadh an mhór-chatha so ar taobh éigin. Ansan beidh gach aon nídh ar bhúr dtoil agaibh má bhíon an buadh ar an dtaobh gceart.”
“Agus má bhíon an buadh ar an dtaobh eile, a mháthair, cad a dhéanfaimíd?” arsa Sitric.
“Má bhíon an buadh ar an dtaobh eile,” arsa Gormfhlaith, “ní bheidh aon ghádh le caint againn. Deineadh gach fear a ghníomh féin sa chath agus ní baoghal ná go mbeidh an buadh ar ár dtaobh féin.”
“Cad tá ag coimeád Amhlaoibh?” arsa Béibionn.
“Ní fheaca indiu é,” arsa Gormfhlaith. “Is dócha go mb’fhéidir go bhfuil tuirse air tar éis an lae ’ndé.”
Chríochnuighdar an béile. Níor tháinig Amhlaoibh.
“Is fearr glaodhach air,” arsa Sitric. “Raghad agus glaodhfad air.”
D’imthigh sé. Níor bh’fhada gur fhill sé.
“Ní’l sé ’n-a sheómra,” ar seisean.
“Is mór an iongnadh,” arsa Gormfhlaith,“é dh’eirighe chómh moch. Má’s ag feuchaint ar ár mór-shluagh a bhí sé nách mór an iongnadh ná feacamair é.”
“Níor luigh sé ar a leabaidh i n-aon chor aréir, a mháthair,” arsa Sitric.
Tháinig iongnadh uirthi, díreach mar a thiocfadh dá mb’ a gan fhios a thiocfadh an sgéal uirthi. Níor bh’ eadh. Bhí fhios aici go maith nár chodail sé sa ríghtheighlach an oídhche roim ré. Dhein sí an iongnadh chómh maith san gur mheas an bheirt eile go raibh an iongnadh uirthi dáiríribh.
Bhí Amhlaoibh imthighthe amach go loing Bhruadair agus teachtaireacht aige do Bhruadar ó Ghormfhlaith.
Do ghluais Gormfhlaith ar fuid an ríghtheighlaigh ag ceistiúchán ar na seirbhísigh feuchaint cé ba dhéanaighe a chonaic an tighearna óg, Amhlaoibh, agus canad a chonacthas é. Ní bhfuair sí aon tuairisg air, nídh nár bh’iongnadh. Ní fheacaidh aoinne acu é ó chonacadar go léir é féin agus an rígh agus an Ardrígan ag teacht isteach ar an mbád um tráthnóna indé roimis sin.
Dhein Gormfhlaith dearmhad. Dhein sí an iomad ceistiúcháin. Nuair a chonaic Béibionn an ceistiúchán thuig sí ná raibh ann ach púicín. Thug sí cogar do’n rígh.
“Ní’l sa cheistiúchán san ach púicín, a rígh,” ar sise. “Tá fhios ag Gormfhlaith cá bhfuil Amhlaoibh imthighthe. Pé ball ’n-a bhfuil sé imthighthe, a rígh,” ar sise, “ní ar mhaithe le rígh Lochlanach Átha Cliath atá a thriall.”
“Is fíor,” arsa Sitric. “Ní foláir feuchaint go cruinn chun an méid sin sgéil,” ar seisean.
Ansan do labhair sé leis an mbeirt, le Béibionn agus le Gormfhlaith.
“Feuchaíg, a ríogna,” ar seisean.“Indiu an Mháirt. Ní dóich liom gur ró fhada uainn an cath. Tá slóighte an Árdrígh nach mór cruinnighthe i gCill Mhaighneann. Ní mór dóm-sa imtheacht agus neart slógh Lochlanach na h-Éirean do chur sa n-inead atá ceapaithe dhóibh ar talamh an chatha. Beid siad féin agus slóighte rígh Laighean i n-aice chéile. Is dóich liom go bhfuil na Laighnigh ollamh cheana féin. Fágfar anso oiread nirt agus chosanóchaidh an ríghtheighlach so pé cuma ’n-a ngeobhaidh an cath. Fanaigh-se araon anso istigh go dtí go mbeidh an buadh ar thaobh éigin. Má bhíon an buadh ag Brian ní baoghal go ndéanfaidh sé aon anchor a thabhairt d’ aoinne agaibh-se. Má bhíon an buadh againn féin beidh gach aon rud go maith.”
D’imthigh sé agus d’fhág sé ansan an bheirt.
B’ shiniad an bheirt ná raibh aon ghrádh ró mhór acu d’á chéile. Ach an t-é a chífeadh iad i bhfochair a chéile ní h-é sin ba dhóich leis.
Um an dtaca ’n-a raibh slóighte na Lochlanach agus a lucht conganta socair ’n-a gcábánaibh ar an machaire, fan na trágha, ar an dtaobh thuaidh de chuan Átha Cliath, bhí slóighte Bhriain ag teacht go tiugh isteach ar mhachaire Cille Maighneann, mar ar ghnáth le Brian longphort a dhéanamh i gcómhnuíghe nuair a thagadh sé féin agus a shlóighte andeas ó’n Múmhain, ag cur smachta ar Lochlanachaibh Átha Cliath, nó ag cur eagla a chómhachta ar na Gaedhlaibh a ghabhadh a bpáirt. Chuaidh gach rígh des na ríghthibh a tháinig andeas an uair sin chun na h-áite ’n-ar ghnáth leis dul, é féin agus a bhuidhean, agus chuireadar suas a gcábáin ann, fé mar ba ghnáth leó a dhéanamh. Bhí gach rígh agus a bhuidhean féin ag cur a gcábán suas fé mar a shroisidís an áit, agus ní raibh aon bhuidhean ag teacht sa tslígh ar bhuidhin eile, ná ní raibh aighneas ná diospóireacht ná abhcóidigheacht ar siúbhal.
Bhí cábán Thaidhg Mhóir uí Chealla sa n-áit ’n-a mbíodh sé i gcómhnuíghe, i n-aice le cábán an Árdrígh, agus bhí cábán Mhaoilruanaidh na Paidre i n-aice le cábán Thaidhg Mhóir. D’fhág san caoi ag Conn agus ag Tadhg Óg ua Cealla ar bheith go minic i bhfochair a chéile, agus bhíodh Caoilte agus Lonán i bhfochair na beirte sin chómh minic agus d’fhéadaidís é. Minic go maith ab eadh san, mar ní raibh cábán a n-athar ró fhada ó’n áit. D’fhág san, leis, caoi ag Niamh ar bheith go minic n-a bhfochair go léir, agus ar a lán eóluis a dh’fhághail ó Chaoilte ar an gcuma ’n-a raibh an tsluagh go léir suidhte, agus ar cad é an saghas an namhaid agus cad a bhí acu d’á dhéanamh. B’é gnó an ghiolla turais gach eólus de’n tsórd san do sholáthar agus do bheith aige, agus ní baoghal ná go raibh Caoilte tugtha go maith chun an ghnótha san do dhéanamh, agus chun gach aon bhlúire eóluis, fé mar a thagadh sé suas leis, do thabhairt ag triall ar Niamh. Do thugadh sé ag triall ar Niamh é chómh luath agus thugadh sé ag triall ar Bhrian é.
Bhí cuid mhaith des na Lochlanaigh a bhí ’n-a gcómhnuíghe i n-Éirinn an uair sin, ar mhór-shluagh Bhriain, i gCill Mhaighneann, ag cabhrughadh leis sa chath san, agus bhí ceart Éireanach, do réir dlighthe na h-Éirean, curtha i bhfeidhm aige dhóibh féin agus d’á sliocht, mar gheall ar an gcabhrughadh san.
Bhí Ospac ann agus an méid nirt slógh a tháinig adtuaidh leis ó-s na h-oileánaibh nuair a dh’euluigh sé ó Bhruadar. Do ghlac sé féin agus a dhaoine an Creideamh, agus do bhaist Colla iad i n-Inis Cathaigh, agus chuireadar fé chomairce Sheanáin iad féin. Ansan do thánadar, i n-aonfheacht le mór-shluagh Bhriain, chun an mhór-chatha. Do thuigeadar go raibh an cath le troid ar son an Chreidimh, agus bhí fhios acu go raibh neamh le fághail ag an t-é do thuitfeadh i gcath a troidfí ar son an Chreidimh.
Bhí M’lsheachlainn Mór ann, rígh na Mídhe, agus deich gcéad fear aige.
Tháinig a lán d’fhearaibh Uladh ann agus do luighdar isteach ins na buidhnibh, fé mar a bhí aithne acu ar na fearaibh nó ar na ríghthibh. Fir ab eadh iad ná leigfeadh a gcroídhe ná a n-aigne dhóibh fanmhaint sa bhaile nuair a bhí a leithéid de chath le bualadh, agus Éire go léir i n-a leithéid do chontabhairt, agus an Creideamh i n-a leithéid de chontabhairt.
Bhí an dá rígh ó Albain ann agus neart maith láidir de Ghaedhlaibh Alban i n-aonfheacht leó.
Do réir gach seanachais bhí suas le fiche míle fear ag Brian i gCill Mhaighneann an uair sin nuair a bhíodar go léir cruinnighthe. Do réir na gcúntaisí gcéadna bhí aon mhíle fhichid ag an namhaid. Ach bhí an deich gcéad fear ins na h-éidíbh práis ar thaobh na Lochlanach, agus do measadh gur mhó le rádh an deich gcéad san, i bhfriothghuin catha, ’ná deich míle des na fearaibh ná raibh ortha ach na “léinteacha sróil.”
Bhí Caoilte agus na giollaí eile ag teacht isteach coitchianta ó bheith ag feuchaint ar an namhaid agus ’ghá mbreithniughadh.
As na tuairisgibh a thugadar leó do mheas Brian ná tiocfadh an namhaid amach chun catha go ceann seactmhaine eile pé ’r domhan é. Bhí Luan na Failime an uair sin ann. Bhí a neart go léir cruinnighthe i n-aice Átha Cliath ag rígh Laighean i gcóir an chatha. Bhí Cúige Laighean gan chosaint. Dob’ ana mhaith an rud, an fhaid a bhéifí ag feitheamh leis an gcath, an Chúige sin do sgrios agus bia do’n mhór-shluagh do thabhairt aisti; a chur fhiachaint ar rígheacht Mhaoilmhórdha an mhór-shluagh do chothughadh.
Chuir Brian amach a mhac, Donchadh, chun Cúige Laighean do sgrios. Do ghluais Donchadh i dtusach na h-oídhche, i dtreó ná feicfí ag imtheacht é agus go mbéadh na creacha istigh aige sar a’ mhothóch’ an namhaid go raibh an gnó ’á dhéanamh i n-aon chor. Níor rug Donchadh leis ar an gcuaird sin puínn thar cúig nó sé chéadaibh fear. Ní raibh aon ghnó aige d’á thuille.
An oídhche do ghluais Donchadh ó Chill Mhaighneann, chun na h-oibre sin a dhéanamh, b’shiní díreach an oídhche do chuir Gormfhlaith Amhlaoibh leis an dteachtaireacht, ó ríghtheighlach Shitric, ag triall ar Bhruadar, a gan fhios do Shitric agus a gan fhios do Bhéibionn. Bhí Amhlaoibh ábalta ar cheilt a chur air féin i n-a lán de riochtaibh, agus ar é dhéanamh go maith. Nuair a bhí sé ag imtheacht ó’n ríghtheighlach do chuimhnigh sé i n’ aigne gur mhaith an rud dó gabháil tré Chill Mhaighneann feuchaint an bhféadfadh sé teacht suas le h-aon bhlúire eóluis a bhéadh tairbhtheach do Bhruadar. D’ aimsigh sé mála agus chuir sé ar a mhuin é, mar ’dh eadh ná raibh ann ach duine de lucht leanamhna an tslóigh agus go raibh sé ag díol neithe beaga a bhéadh áiseach d’ fhearaibh an tslóigh. Cá dtabharfadh sé aghaidh ach i dtreó an bhaill ’n-a raibh Donchadh agus a bhuidhean ag tusnughadh ar ghluaiseacht ódheas. Bhí iongnadh air. Do luigh sé ar chaint le cuid de’n lucht leanamhna a thárla i n’ aice. Níor bh’ fhada gur bhailigh sé uatha an toisg ar a raibh an bhuidhean ag imtheacht ódheas, agus cé bhí ’n-a cheann ortha. Do bhailigh sé é féin amach ó’n lucht leanamhna chómh tapaidh agus d’ fhéad sé é gan aon droch amhras a tharang air féin. Chómh luath agus bhí sé bailighthe uatha thug sé aghaidh soir óthuaidh, agus níor bh’fhada go raibh sé ag caint le Bruadar. Ní baoghal gur ag triall ar Mhaolmhórdha a chuaidh sé chun a innsint dó go raibh buidhean fear imthighthe ódheas chun a thíre do sgrios. Dá ndeineadh, b’fhéidir go ngluaiseóch’ Maolmórdha ódheas chun a thíre do chosaint, agus do lagóch’ san mór-shluagh na Lochlanach i gcóir an chatha. Ag triall ar Bhruadar a thug sé aghaidh.
“Is maith a dheinis é, a mhic ó!” arsa Bruadar leis.“Tá súil agam ná faghaidh rígh Laighean amach go bhfuil san ar siúbhal ’n-a thír. D’imtheóch’ sé uainn láithreach agus ní oirfeadh dúinn sgaramhaint le h-oiread agus aon fhear amháin. Tá an sgéal céadna díreach anso sa leitir seo agam ó d’ mháthair, pé cuma n-a bhfuair sí amach é. Deir sí gur ceart dúinn an cath do troid láithreach sar an mbeidh uain ag Donchadh ar theacht thar n-ais.”
“Isé mo thuairim-se, a rígh,” arsa Amhlaoibh, “go mbeidh easnamh níos mó ’ná easnamh Dhonchadh agus a bhuidhne ar an Árdrígh nuair a thiocfaidh an cath.”
“Cad é an t-easnamh eile a dh’fhéadfadh a bheith air?” arsa Bruadar.
“Tá rígh cúige éigin ag déanamh a dhíchil chun a chur fhiachaint ar chuid des na ríghthibh eile tarang siar ó Bhrian agus ó Dhál gCais nuair a thusnóchaidh an cath,” arsa Amhlaoibh.
“Dar so ’s súd ach má deintear san beidh an cath ar ár dtoil féin againn!” arsa Bruadar. “An dóich leat,” ar seisean, “an bhfuil ag eirighe leis an rígh cúige sin?”
“Do réir mar airigheas an chaint,” arsa Amhlaoibh, “do bheartuigheas go raibh ag eirighe leis maith go leór.”
“Ó, is maith é sin!” arsa Bruadar. “Imthigh, a laogh,” ar seisean, “agus cuir chúgham an draoi.”
Fear ab eadh Bruadar a dhein, i dtusach a bheatha, an rud céadna díreach a dhein Amhlaoibh nuair a bhí sé i n-Inis Cathaigh. Do ghlac sé an Creideamh, agus ansan do ghlac sé na h-Úird i dtreó gur deineadh deacon dé. Dhá dheacon ab eadh é féin agus Amhlaoibh. Ansan níor lean Bruadar de’n Chreideamh. Do shéan sé é agus chaith sé uaidh é, díreach mar a dhein Amhlaoibh. Nuair a chaith sé uaidh an Creideamh d’ iompuigh sé ar dhiablaidheacht agus ar dhraoidheacht agus ar dheamhanaibh agus ar phiseógaibh, agus ar an uile shaghas deismireachta de’n tsórd san, i dtreó go ndeirtí go raibh ar a chumas a lán neithe iongantacha do dhéanamh le cómhacht deamhan.
Tháinig an draoi. D’inis Bruadar dó conus mar a bhí cuid de shluagh Bhriain imthighthe amach ag creachadh Cúige Laighean, agus conus mar a bhí cuid des na ríghthibh ag iompáil i gcoinnibh Bhriain.
“Agus anois,” ar seisean leis an ndraoi, “cad í do chómhairle dhom? Is mise, mar is eól duit, is fear cinn riain ar an mór-shluagh so. Is agam atá lá an chatha do cheapadh. Dá dtugainn an t-órdú’ anois,” ar seisean, “bheimís ollamh chun an chatha do thusnú’ go moch ar maidin Dé h-Aoine. Cad deirir liom?”
Do stad an draoi ar feadh tamail. Tar éis machtnaimh do labhair sé.
“Má troidtear an cath so Dé h-Aoine,” ar seisean, “tuitfidh Brian. Má troidtear an cath aon lá eile tuitfidh sibh-se go léir.”
Nuair a bhí an méid sin ráidhte aige d’iompuigh sé ar a sháil agus d’imthigh sé chun a chábáin féin.
Do stad an bheirt, Bruadar agus Amhlaoibh, ag feuchaint ’n-a dhiaigh. Nuair a bhí sé imthighthe as a radharc do labhair Bruadar.
“Tuigim é,” ar seisean. “Má throidimíd Dé h-Aoine beidh Donchadh gan filleadh agus beidh an rígh cúige seo a deirir-se i n-earaid le Brian. Má fantar níos sia gan an cath do throid beidh Maolmórdha imthighthe chun a chúige do chosaint, beidh Donchadh tagaithe thar n-ais agus na creacha aige. Chífidh an rígh cúige seo a deirir-se an dá nídh sin, Maolmórdha imthighthe agus Donchadh tagaithe agus na creacha aige, agus luighfidh sé isteach i n’ inead féin sa chath. Ansan beidh Brian ró láidir dúinn go léir. Siné brígh na cainte sin adúbhairt an draoi. Ní foláir an focal do chur amach anois ameasg na slógh so go léir go bhfuil an cath le tusnú’ ar maidin Dé h-Aoine.”
Do cuireadh amach an focal. Do h-innseadh, leis, do’n mhór-shluagh go léir, an focal adúbhairt draoi Bhruadair, dá dtroidtí an cath Dé h-Aoine go dtuitfeadh Brian, ach dá bhfágtí gan troid é níba shia ’ná go h-Aoine go dtuitfeadhna Lochlanaigh agus a lucht conganta go léir. Do thuig an mhór-shluagh as san dá dtroidtí an cath Dé h-Aoine a bhí chúghainn go mbéadh an buadh ag na Lochlanaigh.
D’á bhrígh sin, chómh luath agus fuaradar an focal thusnuighdar go léir ar iad féin d’ ollamhughadh i gcóir an chatha. Ní raibh puínn thar ocht n-uaire a’s dachad acu an uair sin chun an ollmhucháin a dhéanamh. Níor bheag leó an méid sin aimsire. D’á luathacht a troidfí an cath dob’ eadh b’fhearr é, dar leó. Bhíodar deimhnightheach go mbuadhfaidís. Bhítheas tar éis a chur ’n-a luighe ortha go daingean ná raibh ag Brian de mhór-shluagh ach sloigisg a bhí níba thugtha go mór chun iompáil ar a chéile ná mar a bhíodar chun troda dhéanamh le namhaidh. Go raibh cuid des na ríghthibh cúige agus ná rabhdar ach ag feitheamh leis an gcath do thusnughadh chun druim lámha thabhairt le Brian agus é féin agus Clann Chais do thréigean. Go raibh cúis a ndóthin agá lán acu chuige sin, mar go raibh lámh Bhriain ana dhian ortha, agus d’á dhéine a bhí lámh Bhriain ortha gur thuigeadar go mbéadh lámh Mhurchadh níba sheacht ndéine ortha nuair a thiocfaidís fúithi. Nuair a thusnóch’ an cath gur bh’ eadh do chífí an neamhghus a bhí i gcómhacht Bhriain, d’á mhéid leatha a bhí faoi agus d’á aoirde cáil a bhí air. Ach pé breith a bhéadh aige ar bhuachtaint sa chath dá mbéadh an dá shluagh mar a chéile i dtaobh arm, ná raibh aon bhreith i n-aon chor aige ar bhuachtaint nuair a bhí an deich gcéad fear ins na h-éidíbh práis ag na Lochlanaigh. Go siúbhlóch’ an deich gcéad fear san rómpa tré mhór-shluagh Bhriain agus go ngeóbhdís de chosaibh ionta. D’á luathacht, d’á bhrígh sin, a troidfí an cath dob’ eadh b’ fhearr é, dar leó, mar b’ shin mar ba thúisge a dh’ fhéadfaidís iad féin do leathadh isteach ar mhachairibh breaghtha míne na h-Éirean agus seilbh a ghlacadh ionta. Bhí fonn agus flosg agus giodam agus meanamna agus mórchroídhe, d’á bhrígh sin, ortha féin agus ar a mnáibh, agus fuadar an domhain fútha, nuair a rith an focal mór-thímpaleatartha go dtroidfí an cath ar maidin Dé h-Aoine a bhí chúghainn. Níor chodail aoinne acu an chuid eile de’n oídhche sin, bhí a leithéid sin d’ fhothram agus de ghleó ar siúbhal ó cheann ceann de’n longphort.
Níor bh’fhada go bhfuaradh amach i longphort Bhriain cad a bhí ar siúbhal, agus cad fé ndeár an gleó agus an fothram. Bhí Caoilte agus a ghiollaí turais anso agus ansúd, fé cheilt, ameasg na Lochlanach. Thugadar leó ag triall ar mhór-shluagh Bhriain tuairisg cruinn ar an ollmhúchán. Thusnuigh na Gaedhil ar iad féin d’ ollamhughadh láithreach. Bhí an t-ollmhúchán ar siúbhal go tréan sa dá longphort i ndeire na h-oídhche sin agus i gcaitheamh an lae amáirigh, agus i gcaitheamh na cod’ eile de’n aimsir as san go h-Aoine.