CAIBIDIOL X.FUASGAILT.

“Is dóich liom,” arsa Gormfhlaith, “go bhfuil rud éigin ag déanamh buartha do d’ dhritháir, a Niamh, agus gur maith leis bheith ag caint leat at’ aonar. Fanaigh ansan ag siúbhal daoibh féin go dtí go mbeidh bhúr gcaint déanta agaibh, agus raghad-sa isteach. Ach ná coimeád abhfad uaim í, a Thaidhg,” ar sise. “Tá cleas ar obair shnáthaide aici ’á mhúineadh dhom agus ní bheidh mé sásta go dtí go mbeidh an cleas agam.”

D’imthigh sí uatha. Níor labhair aoinne de’n bheirt go dtí go raibh sí as a radharc. Ansan do labhair Niamh.

“Airiú, a Thaidhg, a mhaoinach,” ar sise, “cad tá ort!”

“Ní’l blúire ar domhan orm,” ar seisean,“ach do bhain an bhean san a leithéid de phreib asam! Níor fhan léas meabhrach agam nuair a chonac an bheirt agaibh i bhfochair a chéile ar an gcuma san. Nách uathbhásach an ara í! Cad é mar fhéadan sí caint agus sult agus gáirí dhéanamh, gur dhóich le duine ná fuil cor ná lúb ’n-a croídhe ach oiread leis an leanbh! Do bhuaidh sí ar a bhfeaca riamh!”

“Ní fheadaraís a leath, a Thaidhg. Ní fheadaraís a leath,” arsa Niamh. “Mura mbéadh m’ athair a bheith anso am’ aice agam chomáinfeadh sí as mo mheabhair mé. Ní fheadar an tsaoghal cad a dhall Brian agus í thabhairt leis riamh! B’fhearr liom go mbeinn féin agus m’ athair thiar sa bhaile agus go bhféadfaimís fanmhaint ann.” Ansan do chrom sí ar ghol, agus bhí sí ag gol ar feadh tamail mhaith.

Níor labhair Tadhg go dtí go raibh an greas san guil curtha dhi aici. Nuair a bhí sé curtha dhi aici: “Seadh!” ar sise. “Is mór an t-éadtromughadh ar mo chroídhe an méid sin.”

“A Niamh, a laogh,” arsa Tadhg,“ní dhéanfaidh so an gnó go deó. Caithfear atharughadh dhéanamh ar an obair seo. Ní fágfar anso thusa níos sia. Tá cion agam ar Bhrian. Tá cion againn go léir air. Ach is measa liom-sa thusa ’ná é, agus ’ná a bhfuil beó d’á mbainean leis. Má thug sé leis í, agus má dhein sé dearmhad nuair a thug sé leis í, ní h-alaidh dhúinn tusa bheith thíos leis an ndearmhad san. Caithfidh Murchadh duine éigin eile do chur ag faire ar Ghormfhlaith. Bean éigin d’á saghas féin ba cheart do chur ag faire uirthi. Is maith liom mar a thánag. Ní raibh aon choinne agam go rabhais i n-a leithéid de chás aici. An bhfuil fhios agat cad ’tá ceapaithe aici? Tá sí ceapaithe ar do chroídhe a bhriseadh istigh ad’ chliabh le corp soilbhris agus síbhialtachta! Isé a nádúr féin fuath fíochmhar a bheith aici lastigh de’n tsoilbhreas agus de’n ghealgháire. Is amhlaidh a réidhtighean san le n-a goile agus le n-a sláinte. Tá fhios aici go h-áluinn nách mar sin duit-se, ná réidhtighean a leithéid le d’ ghoile ná le d’ shláinte. Tá fhios aici go gcuirfidh an obair sin sa chré thú ach leanmhaint air. Anois, ag feuchaint dom ort, chím go bhfuilir ag dul as. Caithfear duine éigin a dh’fhághail a bheidh maith a dóthin di sa chleas so atá ar siúbhal aici.”

“Is dóich liom, a Thaidhg,” arsa Niamh, “go bhfuil an ceart agat, nó pé ’n-Éirinn é, go bhfuil cuid de’n cheart agat. Tá sí, is dóich liom, ceapaithe ar mo shláinte bhriseadh, nó murab é sin é, ar mé dhíbirt as so. Is dóich liom gur cuma léi ach go mbéadh sí sgartha liom beó nó marbh. Má imthíghim anois beidh áthas uirthi agus déarfaidh sí léi féin go bhfuil eirighthe go maith léi sa chluiche a shocaruigh sí ar a dh’imirt. Ní maith liom an méid sin a thabhairt mar shásamh di agus gan cúrsaí an Árdrígh do bhac i n-aon chor.”

“Ní h-aon chomparáid i n-aon chor tusa agus í féin, a Niamh. Ní h-aon chreideamhaint duit-se an lámh uachtair a dh’fhághail uirthi ins na beartaibh atá curtha roimpi aici. Téanam agus labhraimís le m’ athair. Agus feuch airiú! Ba dhóbair dom an gnó a thug mé do dhearmhad. Táim ’ghá chuimhneamh, a Niamh, gur ceart dom dul síos go h-Inis Cathaigh agus a dh’innsint do Cholla gur b’ é Amhlaoibh a ghuid an chailís.”

“Agus ar neóin, a Thaidhg,” arsa Niamh, ag cur smuta gáire aisti, “ní’l aon deimhne ceart fós agat air gur b’ é an t-Amhlaoibh a bhí thíos i n-Inis Cathaigh do ghuid an chailís.”

“Tá deimhne mo dhóthin agam air,” ar seisean.“Nách tapaidh a tháinig an dúil sa Chreideamh aige! Bhí rud éigin ’ghá chur n-a luighe orm i gcaitheamh na h-aimsire an fhaid a bhí sé ’ghá ollmhughadh féin chun an Chreidimh a ghlacadh ná raibh aon ghus sa n-ollmhuchán. Bhí eagal orm dá ngéillinn do’n smaoineamh san go mbéinn ag déanamh éagcóra ar an mbuachail, bhí sé chómh símplídhe, chómh leanabaídhe sin, an ropaire! Ansan airís, nuair a dúbhairt sé gur mhaith leis bheith ’n-a shagart, tháinig an smaoineamh céadna chúgham. Cheapas nár mhothuigheas an gus ceart ’n-a chaint ná ’n-a mheón i dtaobh an ruda a bhí aige ’á chur roimis, dar liom. Thugas fé ndeara go minic folamhas éigin ná féadainn a thuisgint ins na gnóthaibh Creidimh a bhíodh ar siúbhal aige. An lá a bhí Brian agus na h-uaisle thíos, nuair a thainig an Legáid, d’ airigheas daoine ag cáineadh agus ag gearadh na Lochlanach os cómhair an Lochlanaigh óig. Bhí eagal orm go mbéadh fearg air. Níor chuir sé blúire suime ’n-a gcaint, an ropaire fill! Is áluinn a choimeád sé a aigne istigh, agus mise ag déanamh éagcóra ar mo dhá shúil agus ar mo bhreitheamhntas féin le h-eagla go ndéanfainn éagcóir air-sean. Ní’l aon phioc d’á mhearbhall orm, a Niamh. Isé ghuid an chailís, agus is chun í ghuid do leig sé air gur ghlac sé an Creideamh, agus is chuige do leig sé air gur mhaith leis bheith ’n-a shagart. Bhí fhios aige, chómh luath agus bhéadh cuid des na mion-Órdaibh glacaithe aige, go gcuirfeadh Colla sa n-érdam é. Ansan bhí gach aon chaoi aige ar an gcailís a ghuid. Bhíos chun dul síos agus an sgéal go léir a dh’innsint do Cholla, ach níor mhaith liom é dhéanamh gan é chur ad’ chómhairle-se ar dtúis. Cá bh’ fhios ná go mb’ fhéidir go mbéadh sé ar dhuine éigin eile ag Colla. Téanam go bhfeicimíd m’athair, agus sa n-am gcéadna, bí ag cuimhneamh ad’ aigne ar cad is ceart dom a dhéanamh.”

Chuadar isteach i dtigh Thaidhg Mhóir uí Chealla, agus fuaradar Tadhg féin rómpa istigh.

Bhí Tadhg Mór féin rómpa istigh agus níor bh’ aon iongnadh má gheal a chroídhe nuair a chonaic sé chuige isteach an bheirt. Ní raibh le feisgint i n-Éirinn an lá san rígan óg adh’ fhéadfadh seasamh i n-aice na h-inghíne agus iomláine a h-áilneachta féin do choimeád. Pé áilneacht a chífí inti an fhaid a bhéadh sí ’n-a h-aonar do thiocfadh claoídhchlódh ar an áilneacht san nuair a curfaí ’n-a seasamh i n-aice Niamh í. Bhí daoine ag tusnughadh ar a thabhairt fé ndeara ná bíodh iomláine blátha ar áilneacht Ghormfhlaith féin, le deiriníghe, nuair a chítí Niamh ’n-a h-aice. Níor chóir puínn iongnadh dhéanamh dé sin, ámhthach, mar is ag teacht a bhí áilneacht Niamh agus bhí áilneacht Ghormfhlaith ag imtheacht, nó ag tusnughadh ar imtheacht. Agus i dtaobh an mhic. Bhí finne agus solusmhaire agus gileacht na h-inghíne ann, agus bhí folt óir na h-inghíne air; an t-ualach órdha ar a cheann agus anuas ar a ghuaillibh agus ar a shlinneánaibh. Bhí an tsúil ríoga chéadna n-a cheann, go glan agus go h-osgailte agus go neamh-eaglach. ’N-a theannta san bhí sé groídhe cumasach láidir mar ba dhual athar dó bheith. Ní raibh an chaoi fághalta fós aige ar ghníomharthaibh gaile agus gaisge dhéanamh, mar a bhí fághalta agá athair, i gcathanaibh Bhriain i n-aghaidh na Lochlanach. Ach bhí an chaoi roimis, agus bhí gach aon deabhramh go ndéanfadh sé na gníomhartha nuair a thiocfadh an chaoi, agus go mothóch’ na Lochlanaigh meaghchaint a bhuille.

Níor bh’ aon iongnadh má gheal croídhe Thaidhg Mhóir uí Chealla nuair a chonaic sé an bheirt chuige isteach.

“Dé bheatha-sa, a Thaidhg!” ar seisean. “Conus fhágais gach aon rud agus gach aoinne ad’ dhiaigh sa bhaile?”

“Go mairir-se, a athair!” arsa Tadhg. “D’fhágas gach aoinne agus gach aon rud am’ dhiaigh go maith, buidhchas le Dia! Bhí rud beag ag déanamh buartha dhom agus níor dheineas ach ruith aniar chun go labharfainn le Niamh mar gheall air.”

“An ’mó fear a bheidh agat i gcóir an chogaidh, a Thaidhg?” arsa Tadhg Mór.

“Tá chúig céad déag fear againn cheana, a athair,” arsaTadhg Óg, “agus tá fhios agam go mbeidh chúig céad eile againn sar a’ fada.”

“Tá san ró bheag, a mhic ó,” arsa Tadhg Mór. “Ba cheart dúinn an trí mhíle slán a bheith againn.”

“Is mó an neart dhá mhíle ó Uíbh Máine, a athair, ’ná trí mhíle ó áiteanaibh eile. Tá a lán d’ ár bhfearaibh agus tá muirighean óg ortha.”

“Tá,” arsa Tadhg Mór, “agus má gheibhid Lochlanaigh an lámh uachtair orainn cad a dhéanfaidh an muirighean óg? Beart lag, a Thaidhg, iseadh d’aon fhear atá ábalta ar chlaidheamh a chasadh fanmhaint siar anois. Nách dóich leat san, a Niamh?”

“Ní dóich liom, a athair,” arsa Niamh, “go bhfanfaidh aon fhear siar i n-Uíbh Máine, aon fhear go bhfuil lúth a ghéag i n-aon chor aige.”

“Ní dóich liom go bhfanfaidh, a ’nghean ó,” arsa Tadhg Mór. “Ach cad é seo oraibh, a Thaidhg?” ar seisean.

D’inis Tadhg dó ansan conus a tháinig sé go h-oban ar Ghormfhlaith agus ar Niamh agus cad a chonaic sé. Mhínigh sé dhó conus mar, do réir a thuisgiona féin, a bhí beartuighthe ag Gormfhlaith sprid agus croídhe agus aigne Niamh do bhriseadh agus do mhilleadh le corp soilbhris agus le corp caradais mar ’dh eadh.

“Ní fhéadfaidh Niamh an rud san do sheasamh, a athair,” ar seisean. “Tá sí ag dul as cheana féin. Ní fhágfaidh an bhean san goile ná sláinte aici. Ní fearrde í aon uair a’ chloig de’n aimsir a chaithean sí i gcómhluadar na mná san. Crochaire mná iseadh an bhean san! Má fágtar Niamh ’n-a fochair cuirfidh sí Niamh sa n-iúir, an rud atá beartuighthe aici a dhéanamh.”

D’fheuch Tadhg Mór ar Niamh.

“Ambriathar, a ghamhain,” ar seisean,“gur dóich liom go bhfuil an ceart aige. Taoi’n tú ag dul as. Nách olc uaim nár thug fé ndeara é!”

“Ó, a athair,” arsa Niamh, “is truagh chráidhte nár fhanamair thiar sa bhaile. Tagan tocht agus ualach ar mo chroídhe nuair a chím chúgham í gach aon mhaidion agus í chómh séimh, chómh soilbhir, chómh gealgháiriteach. Bím a d’iaraidh gáire dhéanamh léi i dtreó ná tabharfadh sí fé ndeara an tocht orm, ach is beag ná go mb’fhearr liom bás d’ fhághail ’ná fanmhaint a thuille ’n-a fochair. Go maithidh Dia dhom é! ní fhéadaim gan bheith ’ghá mheas go bhfuil droch nídh ’ghá leanmhaint.”

“Ná bac í féin a thuille, a ’nghean ó,” arsa Tadhg Mór. “Is truagh nár labhrais níos túisge liom. Fanaigh araon ansan. Raghad anonn go teighlach Bhriain. Beidh mé chúghaibh sar a’ fada.”

D’imthigh sé amach agus anonn chun an teighlaigh. Gormfhlaith an chéad duine a bhuail uime.

“Móra dhuit, a rígh,” ar sise leis. “Cad tá ag coimeád Niamh uaim? Is iongantach an t-eólus atá aici ar obair shnáthaide. Tá cleas ar an obair sin aici ’á mhúineadh dhom agus isé is fada liom go mbeidh an cleas agam. An fada go dtiocfaidh sí, a rígh?”

“Tá sí gan bheith ar fóghnamh, a Árdrígan,” arsa Tadhg Mór. “Tá a dritháir ag caint léi. Is dóich liom gur inis sé rud éigin dí a chuir tré chéile aigne uirthi. Bíodh foidhne agat, a Árdrígan,” ar seisean. “B’fhéidir nách fiú biorán a’s é. B’ fhéidir go mbéadh sí chúghat gan puinn ríghnis. An bhfuil an t-Árdrígh le feisgint, le d’ thoil, a Árdrígan?”

“Anois díreach a chonac é féin agus an ríghdhamhna ag dul isteach,” ar sise.

“Gura maith agat, a Árdrígan!” arsa Tadhg Mór, agus d’imthigh sé isteach.

“Seadh!” arsa Gormfhlaith, ’n-a h-aigne féin, nuair a bhí sé imthighthe,“ní deirim ná go bhfuil teinneas croídhe curtha agam ar do pheata-sa. ‘Tá sí gan bheith ar fóghnamh.’ An cailín bocht! Dá mb’ áil leó gan í chur am’ threó. Ní féidir aon nídh a dhéanamh a gan fhios di. Ach is féidir rud a dhéanamh os a cómhair. Is féidir an croídhe do chrádh inti os a cómhair.”

Pé caint a bhí ag Murchadh ’á dhéanamh leis an Árdrígh níor bh’fhada go raibh sí déanta. Ansan tháinig sé féin agus Tadhg Mór amach. D’inis Tadhg Mór a sgéal dó, agus ná féadfadh sé Niamh a dh’fhágáilt i gCeann Cora níba shia.

“Tá go maith, a Thaidhg, tá go h-ana maith,” arsa Murchadh. “Tagan san agus an rud ar a bhfuil socair isteach le n-a chéile go h-áluinn. Tá m’ athair ag dul ar a chuaird rígh. Fágfar an Árdrígan i gCeann Cora os cionn an rightheighlaigh. Ní féidir di aon droch nídh a dhéanamh an fhaid a bheidh an t-Árdrígh ar a chuaird. Ní foláir duit-se dul leis, a Thaidhg, agus ní foláir duit Niamh a bhreith leat. Má tá sí ag dul as tabharfaidh an chuaird tar n-ais ’n-a maise féin airís í, geallaim dhuit é.”

Do tháinig Tadhg Mór thar n-ais chun a thíghe féin. D’inis sé do’n bheirt cad air go raibh socair. Bhí áthas mór ortha araon.

“Tá mo ghuidhe tabhartha dhom ag Dia, moladh go deó leis!” arsa Niamh. “Ní’l maidion le fada,” ar sise, “nár iaras ar Mhaolshuathain mo ghuidhe do chur suas chun Dé sa Naomh Idhbirt. Bhíos ’ghá iaraidh ar Dhia, tré impidhe Sheanáin, mé dh’fhuasgailt as an gcruadh-chás ’n-a rabhas. Chuir Dia thusa chúgham ar dtúis, a Thaidhg. Do labhrais-se le m’ athair. Do labhair m’ athair le Murchadh. Agus sin déanta an fhuasgailt! Moladh go deó le Dia!”

“Is maith é sin,” arsa Tadhg Óg.“Agus anois, ó tá do ghnó-sa déanta chun ár dtoile go léir, is mithid dómh-sa aghaidh a thabhairt ar mo ghnó féin. Tá mo chroídhe briste ó bheith ag cuimhneamh ar an ropaire fill úd agus ar ghuid na cailíse agus ar an lámh a bhí agam féin sa ghadaigheacht san.”

“Airiú, a Thaidhg, an ar buile ataoí!” arsa Niamh. “An lámh a bhí agat féin sa ghadaigheacht san! Cad é an lámh a dh’ fhéadfá-sa bheith agat sa ghadaigheacht san?”

“Mura mbéadh an caradas a chonaic Colla, agus gach aoinne eile, idir mise agus an ropaire úd, a Niamh,” ar seisean, “ní bhéadh oiread iontaoibh ag Colla as agus a bhí aige as. Mura mbéadh an iontaoibh a bhí ag Colla as ní curfaí isteach sa n-érdam é, agus ní bhfaghadh sé an chaothamhlacht a fuair sé ar an ngadaigheacht a dhéanamh. Fuair sé caradas, a Niamh, ó m’ athair agus óm’ mháthair, agus uaibh go léir, thiar i n-Uíbh Máine. Is truagh chráidhte mar a chuir sé cos leis riamh sa n-áit. Ní chuirfeadh sé cos leis sa n-áit agus ní bhfaghadh sé an caradas a fuair sé ann, a Niamh, mura mbéadh mise! Nuair a chuimhnighim air bíon náire orm ná féadfainn a dh’innsint duit!”

Nuair airigh Niamh an méid sin cainte ní miste a rádh ná go raibh náire a dóthin uirthi féin. Thuig sí go h-áluinn an uair sin, agus go minic roimis sin, cad é an saghas an grádh a tugadh di gan labhairt. Thuig sí an uair sin, agus go minic roimis sin, ó’n lá a dh’inis Caoilte sgéal an phúicín, cad é an saghas an glacadh Creidimh a dhein Amhlaoibh agus cad í an íntinn ar ar ghlac sé na h-Úird. Bhí an dá mhachtnamh úd tabhartha d’á chéile aici cruinn go leór. Bhí náire a dóthin uirthi nuair airigh sí Tadhg ’á rádh go raibh náire air. Ní dúbhairt sí aon fhocal, ámhthach, amach as a béal i dtaobh an náire a bhí uirthi ná i dtaobh ná cúise a bhí aici leis an náire; nídh nár locht ar an gcailín!

“Ó, a Thaidhg,” ar sise,“ná labhair ar an gcuma san. Bhí sé siúd chómh sleamhain chómh gealgháiriteach san go raibh báigh agus caradas ag gach aoinne leis. Mheasamair go léir go raibh sé chómh símplídhe chómh h-osgailte leis an leanbh. Chuirfinn geall go n-admhóch’ Colla féin nách mar gheall ort-sa a thug sé aon iontaoibh riamh a’ h-Amhlaoibh, ach mar gheall ar Amhlaoibh féin. Ní h-alaidh dhuit éagcóir a dhéanamh ort féin, a Thaidhg. Níor dheinis ach an rud a dheineamair go léir. Níor bhuail sé ort-sa ach an bob a bhuail sé orainn go léir.”

“Níor bhuail sé aon bhob ort-sa, a Niamh,” arsa Tadhg, agus gan aon chuimhneamh aige ar an mbrígh a bhí le n-a chaint.

“Ambriathar gur bhuail,” ar sise. “Do bhuail sé an bob orm a bhuail sé ar gach aoinne. Ní raibh aon choinne agam ná gur bhuachail shímplídhe osgailte dheagh-chroídheach é. Bhí áthas mór orm mar gheall ar charadas a bheith idir thusa agus a leithéid d’ ógánach ghealchroídheach uasal onóireach, dar liom.”

Ba mhór go léir an suaimhneas aigne ar Thadhg an chaint sin a dh’aireachtaint ó Niamh.

“Agus cad ’deirir liom,” ar seisean, “i dtaobh dul síos agus an sgéal go léir a dh’innsint do Cholla?”

“Ní dóich liom,” ar sise, “go bhfuil aon ghádh leis. Cá bh’fhios duit ná go mb’ fhéidir go bhfuil fios an sgéil go léir ag Colla cheana chómh maith agus atá againne? Agus cá bh’fhios duit ná go mb’fhéidir gur mó an milleán atá ag Colla air féin ’ná mar atá aige ar aoinne eile? Cad is gádh dhuit-se dul agus tú féin a dhaoradh sa sgéal? I dtaobh aon droch amhrais a bheith ag Colla ar aon duine eile,” ar sise, “ní baoghal go gcuirfidh Colla aon droch amhras ar aoinne gan labhairt le Murchadh. Má labhran sé le Murchadh socaróchaidh Murchadh an sgéal dó. Isí cómhairle thabharfainn-se dhuit, a Thaidhg,” ar sise, “’ná gan aon chur isteach ná amach a bheith agat ar an sgéal a thuille an fhaid ná déanfaidh aoinne aon chur isteach ná amach ort mar gheall air. Do sgaoilfinn thorm é dá mbéinn ad’ chás.”

“Is dóich liom, a Niamh,” ar seisean,“go ndéanfaidh mé rud ort. Ní’l aon lorg i n-aon chor agam ar bheith ag dul ag caint le Colla mar gheall air. Is amhlaidh atá gráin agam air mar sgéal, agus gráin agam orm féin mar gheall ar aon bhaint a bheith agam leis.”

Níor bh’ fhada gur ghluais Brian ar a chuaird rígh mór-thímpal na h-Éirean. Do ghluais Tadhg Mór ua Cealla agus Niamh ’n-a chualacht. Bhí saoghal breagh ansan ag Niamh, agus níor bh’ fhada go raibh a croídhe agus a h-aigne séin airís aici.

Do fágadh Ceann Cora fé chúram ’na h-Árdríghna. Bhí fhios aici cad é an brígh a bhí leis sin.

Do ghluais Brian ar a chuaird rígh. Bhí cualacht uasal i n-aonfheacht leis. Bhí Murchadh i n-aonfheacht leis, agus Dúlainn Óg, agus Tadhg Mór ua Cealla, agus Niamh. Bhí Tadhg Óg ua Cealla imthighthe siar a bhaile go h-Uíbh Máine chun aire tabhairt do’n rígheacht san, i n-inead a athar, agus chun na bhfear do chur le chéile agus do ghleusadh agus d’ ollamhughadh i gcóir an chogaidh adúbhairt gach aoinne a bhí ag teacht go luath. Ní raibh an cogadh fógartha. Bhí síthcháin idir Árdrígh Éirean agus rígh Lochlan. Bhí síthcháin idir é agus na ríghthe eile go léir, lastoir agus lastuaidh. Ach bhí sé daingean i n-aigne na ndaoine, ar fuaid na h-Éirean, go raibh an cogadh ag teacht agus nár bh’fhada go mbéadh sé ann. D’á bhrígh sin bhí an t-ollmhúchán ar siúbhal ins gach aon bhall. Chun an ollmhúcháin sin do chur ar siúbhal níba ghéire dá mb’ fhéidir é iseadh chuaidh Brian ar an gcuaird rígh sin. Theastuigh uaidh a dh’fheisgint le n-a shúilibh féin conus a bhí angnó d’á dhéanamh. Bhí cuid d’á chlainn mhac, agus uaisle eile a bhí tuisgionach i ngnóthaíbh cogaidh, imthighthe roimis mór-thímpal chun na ndún agus chun na ndaingean a bhí curtha suas aige, chun a dh’innsint go raibh sé ag teacht, agus chun na bhfear a bhí ins na dúnaibh agus ins na daingeanaibh sin do ghleusadh agus do chur i dtreó, ionus go mbeidís oireamhnach ar dhul fé n-a shúil. Bhí sgéala curtha, leis, ag triall ar na ríghthibh, go raibh sé ag teacht, agus bhí gach rígh acu ceapaithe ar pé neart fear a bhí aige do bheith chómh ghleusta agus dob’ fhéidir iad a bheith, agus an méid ba mhó a dh’ fhéadfadh sé dhíobh a bheith curtha le chéile aige i gcóir an lae a thiocfadh Brian. Níor bh’ fhéidir aon bhob a bualadh ar Bhrian i neithibh de’n tsórd san. Bhí an tsúil ró ghéar aige. Do chífeadh sé ar an gcéad amharc an locht ba lúgha, ins na fir nó ins na h-airm, nó sa ghleus. Chífeadh sé, leis, ar an gcéad amharc, an raibh cóir iompair agus cóir gluaiste agus sáith lóin, ag an rígh sin dos na fearaibh sin, dá nglaoidhtí chun bóthair ortha.

Ansan, bhí árd fhormad ag na ríghthibh le n-a chéile feuchaint cé h-é an rígh a gheóbhadh moladh ó Bhrian nó cé h-é a gheóbhadh cáineadh; nó, dá mba ná cáinfí aoinne, cé ba mhó a gheóbhadh de’n mholadh. Bhí an formad san idir na fearaibh chómh mór díreach agus bhí sé idir na ríghthibh, i dtreó nár ghádh dos na ríghthibh puínn de dhuagh na bhfear a dh’fhághail chun iad a ghríosadh, mar go rabhdar féin ag gríosadh a chéile chómh dian agus dob’ fhéidir é. Ní raibh aoinne do thuig an méid sin níb’ fhearr ’ná mar a thuig Brian é, agus ní raibh aoinne dob’ fhearr a dh’ fhéadfadh toradh bhaint as ’ná mar a dh’fhéad Brian toradh bhaint as.

Siar tré Chonachtaibh a thug Brian aghaidh ar dtúis. Bhí fhios aige gur i gConachtaibh ba lúgha a bhí gádh le h-aimsir chun ollmhúcháin mar go raibh an t-ollmhúchán déanta cheana ann. Teighlach Thaidhg Mhóir uí Chealla an chéad theighlach i gConachtaibhar ar thug sé aghaidh. Bhí Tadhg Óg imthighthe siar roimis agus bhí gach nídh ollamh aige roimis.

Nuair a thagadh Brian isteach mar sin ar chuaird, i dtighearnas rígh, ar an eaglais a thugadh sé aghaidh ar dtúis. Dá mbéadh gádh le h-aon nídh a dhéanamh do’n eaglais, aon nídh i bhfuirm saoirseachta, chun an tíghe chur i méid, nó chun slacht a chur air, thugadh Brian síntiús maith do rígh na tíre sin chun na h-oibre sin do dhéanamh. Ansan, dá mbéadh mainistir sa n-áit thabharfadh sé cuaird ar an mainistir, agus dhéanfadh Maolshuathain feuchaint i ndiaigh oibre na mainistreach, feuchaint a’ raibh gach aon rud ’n-a cheart, agus aon rud ba ghádh a cheartughadh dhéanfadh sé é cheartughadh.

Ba bheag eaglais ná mainistir ná conbhint ban riaghalta ná bíodh nídh éigin tairbhtheach ag Brian le bronnadh ortha nuair a thagadh sé mar sin ar chuaird, agus do curtí gach eaglais agus gach mainistir agus gach conbhint ban riaghalta sa treó dob’ fhearr ’n-ar bh’ fhéidir iad do chur nuair a bhíodh súil le n-a theacht.

Deireadh sé, i gcómhnuighe, gur dos na gnóthaíbh a bhain le Creideamh ba cheart do ríghthibh agus do dhaoine aireachas a thabhairt ar dtúis. Gur cheart gnó Dé a dhéanamh ar dtúis sar a dtabharfaí aghaidh ar ghnó an tsaoghail seo. Gur dhóichígh-de do dhuine an rath a bheith ar a ghnóthaíbh saoghalta nuair a dhéanfadh sé a dhícheal ar dhualgaisíbh an Chreidimh do chómhlíonadh. Ach, pé ’cu ba thoil le Dia an rath do chur ar ghnóthaíbh saoghalta an duine nó gan a chur, go raibh ceangailte ar an nduine aitheanta Dé do choimeád.

Do mhúin Brian dos na ríghthibh agus dos na daoine a bhí fé n-a smacht an uraim is dual do bhantracht, ach do mhúin sé dhóibh, ’n-a theannta san, an uraim is dual do’n cheart ar gach aon tsaghas cuma, agus chuir sé ’n-a luighe ar a n-aigne go daingean gur i ndlígh Dé atá brígh agus bunús agus cúis agus fáth gach urama dhíobh go léir. An t-é ná beidheagla Dé air ná beann aige ar dhlígh Dé, go bhfuil sé fuar ag aoinne bheith ag brath air go staonfaidh an duine sin ó dhrúis ná ó chraos ná ó éagcóir a dhéanamh ar a chómharsain má gheibhean sé an chaoi. D’á bhrígh sin gur ceart ar dtúis greim daingean a thabhairt do’n Chreideamh i gcroídhe agus i n-aigne an duine. Nuair a bheidh an greim sin ag an gCreideamh gur b’eadh is féidir an duine sin a dhéanamh úmhal do gach dlígh agus do gach riaghail agus do gach dualgas bunaigh d’á mbainean leis an gCreideamh.

Na ríghthe agus na riaghaltaisí atá sa tsaoghal anois, an chuid acu go bhfuil aon admháil i n-aon chor acu do Chreideamh, do cheadóchaidís an Creideamh le h-ionachus go ndéanfadh an Creideamh na daoine úmhal dóibh. Chómh maith agus gur chuige sin a cuireadh an Creideamh ar bun, chun daoine dhéanamh úmhal do ríghthibh! Do thuig Brian nár bh’eadh. Gur chun daoine dhéanamh úmhal do Dhia a cuireadh an Creideamh ar bun. Ná fuil sa n-úmhluigheacht a chuirean an Creideamh i n-áirighthe do ríghthibh ach cuid de thoradh an Chreidimh. Gur maith an rud do ríghthibh an úmhluigheacht san a theacht mar thoradh as an gCreideamh ar an saoghal so, ach ná fuil sa méid sin de thoradh an Chreidimh ach neamhnídh seachas an toradh a fachtar as ar an saoghal eile. Go n-iompuighthear neithe taobh síos suas nuair a cuirtear suim i dtoradh an Chreidimh ar an saoghal so agus neamhshuim ’n-a thoradh ar an saoghal eile.

Do thuig Brian na neithe sin go léir agus dhein sé beart do réir a thuisgiona. Bhí an Creideamh aige ’n-a chroídhe féin istigh agus do bhí an Creideamh san le feisgint go soiléir ’n-a ghníomharthaibh. Do mhúisgil an deagh-shampla san Creideamh agus toradh an Chreidimh i gcroídhthibh na ríghthe agus na ndaoine a bhí fé n-a smacht.

Thug sé tusach do’n Chreideamh ins na h-áiteanaibh ’n-ar thugsé a chuarda. Nuair a bhíodh feuchta aige ar na h-eaglaisíbh agus ar na mainistiríbh agus ar chonbhintíbh na mban riaghalta thugadh sé aghaidh ar na sgoileanaibh, agus d’fheuchadh sé isteach go cruinn sa chuma ’n-a mbíodh an obair ag dul chun cinn. Agus thugadh sé aire mhaith,—ach níor ghádh dhó san mar do thugadh na manaigh féin aire maith dó,—pé easnamh a bhéadh, ná ná béadh, ar aon tsaghas eile ealadhan, ná caithfeadh aon easnamh a bheith, ná aon fhaillígh a bheith, sa chuma ’n-a múintí an Creideamh dos na daoinibh óga. Bhí fhios ag Brian go maith, agus bhí fhios ag an uile dhuine des na h-oidíbh a bhí ag stiúrughadh na h-oibre sin, ná fuil ach diabhal ó ifrean sa bhfear a geóbhaidh sgoluigheacht gan Creideamh. D’á bhrígh sin níor ghádh do Bhrian bheith ag feuchaint ’n-a ndiaigh chun a chur fhiachaibh ortha an Creideamh do mhúineadh. Ach do bhíodh.

Nuair a bhíodh an obair sin go léir déanta ag Brian, sa n-áit ’n-a mbíodh sé ar a chuaird, thugadh sé aghaidh ar an ollmhúchán armála a bhíodh ar siúbhal i gcóir an chogaidh mhóir a bhí ag teacht, dar le gach aoinne. Do tugtí na fir amach os a chómhair agus do curtí tré n-a ngleacaidheacht iad. Bhíodh oiread san eagla roime n-a shúil ag na fearaibh go léir, idir uasal agus íseal, go mbídís ag déanamh taithíghe de’n ghleacaidheacht ar feadh mórán aimsire roim ré nuair a bhíodh súil le n-a theacht. Dheinidís a ndícheal chun ná faghadh sé aon locht ortha. Agus bhíodh an formad ann, leis, idir na ríghthibh, feuchaint cé aige dob’ fhearr n-a mbéadh an t-ollmhúchán déanta, agus idir na buidhnibh, feuchaint cia’cu buidhean ba mhó a thabharfadh sásamh dó.

Thugadh sé tabharthaistí uaidh, dos na ríghthibh agus dos na fearaibh, claidheamh, nó sleagh, nó tuagh, nó brat áluinn, nó capal breagh, agus bhíodh an formad ann feuchaint cé gheóbhadh an tabharthas ba luachmhaire, mar, gan amhras, is do’n t-é ab fhearr a thabharfadh sásamh a tabharfaí an tabharthas ab fhearr.

Bhí áthas an domhain ar Niamh nuair a fuair sí gur siar chun teighlaigh a h-athar a bhí Brian ag dul ar dtúis. Chuir Tadhg Mór teachtaire siar, chómh luath agus fuair sé an t-eólus, ’ghá innsint do Thadhg Óg go raibh an t-Árdrígh ag teacht. Ba mhaith le Brian féin dul siar chun na h-áite sin ar dtúis. Is ann a bhí a ghaolta ó thaobh a mháthar, agus is ann a bhí gaolta na clainne a bhí aige le n-a chéad mhnaoi. Drifiúr do Mhaolruanaidh na Paidre ab eadh í. Agus gan amhras bhí áthas an domhain ar an muintir thiar go léir, leis, nuair a h-innseadh dóibh go raibh sé ag teacht. Tháinig Maolruanaidh na Paidre, rígh Ua bhFiachrach Áidhne, agus a lán eile d’uaislibh Conacht, tamal maith de’n tslígh ’n-a choinnibh. Bhí Conn, mac Mhaoilruanaidh, i dteighlach Bhriain cheana. Thugadar go léir aghaidh ar theighlach Thaidhg Mhóir uí Chealla. Do cuireadh míle fáilte rómpa. Do cuireadh gach cóir ortha d’ár cheart, go h-uasal agus go ríoga, agus dúbhairt Niamh nár tógadh an ceó i gceart d’á croídhe go dtí go bhfuair sí í féin airís i dteighlach a h-athar agus uaisle Conacht agus Cheann Cora ’n-a tímpal.

D’ admhuigh an chuideachta gur shamhluighdar an solus ’n-a tímpal, mar a bhíodh cheana, agus gur bh’í an gath gréine céadna airís í ag teacht n-a measg.

Nuair a bhí an chuaird go h-Uíbh Máine tabhartha chuadar go léir, le cois a chéile, go h-Uíbh Fhiachrach Áidhne agus chuir Maolruanaidh cóir uasal ortha.

Nuair a bhí a chuaird agus a ghnó críochnuighthe i gConachtaibh ag Brian thug sé aghaidh óthuaidh ar Chúig’ Uladh. Thug muintir na cúige sin go léir an onóir dó ba cheart a thabhairt do’n Árdrígh, agus thug Brian dóibh na tabharthaistí ba cheart do’n Árdrígh a thabhairt do ríghthibh cúigí. D’fheuch sé ar na h-eagailsíbh agus ar na mainistreachaibh agus ar na sgoileanaibh, fé mar a dheineadh sé ins gach aon bhall. Ghlaoidh sé chun na gconbhintí leis, agus ba mhór ag na mnáibh riaghalta an t-Árdrígh do theacht ’ghá bhfeuchaint agus ag feuchaint na sgoileana a bhí acu. Bhíodh mná óga acu ’n-a sgoileanaibh agus iad ag múineadh gach aon tsaghas eóluis dos na mnáibh óga san ar na neithibh a bhí riachtanach an uair sin do mhnaoi bheith ar eólus aici.

Ba mhór ag na mnáibh riaghalta an t-Árdrígh a dh’fheisgint, agus Murchadh, agus Dúlainn Óg, agus gach fear eile de mhuintir Bhriain n-a raibh a n-ainimneacha i mbéalaibh daoine ar fuid na h-Éirean an uair sin. Ach ní raibh aoinne beó ab fhearr leó a dh’fheisgint ’ná Niamh. Chuaidh a tuairisg roímpe eatartha. Do h-innseadh dóibh ná raibh rígan óg eile ar thalamh na h-Éirean an uair sin chómh breagh ná chómh dathamhail léi. Agus do h-innseadh dóibh go raibh socair ’n-a h-aigne aici gan pósadh choídhche. Go bhfanfadh sí ag tabhairt aire d’á h-athair an fhaid ab é toil Dé iad fhágáilt ar an saoghal so i bhfochair a chéile, agus ansan, dá mb’ é a h-athair ba thúisge a gheóbhadh bás, go bhfanfadh sí singil ’n-a dhiaigh ar an saoghal so go dtí go mbéarfadh Dia chuige féin í agus go mbéadh sí i bhfochair a h-athar airís ar an saoghal eile.

Sar a’ dtagadh sí chúcha bhídís ag machtnamh ar a h-áilneachtagus ag cuimhneamh ar na mnáibh óga dob’ áluinne agus ba bhreaghtha agus ba dhathamhla d’á bhfeacadar riamh, agus ’ghá shamhlughadh ’n-a n-aigne cad é an saghas í má bhí sí níba bhreaghtha le feisgint ’ná aoinne acu súd. Ansan, nuair a thagadh sí agus do chídís í, do leathadh a súile ortha agus d’ admhuighdís nár fhéad aon tsamhlughadh d’ár dheineadar teacht i n-aon ghioracht do’n radharc a chonacadar nuair fheuchadar uirthi. Ansan, ní bhíodh aon iongnadh ortha nuair airighdís i dtaobh an tsoluis ’n-a tímpal agus i dtaobh an ghath gréine. Do samhluightí dhóibh féin, nuair a thagadh sí isteach sa chonbhint chúcha, go dtugaidís fé ndeara an solus ’n-a gnaoi agus ’n-a tímpal, agus gur chuma í nó gath gréine ag teacht isteach.

Isé céad rud a dheineadh na mná riaghalta, ins gach aon chonbhint, chómh luath agus bhíodh tamal de lá caithte ann aici, ’ná cromadh ar thathant uirthi fanmhaint acu ar fad. Ghlacadh sise an tathant go breagh réidh agus go breagh séimh, ach ní baoghal go dtugadh sí aon chómharthaí uaithi ar ghéilleadh do’n tathant. Bhíodh áthas mór ortha an fhaid a bhíodh sí acu, agus bhíodh uaigneas mór ortha nuair a bhíodh cuaird na h-áite tabhartha, agus nuair a bhíodh Brian agus a chualacht ag imtheacht go h-áit eile.

Nuair a bhí Cúig’ Uladh siúbhalta do gabhadh tímpal tré Chúige Laighean. Do fanadh raint laethanta i gCúige na Mídhe, i dteighlach Mh’lsheachlainn Mhóir. Níor chuaird i n-aistear cuaird chun an teighlaigh sin. Do cuireadh cóir go fial agus go flathamhail ar an Árdrígh agus ar a chualacht ann. Dá mbéadh i gcualacht Bhriain an uair sin duine iasachta, duine ná béadh aon fhios aige ar cad a bhí tuitithe amach i n-Éirinn suim aimsire roimis sin, ní bhéadh aon chuimhneamh i n-aon chor aige go raibh Brian tar éis Mh’lsheachlainn do chur as an Árdrígheacht. Shamhlóch’ sé gur bh’ é Brian an t-Árdrígh i gcómhnuighe agus go raibh M’lsheachlainnfé n-a smacht i gcómhnuighe. B’é an cleas céadna é ag an dá theighlach. Níor leig teighlach Mh’lsheachlainn ortha gur bh’ iad féin teighlach an Árdrígh riamh, agus níor thaisbeáin teighlach Bhriain aon mhór-is-fiú ná aon eiríghe anáirde os cionn an teighlaigh eile. Bhí an dá mhuintir go séimh agus go soilbhir le n-a chéile, agus go h-ollamh chun gach urama agus gach onóra thabhairt d’á chéile.

Chuaidh an t-Árdrígh agus a theighlach ag triall ar Shitric, ar rígh Lochlanach Bhaile Átha Cliath. Do cuireadh an chuaird sin chun cinn díreach mar a cuireadh i gcás Mh’lsheachlainn nó i gcás aon rígh cúige eile i n-Éirinn. Do ghlaoidh Brian chun tighthe na gceannaighthe agus d’ fheuch sé go cruinn ar an gcuma ’n-a ndéinidís a ngnó. D’fheuch sé ar na loingeas a bhí sa chuan. Do thuig sé i n’ aigne gur mhór go léir an tairbhthe do mhuintir na h-Éirean dá mbéadh mórán des na loingeas san sa chuan san, agus ins gach cuan eile de chuantaibh na h-Éirean, agus mórán de’n obair cheannaigheachta san acu d’á choimeád ar siúbhal idir oileán na h-Éirean agus dúthaíbh iasachta. An fhaid a bhí sé ag machtnamh ar an gcuma san ar an dtairbhthe a bhí ag cuan Bhaile Átha Cliath ’á dhéanamh, do chuimhnigh sé ar an gcothrom uathbhásach uisge atá ó chathair Luimníghe síos go h-Inis Cathaigh agus amach ar fad go Léim Chúchulainn, agus chuimhnigh sé ar an dtairbhthe a dhéanfadh an cothrom uisge sin dá mbéadh sé clúdaithe le loingeas bhreaghtha mhóra do bhéarfadh earaí ceannaigheachta amach ó Éirinn go cuantaibh an domhain, agus do thabharfadh earaí iasachta isteach go h-Éirinn sa bhflúirse chéadna, ó chuantaibh an domhain.

Nuair fhág sé Baile Átha Cliath agus cuaidh sé ódheas go teighlach rígh Laighean, teighlach Mhaoilmhórdha, teighlach drithár a chéile, bhí an machtnamh céadna i n’ aigne i dtaobh uisge Béil Sionainne. D’inis sé do rígh Laighean cad a bhí i n’ aigne, agus dúbhairt sé leis gur bh’ é a thuairim féin ná raibh lefághail i n-Éirinn, ná i n-aon áit eile, adhmad a dhéanfadh crainn seóil do loingeas mhóra chómh maith agus do dhéanfadh an t-adhmad a bhí ag fás i gCúige Laighean.

“Dá gcurfá chúgham siar go Ceann Cora, a rígh,” ar seisean le Maolmórdha, “trí cinn de’s na crannaibh is fearr agat chun na h-oibre, do chuirfinn trí loingeas d’á ndéanamh gan a thuille ríghnis.”

“Cuirfead agus fáilte, a Árdrígh,” arsa rígh Laighean.

D’fhan an sgéal mar sin an uair sin.

Do ghluais Brian agus a chualacht ódheas isteach i n-Urmúmhain. Thug sé a chuaird chun teighlaigh rígh na nDéiseach. Mothla mac Faeláin ab ainim do’n rígh sin. Bhí sé dílis do Bhrian, bíodh ná raibh abhfad roimis sin ó bhris Brian cathana fuilteacha ar a chine. Bhí sé i n’ aigne, fé mar a bhí i n-aigne gach aoinne, go raibh tórmach cogaidh ar siúbhal, go raibh an spéir trom leis an dtórmach cogaidh sin, agus ná raibh aon fhear beó ach Brian a dh’fhéadfadh Éire thabhairt saor as an gcogadh san nuair a thiocfadh sé. D’á bhrígh sin bhí sé dílis do Bhrian.

Tháinig Brian agus a chualacht go teighlach athar Chaoilte. Fuair gach aoinne amach ansan cé r’ bh’ é Caoilte, gur mac rígh é agus gur Donn ab ainim dó, Donn mac Beathach. Nuair a fuair Conn, mac Mhaoilruanaidh na Paidre, gur mhac rígh Caoilte tháinig sé chuige agus do rug sé ar dhá láimh air.

“Ó, a Dhuinn,” ar seisean,“cad ’n-a thaobh nár innsis dom cé r’ bh’ é thú! Bhí sé am’ aigne go mb’fhéidir go raibh braon éigin d’fhuil ríoga ionat, agus an bhfuil fhios agat cathin a chuimhnigheas air? Chuimhnigheas air nuair a thugas an tarcaisne dhuit agus nuair a chonac an chuma ’n-ar choimeádais srian le t’ fheirg. ‘Mura mac rígh é,’ arsa mise am’ aigne féin, ‘tá an fholuigheacht ann pé ball ’n-a bhfuair sé í bheith ann.’ Dúbhart go deimhin. Nách mór an cleasaidhe Niamh! Chuir sí thusa ar theachtaireacht an lá úd. Do chuir má’s fíor bréag! Ní h-eadh ach cheap sí sinn a chur ó chéile. Do rug sí mise i láthair Bhriain, agus geallaim dhuit gur cuireadh smacht orm. ‘Bíodh ciall agat, a mhic ó,’ arsa Brian. Idir Bhrian agus an sagart agus Niamh, agus í imthighthe amach, níor fágadh léas meabhrach am’ cheann. Nuair a bhíos tagaithe amach agus raint machtnaimh déanta agam iseadh thuigeas i gceart cad a bhí imthighthe orm. ‘Tá a h-aigne socair ag Niamh ar gan pósadh choídhche,’ arsa Maolshuathain, agus, ‘Bíodh ciall agat, a mhic ó,’ arsa Brian. Dheineadar amadán díom eatartha.”

“Agus nách maith nár dheinis aon dearmhad de’n fhocal amháin úd, a rígh,” arsa Caoilte.

“Cad é an focal?” arsa Conn.

“An focal úd adúbhairt Maolshuathain, ‘Tá a h-aigne socair ag Niamh ar gan pósadh choídhche.’”

“Ó, ambasa is fíor dhuit é,” arsa Conn. “D’ fhan an focal san ’n-a sheasamh am’ aigne ó shin. Tá sé ’n-a sheasamh am’ aigne anois chómh gléineach agus bhí sé nuair airigheas ag teacht a’ bhéal Mhaoilshuathain amach é! ‘Tá sochair ag Niamh ’n-a h-aigne,’ ar seisean, ‘gan pósadh choídhche.’ Dá mairinn míle blian ní imtheóch’ an méid sin cainte as m’ aigne.”

“’Sé an sgéal céadna agam-sa é,” arsa Caoilte. “Dúbhairt sí an chaint sin díreach amach as a béal féin liom nuair a bhí sí a’m chur ar a’ dteachtaireacht mar ’dh eadh, agus tá an focal ’n-a sheasamh am’ aigne anois, agus beidh go deó.”

“Feuch, a Dhuinn,” arsa Conn,“is maith a dhein sí é agus a h-aigne do shocarughadh ar an gcuma san. Dá bpósadh sí thusa is dóich liom go mbainfinn an t-anam asat; agus dá bpósadh sí mise is dócha go mbainfeá-sa an t-anam asam-sa; agus dá bpósadh sí duine eile is dócha go mbainfimís araon an t-anam as san. Ach nuair ná pósfaidh sí aoinne choídhche ní bheidh aoinne agam-sa ná agat-sa ná againn araon chun an anama bhaint as! Is dian mhaith atá an sgéal socair aici!”

“Is fíor dhuit sin, a Chuinn,” arsa Caoilte. “Shocaruigh sí é i dtreó go bhféadfaimíd bheith ag baint spóirt as, an rud atá agat-sa ’á dhéanamh anois, agus i dtreó go bhfuil ar ár gcumas bheith muinteartha caradach le n-a chéile. Tá gádh againn anois le muintearthas agus le caradas. Is dóich liom nach ró fhada go mbeidh namhaid agus eascáirde ar ndóthin againn.”

“Is fíor dhuit sin, a Dhuinn,” arsa Conn. “Ná béadh sé chómh maith againn, agat-sa agus agam-sa a deirim, caradas daingean a bheith eadrainn, fé mar atá idir Mhurchadh agus Dúlainn, i dtreó nuair a bhéimís i lár catha go bhféadfaimís a chéile chosaint. Tá ana chion agam ort ó’n lá úd a bhuaidhis orm sa ruith.”

“Ní mó an cion atá agat orm, a Chuinn,” arsa Caoilte, “’ná mar atá agam-sa ort-sa. Agus a bhfuil fhios agat cad é an chúis go bhfuil an cion san agam ort, a Chuinn?”

“Andaigh ní fheadar, a Dhuinn,” arsa Conn. “Ní h-eól dom gur dheineas aon nídh riamh duit a thuillfeadh cion dom uait.”

“’Neósfad-sa dhuit cad a chuir an cion am’ chroídhe ort. An grádh a thaisbeánais a bheith agat do Niamh. Siné a dhein é.”

“Aililiú!” arsa Conn. “Ba dhóich liom gur éad, agus fuath dhom, agus gráin orm, a mhúisgileóchadh sé sin a d’ chroídhe.”

“Iseadh, leis,” arsa Caoilte,“go dtí go ndúbhairt sí liom go raibh a h-aigne socair aici ar gan pósadh choídhche. Nuair airigheas an focal san uaithi bhí fhios agam gur bh’ fhíor an focal. Ansan nuair a chonac, agus nuair a thuigeas am aigne, an grádh a bhí agat-sa dhi tháinig truagh agam duit. Ansan tháinig an cion agam ort. Sin mar a tháinig sé. Tá sé am’ chroídhe fós, chómh láidir díreach agus bhí sé an uair sin.”

“Is iongantach an sgéal é sin, a Dhuinn,” arsa Conn. “Isé an sgéal céadna ó m’ thaobh-sa é ach nár thugas fé ndeara é chómh géar agus thugais-se fé ndeara é. Bhí fhios agam cad é an chúis n-a mbíodh Caoilte ag teacht fé dhéin teighlaigh Thaidhg Mhóir uí Chealla. Nuair a thánag amach ó Bhrian agus ó Mhaolshuathain, agus Maolshuathain tar éis an chinn a bhaint de’n sgéal dom, dar leis, agus Brian tar éis cómhairle thabhairt dom ciall a bheith agam, chómh luath agus d’ fhéadas mo mheabhair do chruinniughadh, agus níor bh’ fuiriste é, ‘Agus Caoilte bocht,’ arsa mise am’ aigne féin, ‘cad a dhéanfaidh sé! Tá an sgéal chómh h-olc aige agus ’tá sé agam-sa, nó b’fhéidhir níosa mheasa.’ Tá ana bháigh agam leat ó shin. Agus feuch, níor thugas fé ndeara an chúis go dtí anois nuair a dh’innsis-se do thaobh féin de’n sgéal dom.”

Do shnadhmuigh an bheirt a gcaradas go daingean ansan, agus bhí móráil agus aiteas agus áthas croídhe ortha as san amach.

D’ admhuighdar i gcómhnuighe, as san amach, gur mhór an tabharthas ó Dhia dhóibh an caradas san a bheith eatartha, agus gur ar Niamh a bhí a bhuidhchas acu Dia do thabhairt an tabharthais sin dóibh.

An fhaid a bhí Brian ar an gcuaird sin, mór-thímpal na h-Éirean, bhí sé ag táthughadh agus ag dlúthughadh agus ag méadughadh a nirt ar gach aon tsaghas cuma. Do bhíodh sé ag gríosadh na ndaoine a bhíodh neamh-shuimeamhail. Bhí a lánneamh-shuimeamhlachta ins na daoine i n-áiteanaibh. Ní chreidfidís go raibh aon bhaoghal go dtiocfadh namhaid go dtí go bhfeicfidís ag teacht é. Ansan, nuair a marbhófaí a leath agus nuair a fágfaí an leath eile dhíobh leath-mharbh, agus nuair a bhéadh an namhaid imthighthe agus a gcuid an tsaoghal beirthe chun siúbhail aige, ní chuirfeadh aon nidh ’n-a luighe ortha gur cheart dóibh iad féin d’ollamhughadh mar nár baoghal ná go dtiocfadh an namaidh sin airís. Nuair a thagadh Brian ameasg daoine de’n tsórd san, ar a chuaird, bhíodh sé ag chaint leó agus ag plé leó agus ’ghá ngríosadh agus ag spídiúchán ortha, go dtí go gcuireadh sé a bhfearg suas agus go socaruighdís ar na h-airm a sholáthar agus ar thaithíghe dhéanamh díobh chómh maith le cách. Bhuaileadh duine uime uaireanta, ámhthach, agus ní fhéadadh a dhícheal aon spionadh chur ’n-a mhisneach. Thug aon fhear amháin an freagra so air:—

“Ná bí liom, a Árdrígh,” ar seisean. “Dá mbéadh sé i n-áirighthe agam maireachtaint míle blian b’fhearr liom gach aon lá de’n mhíle blian san do chaitheamh ar mhulach mo chinn sa laithigh ag sglábhaidheacht ’ná aon lá amháin do throid!”

B’éigean do Bhrian eirighe as. Ní mór de’n tsaghas san, ámhthach, a bhuail uime ar a chuaird. Na fir a bhuail uime, pé neamh-shuimeamhlacht a bhí ortha sar ar labhair sé leó, do bhain a chaint an neamh-shuimeamhlacht díobh. Do tugadh dóibh na h-airm agus do cuireadh ag déanamh na gleacaidheachta iad agus stiúrthóirí ’n-a mbun, agus bhí gach aon deabhramh nár ró fhada go mbeidís ábalta ar aghaidh a thabhairt ar Lochlanach i gcath agus ar chleas a mhúineadh dhó.

Um an am ’n-a raibh an chuaird d’á críochnughadh bhí measta i n’ aigne ag Brian go mbéadh suas le chúig mhíle fhichid fear ollamh aige i gcóir na Lochlanach nuair a thiocfaidís. Do réir a bhreitheamhantais is go cuan Bhaile Átha Cliath a bhíodar le teacht. Bhí eólus maith tabhartha aige do Chlainn Chais,agus dos na cineachaibh eile sa Mumhain, ar na bóithribh go Baile Átha Cliath. Ní raibh aon bhaoghal go mbéadh na slóighte ag dul amú’ ná go mbéidís ag brúth ar a chéile ná ag teacht crosta ar a chéile.

Bhí fhios aige, dá mbéadh fir Éirean go léir i n-aonfheacht aige, go mbéadh breis mhór agus dachad míle fear aige, agus bhí fhios aige, dá mbéadh san amhlaidh, ná tiocfadh aon chogadh, mar ná raibh aon chómhacht lasmuich, i n-aon pháirt de’n domhan, a dh’fhéadfadh aghaidh a thabhairt ar chómhacht na h-Éirean dá mbéadh fir Éirean go léir i n-aonfheacht. Ach bhí fhios aige go maith go mbéadh cuid d’fhearaibh Éirean ar thaobh na Lochlanach, agus go mbéadh cuid acu ná raghadh i n-aon chor sa chaismirt. Dhein sé a dhícheal, sa chuaird, ar an dá aicme sin do luigheadughadh an oiread agus dob’ fhéidir é. Chuir sé go soiléir os comhair aigne na ndaoine, coitchianta, agus ins gach áit ’n-ar labhair sé leis na daoine, dá bhfaghadh na Lochlanaigh an lámh uachtair sa chogadh a bhí ag teacht go ngeóbhdís do chosaibh i nGaedhlaibh Éirean chómh tiubaisteach san gur bh’ fhearr go mór d’á raibh de Chríostaighthibh sa n-oileán bás a dh’fhághail sa chath a troidfí ’ná maireachtaint i n-Éirinn i ndiaigh an chatha san. Chuaidh an chaint sin i bhfeidhm ar fhormhór na ndaoine. Thuigeadar go raibh an fhírinne sa chaint. Shocaruighdar a n-aigne ar an lámh uachtair a bheith acu féin nuair a thiocfadh an cath nó thuitim sa chath. Chuaidh an focal san amach ameasg na ndaoine ins gach aon bhall. Ní h-ar theacht ó’n gcath a bhíodh aoinne ag trácht, ach ar thuitim sa chath nó an namhaid do thuitim. Chuaidh daoine i dtaithighe an fhocail chómh mór san go raibh a n-aigne socair acu, go breagh réidh, gan aon chorbhuais, ar dhul sa chath, nuair a thiocfadh an cath, agus ar gan teacht as. B’shiné saoghal a gheár gach fear amach dó féin, go dtí go dtiocfadh an cath san.

Ní baoghal gur fhág Brian gan cur ’n-a luighe ortha go léircoitchianta, an fear a thuitfeadh sa chath gur bhás ar son an Chreidimh dó é, agus bhí fhios acu féin, an t-é a dh’fhuilingeóch’ bás ar son an Chreidimh go raibh aoibhneas na bhFlathas i n-áirighthe dhó láithreach. Ní fhéadfadh bás i gcath sgáth ná eagla do chur ar fhearaibh go raibh a n-aigne socair ar an gcuma san. Agus níor chuir, nuair a tháinig sé.

An fhaid a bhí an chuaird sin ar siúbhal, leis, bhí rud eile ar siúbhal. Bhí Caoilte ag imtheacht coitchianta ó áit go h-áit i n-Éirinn, agus bhíodh sé go minic imthighthe tar faraige a gan fhios d’ aoinne ach do Mhurchadh. Chuaidh sé soir go minic go crích Lochlan gan spleadhchas do’n fholáramh úd a tugadh dó sa leitir a fuair sé ó chaptaéin na loinge a thug abhaile go Corcaigh é tar éis a thamal a thabhairt sa phrísún thall i gcathair rígh Lochlan. Chuaidh sé anonn airís agus airís eile, agus thug sé leis anall, gach uair díobh, ag triall ar Mhurchadh, cúntas cruinn ar an neart fear a bhí thall ag rígh Lochlan, agus ar an méid loingeas a bhí aige chun na bhfear a bhreith thar faraige, agus gur anall go h-Éirinn a bhí na fir sin le tabhairt, chómh luath agus thiocfadh an t-am chuige.

Chuaidh sé óthuaidh, agus níor bh’aon uair amháin é, go h-Ínsíbh Orc agus go h-Ínsíbh Gaill, agus chonaic sé le n-a shúilibh féin cad é an neart fear a bhí ’á dhéanamh suas ins na h-oileánaibh sin, agus cé r’ bh’é an rígh a bhéadh os cionn na bhfear san. Chuaidh sé, ’n-a chuardaibh, soir óthuaidh go tír na h-Ioruaidhe, agus fuair sé ansan, leis, an t-eólus a bhí uaidh, agus eólus ná raibh coinne aige leis. Nuair a bhíodh raint eóluis cruinnighthe aige thagadh sé abhaile agus thugadh sé an t-eólus do Mhurchadh, agus thugadh Murchadh do Bhrian é, ’sé sin, an méid ba mhaith a thabhairt dó dhé. Bhí cuid de’n eólus agus níor tugadh do Bhrian é go dtí ’n-a dhiaigh san.

Do h-innseadh dó cad é an neart slógh a bhéadh ag teacht anall ó rígh Lochlan agus cé r’ bh’iad na taoiseacha a bhéadh ’n-a bhun. Do h-innseadh dó cad é an neart slógh a bhéadhag teacht anall ó rígh na h-Ioruaidhe agus cé r’ bh’iad na taoiseacha a bhéadh ’n-a bhun. Do h-innseadh dó cad é an neart slógh a bhéadh ag teacht adtuaidh ó Ínsíbh Orc agus ó Ínsibh Gaill agus cé r’ bh’iad na taoiseacha a bhéadh i mbun na slógh san. Agus do h-innseadh dó nách namhaid ar fad a bhéadh ag teacht; go mbeadh congnamh fear, agus nár chongnamh shuarach é, ag teacht anoir adtuaidh ó Ghaedhlaibh Alban, chun buille bualadh le Gaedhlaibh Éirean i gcoinnibh cómhacht Lochlan, agus go mbéadh an dá rígh uasal, an dá Mhaor Mhór, i gceannus an chongnaimh sin. Fuair Caoilte amach, leis, go raibh slóighte ag teacht anoir ó’n gceann tuaidh de’n Almáinn ag cabhrughadh le namhdaibh na nGaedhal. Bhí, ba dhóich le duine, an Phágánacht go léir, thoir agus thuaidh, ag cruinniughadh agus ag eirighe, mar a bhéadh tonn mór faraige, chun an oileáin seo na h-Éirean do bháth agus do mhúchadh agus do thraochadh d’ aon mhór-iaracht amháin.

Bhí an t-ollmhúchán ar siúbhal go h-uathbhásach ins gach aon bhall, ar fuid na h-Éirean agus ins na dúthaíbh thall, ach ’n-a thaobh san a’s uile ní raibh ach síthcháin agus caradas ins gach aon bhall, i n-Éirinn agus thar lear. Ba chuma é nó an ciúnas roimis an dtóirthnigh. Bhí an tsíthcháin ann. D’á bhrígh sin bhí neart do Chaoilte agus d’á aicme féin ar bheith ins gach aon chúinne, ag faire agus ag fághail eóluis, agus bhí, ar an gcuma gcéadna, neart do’n namhaid ar a lucht faire bheith acu ins gach aon chúinne d’ oileán na h-Éirean, ag feuchaint agus ag iniúchadh agus ag fághail eóluis, chómh maith agus dob’ fhéidir leó é.

Pé cúis a bhí leis, bíodh go ndeigh Caoilte anonn go minic go críochaibh Lochlan, agus anonn go Cathair na Beirbe, níor deineadh aon iaracht ar aon chur isteach a dhéanamh air ná ar bhaint leis i n-aon tsaghas cuma. Thug sé féin aire mhaith gan aon dlígh a bhriseadh.

Idir an dá aicme faire ba dheacair puinn eóluis a bheithi n-Éirinn a gan fhios do’n namhaid, agus ba ró dheacair do’n namhaid aon chor a chur díobh a gan fhios do Chaoilte. Ní raibh ag gach taobh le déanamh ach bheith ’ghá neartughadh féin chómh maith agus dob’ fhéidir leó é, agus bheith a d’iaraidh eóluis a nirt do choimeád ó’n dtaobh eile chómh maith agus dob’ fhéidir leó é, go dtí go bpléasgfadh an tóirthneach eatartha.

Bhí dhá shaghas eóluis ag gach taobh de’n dá thaobh ’á chruinniughadh. Bhí gach taobh a d’iaraidh eóluis a dh’ fhághail ar na neithibh ab fhearr a dhéanfadh cur le n-a neart féin agus ar na neithibh ab fhearr a dhéanfadh baint ó neart an taoibh eile.

Ní raibh Brian abhfad imthighthe ó Cheann Cora, ar a chuaird rígh, agus Niamh agus a h-athair imthighthe i gcualacht Bhriain, nuair a tugadh fé ndeara daoine iasachta ag teacht ann. Níor cuireadh aon tsuim ró mhór sa méid sin. Bhíodh daoine ag teacht ó gach aon pháirt d’ Éirinn go ceártain Mheargaigh ag ceannach na n-arm. Bhí cúram teighlaigh an Árdrígh i gCeann Cora ar an Árdrígain, nídh nár bh’iongnadh, agus ba léir do gach aoinne go raibh sí ábalta ar a smacht do chur i bhfeidhm agus ar mhuintir an teighlaigh do choimeád fé n-a láimh, agus ar a gceann a choimeád fútha, agus ar a chur fhiachaibh ortha a ngnó dhéanamh mar ba cheart. D’á bhrígh sin, nuair a thagadh daoine iasachta ann, ní leigeadh eagla d’aoinne de mhuintir an teighlaigh aon rud a thabhairt fé ndeara ná aon chur isteach a dhéanamh ar neithibh nár bhain leó, dar leó féin.

I n-éaghmuis na ndaoine iasachta eile d’ár tháinig ann tháinig Amhlaoibh ann. Sa n-oídhche iseadh tháinig sé, agus bhí fhios ag Gormfhlaith roim ré go raibh sé ag teacht. Do shleamhnuigh sé isteach a gan fhios do’n teighlach. Ní fheacaidh aoinne é. B’éigean dó teacht ar an gcuma san mar bhí an iomad aithne sa n-áit air, agus dá bhfeictí ann é do shroisfeadh an ráfla Inis Cathaigh agus Uíbh Máine. Ansan do shroisfeadh sé Murchadh agus Brian agus níor bh’ fhios cad a thiocfadh as. Tháinig sé ann sa n-oídhche, a gan fhios d’aoinne. Nuair a bhí sé féin agus Gormfhlaith i bhfochair a chéile, i seómra a bhí abhfad isteach, do chuir sí na mílte fáilte roimis. B’ fhuiriste a dh’ aithint ó’n gcuma ’n-ar ghlac sí é go raibh an gaol achamair go maith eatartha. Ná féadfadh sé bheith níb’ achamaire.

“Ó! a mhic ó, a laogh,” ar sise, “nách fada gur fhéadais teacht! Shíleas ná tiocfá choídhche. Conus tá an obair ag dul chun cinn? Cathin a buailfear an buille do shaorfaidh sinn ó’n annsgian, ní h-eadh ach ó’n sluagh annsgian! Cathin a thiocfaidh an chabhair, a mhic?”

“Thiocfadh an chabhair amáireach, a mháthair,” ar seisean, “dá mbéadh do thaobh-sa de’n obair déanta.”

“Conus fhéadfainn mo thaobh de’n obair a dhéanamh anois agus gan Brian anso? An fhaid a bhí sé anso bhí an eascú san Thaidhg Mhóir ag faire orm ins gach aon chúinne gach aon rae sholuis. Ní fhéadfainn cor a chur díom gan mé féin a chur i gcontabhairt. Tá Murchadh ag faire orm. Tá Donn mac Beathach ag faire orm. ’Sé mo thuairim láidir gur dhein an t-easbog úd a bhí anso ó’n Róimh rud éigin, nó go ndúbhairt sé rud éigin, do chuir iad go léir ar a gcosaint féin orm. Thugas fé ndeara é, cupla uair, ag feuchaint orm, agus níor thaithn an fheuchaint liom. Mheasas gur fheuch sé treasna thríom. Ní fheadar an domhan cad a chuir iad go léir ar a gcosaint féin mar atáid. Níor dheineas aon nídh a dh’ fhéadfadh aon rud do chur ar a súilibh dóibh. An fhaid a bhí Niamh anso ag faire orm do leigeas mé féin fé n-a súilibh chómh h-osgailte agus dob’ fhéidir dom é. Dheineas gach aon rud, dar liom, chun a thaisbeáint dí ná raibh brígh ná bunús leis an bhfaireachán. Dheineas níba mhó ’ná san. Thugas mé féin di chómh h-iomlán san gur dóich liom dá bhfanadh sí abhfad eile anso go mbéadh sí curtha fé ’n gcré agam!”

“Airiú, cad a chuirfeadh fé’n gcré í, a mháthair? Ar nóin ní h-amhlaidh a thabharfá dhi féin an rud n-a raibh sí ag faire ort sar a dtabharfá do Bhrian é!” ar seisean.

“Ní h-amhlaidh,” ar sise. “Níor ghádh dhom é. Cailín fíor uasal ’n-a h-aigne iseadh í. Do deineadh árd éagcóir uirthi nuair a cuireadh anso í. Tá sí ana ghéarchúiseach, ach tá sé bun os cionn ar fad le n-a meón agus le n-a nádúr aon rud i bhfuirm faireacháin a thabhairt le déanamh di. Ní raibh fasg agá h-athair agus í thabhairt anso. Níor dheineas-sa ach í thachtadh agus do mhúchadh le séimhe agus le soilbhreas agus le gealgháiriteacht. Go deimhin le fírinne dhuit, a Amhlaoibh, do bhíodh truagh agam do’n chailín bhocht nuair a chínn í ag casadh le gáire dhéanamh agus gan aon gháire ’n-a croídhe. Mura mbéadh a luathacht a rugadar leó chun siúbhail í bhéadh sí ar an gclár acu.”

“Bhí aithne agam uirthi,” arsa Amhlaoibh. “Chonac í thiar sa bhaile cúpla uair. Níor mheasas gur bh’ aon rud fóghanta í.”

“Aon rud fóghanta!” arsa Gormfhlaith. “Tabharfad a ceart féin di, a mhic, agus tuigim cad tá agam ’á rádh. Isí cailín í is fearr agus is uaisle agus is gile agus is glaine croídhe agus aigne d’ár bhuail riamh fós umam-sa! Déarfad an méid sin di dá ndéineadh sí oiread eile faireacháin orm. Ní’l fasg ag an muintir a chuir anso í.”

“Tá sí imthighthe anois, a mháthair, pé ’r domhan é, agus tá an áit seo fút féin. Ba chóir go bhféadfá rud éigin a dhéanamh nuair a thiocfadh an t-Árdrígh seo abhaile. Nár chóir go bhféadfá bheith ollamh i dtreó nár ghádh dhuit tú féin a chur i n-aon chontabhairt nuair a bhéadh sé sa bhaile. Tá sé ana aosda. Dá dtagadh an bás air díreach nuair a bhéadh ár neart ag teacht isteach i gcuan Bhaile Átha Cliath bhéadh gach aon rud ar ár dtoil againn láithreach. Bhéadh Éire againn gan a bheith orainn oiread agus aon fhear amháin do chailleamhaint. Do thuitfeadh neart Bhriain as a chéile. D’éileóch’ M’lsheachlainn airís an Árdrígheacht a baineadh dé chun í thabhairt do Bhrian. D’éileóch’ Murchadh an Árdrígheacht ó ’sé an ríghdhamhna é. D’eireóch’ Ua Néill chun gan an Árdrígheacht d’ fhágáilt ag aoinne acu ach í bheith aige féin. Bhéidís go léir ag marbhughadh a chéile láithreach bonn. Níor ghádh dhúinn aon phioc d’á nduagh dh’ fhághail. Mharbhó’dís féin a chéile dhúinn. Ní bhéadh le déanamh againn ach sgaoileadh leó agus bheith ag brúth isteach ortha fé mar a bhéidís ag lagughadh a chéile. Um an dtaca ’n-a mbéidís dísgighthe agá chéile bhéimís-ne i seilbh an oileáin. Déin rud éigin, a mháthair. Tabhair congnamh éigin do Bhrian chun an tsaoghail seo dh’fhágaint. Is mithid dó imtheacht.”

“Déanfad mo dhícheal, a mhic ó,” ar sise. “Ach caithfir aon nídh amháin a gheallamhaint dom, a Amhlaoibh,” ar sise.

“Geallfad aon rud is maith leat duit, a mháthair,” ar seisean. “Cad é an rud é?”

“Geall dom,” ar sise, “má eirighean linn go bpósfair Niamh.”

“Aililiú!” ar seisean, agus do leath a dhá shúil air. “Ag magadh athaoín tú, a mháthair!” ar seisean.

“Ní h-eadh, a mhic mo chroídhe!” ar sise.“Lom dáiríribh atáim. Ní’l cor ’n-a croídhe ná ’n-a h-aigne ná fuil ’fhios agam. Níor bhuail a leitéid eile riamh umam. Go dtí gur bhuail sí féin umam níor mheasas go raibh a leithéid ar bith. Níor mheasas gur bh’fhéidir a leithéid a bheith ar bith. An oídhche úd a bhíobhair go léir anso nuair a chonac tu ag rince léi mheasas ná feaca riamh aon bheirt chómh h-oireamhnach d’á chéile. Ní mise amháin a mheas é. D’ airigheas an cogarnach: ‘Ó! nác áluinn an lánmha a dhéanfaidís!’ An ngeallfair dom go bpósfair í má eirighean linn?”

“Ní’l eirighthe linn fós, a mháthair,” ar seisean, “ach ní dóich liom gur miste dhom a gheallamhaint duit go bpósfad í—————má phósan sí mé. Tá sé i mbéal gach aoinne go bhfuil socair aici ’n-a h-aigne gan pósadh choídhche.”

“Ó’n aithne atá curtha agam uirthi ní chuirfeadh san féin blúire iongnadh orm,” arsa Gormfhlaith. “Tá meón ana mhaith, ana naomhtha, aici. B’fhéidir go n-atharóch’ sí a h-aigne. Is cuimhin liom cogarnach eile dh’airigheas an oídhche chéadna ad’ thaobh-sa. ‘Ó,’ adeirthí, ‘nách mór an truagh sagart a dhéanamh dé!’ Cúis gháire chúghainn! Ach pósfair í má phósan sí thú?”

“Tá go maith, a mháthair,” ar seisean. “Ní dóich liom, ámhthach, go bpósfaidh sí mé pé tathant a dhéanfair uirthi. Is éagsamhlach an bhean tú, a mháthair,” ar seisean. “Mheasas go marbhófá mé níba thúisge ’ná mar a leigfeá dom í phósadh!”

“Dá dtuigtheá a feabhas mar a thuigim-se é ní mheasfá san,” arsa Gormfhlaith.

Thugadar formhór na h-oídhche ag caint. Thug Amhlaoibh cúntas cruinn di ar an neart a bhí le teacht go h-Éirinn chun seilbh na h-Éirean do ghlacadh chómh luath agus gheóbhadh Brian bás. D’inis sé dhi cad é an neart fear a bhí ollamh ag rígh Lochlan agus cad iad na loingeas a bhí ollamh ar uisge aige. D’inis sé dhi cad é an neart fear a bhí ollamh ag rígh na h-Ioruaidhe, agus cad iad na loingeas a bhí ollamh ar uisge aige, agus conus mar a bhí beirt mac an rígh, an bheirt óigfhear ba threise agus ba thréine i dtír na h-Ioruaidhe anuair sin, ag teacht ’n-a bhfearaibh cinn-riain ar shlóightibh na h-Ioruaidhe.

D’inis sé dhi conus mar a bhí Sígurd mac Lódair, rígh Ínsí h-Orc, chun teacht agus mór-shluagh aige d’fhearaibh luatha láidire cruadha ó Ínsíbh Orc agus ó Ínsíbh Gaill, ó Sgathaigh agus ó Cheann Tíre agus ó-s na dúthaíbh sin go léir mór-thímpal.

Thug sé gach aon chúntas mar sin di ar an gcuma ’n-a raibh neart Lochlan suidhte an uair sin agus ar an gcuma ’n-a raibh an neart ag méadughadh agus ag dul i n-acfuinníghe i n-aghaidh an lae. Agus chuir sé ’n-a luighe ar a h-aigne ná raibh aon nídh ag teastubháil feasta ach bás Bhriain.

D’fhan Amhlaoibh i gCeann Cora an chuid eile de’n oídhche sin agus an lá a bhí chúghainn. Níor thaisbeáin sé é féin d’ aoinne i gcaitheamh an lae. Chómh luath agus bhí am mhairbh na h-oídhche airís ann d’imthigh sé. Thug sé aghaidh ar Bhaile Atha Cliath. Chuaidh sé chun cainte le Sitric, rígh Lochlanach Bhaile Atha Cliath, agus d’inis sé dhó an uile fhocal de’n chaint a bhí idir é féin agus Gormfhlaith.

Bhí eagal ar an mbeirt ná déanfadh Gormfhlaith an bheart. Níor thaithn leó i n-aon chor an bháigh a thaisbeáin sí a bheith aici do Niamh. Thuigeadar ’n-a n-aigne má bhí congnamh le tabhairt do Bhrian chun imtheacht as an saoghal, agus má b’ í Gormfhlaith a thabharfadh an congnamh san dó, nár bh’ fholáir congnamh a thabhairt do Ghormfhlaith féin sa ghnó.

Conus a tabharfaí an congnamh san di, ámhthach, agus cad é an saghas an congnamh a tabharfaí dhi? B’shiní an cheist acu, agus níor cheist ró bhog í.

Bhí an bheirt istigh i seómra i ríghtheighlach Shitric i mBaile Átha Cliath agus iad ag cur ’s ag cúiteamh i dtaobh an sgéil.

“Ní dhéanfaidh sí an bheart,” arsa Amhlaoibh. “Ní’l an sgairt chómh láidir aici agus do mheasas. Siné fé ndeár gan an gnó bheith déanta fadó. Do cuireadh Niamh ag faire uirthi. Isí Niamh a choisg í ar an obair a dhéanamh an fhaid a bhí Brian sa bhaile, ach ní leis an bhfaire do choisg sí í. Chuir Niamh Gormfhlaith ó’n ndroch ghníomh a gan fhios do Ghormfhlaith féin. Deirim an méid seo leat, a rígh. Dá bhfanadh Brian sa bhaile i gCeann Cora agus dá bhfanadh Niamh ann, agus í féin agus Gormfhlaith a bheith chómh mór i gcuideachtanas a chéile agus bhíodar, ní dhéanfadh Gormfhlaith an gníomh i n-aon chor. Bhéadh sí ceapaithe ar an ngníomh a dhéanamh, ach an fhaid a bhéadh Niamh ann agus í fé shúilibh Ghormfhlaith, agus a h-anál ag dul fé Ghormfhlaith, agus a guth agus a gáire ag dul fé Ghormfhlaith, ní dhéanfadh Gormfhlaith an gníomh.”

“Ach!” arsa Sitric. “Airiú, nách eólgaiseach an buachail tu! Cá bhfuarais an fháidheamhlacht go léir? Ba dhóich le duine gur ag breithniughadh aigne an duine a chaithis do shaoghal.”

“Abair do rogha rud, a rígh,” arsa Amhlaoibh,“i dtaobh conus a chaitheas mo shaoghal, ach bain-se an chluas anuas ó’n gceann díom mura bhfuil an ceart sa méid úd agam. Bhéadh an rud atá uainn déanta fadó mura mbéadh Niamh a theacht go Ceann Cora. Chun na faire dhéanamh iseadh do tugadh ann í. Dhein sí an fhaire, ach ní leis an bhfaire do choisg sí an gníomh, ach le h-í féin a bheith ann.”

“Ba dhóich liom gur conus a déanfar an gníomh an cheist anois agus nách conus a coisgeadh é. Ó bhreithnighis an cosg chómh maith b’ fhéidir go bhfuil breithniughadh éigin déanta agat ar conus a curfar an cosg as an slígh,” arsa Sitric.

“Tá an breithniughadh san, leis, déanta agam, a rígh,” arsa Amhlaoibh.

“Is maith é sin. Sgaoil chúghainn toradh do mhachtnaimh,” arsa Sitric.

“Ar airighis riamh,” arsa Amhlaoibh, “conus a deineadh Árdrígh de Dhiarmaid mac Céirbheóil?”

“Do marbhuigheadh Tuathal Maolgarbh,” arsa Sitric. “Ach ar airighis-se cad d’ imthigh ar an bhfear a mhairbh Tuathal?”

“Do deineadh goin galáin dé,” arsa Amhlaoibh.

“Go díreach,” arsa Sitric; “an rud a dh’ imtheóch’ láithreach bonn ar an t-é a mharbhóch’ Brian, ach so a bheith de dheifrigheacht idir an dá sgéal. Do deineadh goin galáin de ’n t-é mhairbh Tuathal, ach tar éis an ghnímh a deineadh dé é. An fear a thabharfadh fé Bhrian a mharbhughadh, roimis an ngníomh a déanfaí goin galáin dé.”

Bhí an bheirt ag caint ar an gcuma san. Tháinig seirbhíseach isteach.

“Tá duine sa phóirse agus ba mhaith leis labhairt leat, a rígh,” arsa’n seirbhíseach.

“Tabhair anso isteach é,” arsa Sitric.

Do tugadh isteach é.

Sidé saghas duine a chonaic an bheirt nuair a tháinig sé isteach. Firín beag agus ceann mór air. Bhí folt odhar ar a cheann, folt trom agus é ag tuitim anuas ar a ghuaillibh agus siar sios ar a shlinneánaibh. Bhí mar bhéadh raca beag óir ar gach taobh d’á cheann, agá uiseanaibh, ag coimeád a ghruaige siar d’á éadan agus d’á shúilibh. Bhí éadan leathan árd air agus fáibrí treasna ann, ’ghá thaisbeáint go raibh sé, an chuid ba lugha dhé, trí fichid blian. Bhí srón fhada dhíreachair agus dhá shúil mhaithe mhóra sholusmhara aige, agus iad aibigh go maith. Bhí a cheannacha faidleicineach agus bhí féasóg throm, liath-ghorm air agus í ag dul abhfad síos ar a bhrollach. Bhí brat, nó clóca, de’n éadach saidhbhir ba cheart a bheith ar dhuin’uasal, aniar ar a shlinneánaibh.

“Cad é an gnó atá agat díom-sa, a dhuine mhacánta?” arsa Sitric leis.

“Liagh iseadh mé, a rígh,” arsa’n duine iasachta. “Tá mórán de chríochaibh an dómhain siúbhalta agam i gcaitheamh mo shaoghail. Ó’n mBreatain anall a thánag le déanaighe. Tá mórán taithighe agam ar na galaraibh a thagan ar an nduine, agus ar na neithibh is fearr chun na ngalar san do leigheas. Thánag anso go dtí an chathair seo ag brath air go mb’fhéidir go bhféadfainn úsáid a dhéanamh ann de’n eólus atá agam agus raint tairbhthe dhéanamh do dhaoine a bhéadh ’n-a ghátar. Is léir duit féin, a rígh,” ar seisean, “gur ró bheag an gnó a bhéadh agam’ leithéid ag teacht anso chun na h-oibre sin a dhéanamh gan mé féin do chur i n-iúil ar dtúis do’n rígh agus cead a dh’iaraidh air.”

“Tá san fíor go leór,” arsa Sitric, “ach cá bh’ fhios dómh-sa nách díobháil a dhéanfá dom’ dhaoine dá dtugainn an cead san duit,” agus chuir sé gáire as. “Cá bh’fhios dom,” ar seisean, “ná gur b’ amhlaidh a thabharfá nimh dúinn go léir.”

“Cúis gháire chúgat, a rígh,” arsa’n duine iasachta. “Ní gádh dhom a dh’innsint duit-se, a rígh,” ar seisean,“gur b’é meón agus nádúr an liaigh gur túisge leis go mór leigheas a dhéanamh ’ná aon díobháil sláinte dhéanamh d’ aon duine. Tuigim go maith cad a bhainean le nimh, agus cad a bhainean le duine do leigheas ó nimh dá mbéadh sé tar éis an nímhe do thógaint, pé ’cu le tionóisg nó le toil a bhéadh an nimh tógtha aige. Ach ní gádh dhom bheith ’ghá innsint cad a dh’fhéadfainn a dhéanamh. Tá teistiméireachtaí anso agam ó ríghthibh agus ó uaislibh agus ó choláistíbh móra, ’ghá thaisbeáint cad é an saghas mé, agus cad é an saghas oibre a dheineas cheana ins na h-áiteanaibh eile ’n-a rabhas sar a dtánag anso.”

Tharaing sé amach beart phápéar agus shín sé chun an rígh iad. Thóg Sitric iad agus chrom sé ar iad do léigheadh. Thaisbeáin sé d’ Amhlaoibh cuid acu. Do léigh Amhlaoibh iad.

“Chím asta so,” arsa Sitric, “gur Lonán is ainim duit.”

“Iseadh, a rígh,” ar seisean. “Lonán m’ ainim.”

“Tá go maith,” arsa Sitric. “Tá mo chead-sa agat chun aon tairbhthe is féidir leat a dhéanamh do mhuintir na catharach so. Is dócha gur cuma leat cé ’cu Lochlanaigh nó Éireanaigh an mhuintir n-a n-imireóchair do chuid eóluis ortha?”

“Is cuma, a rígh,” arsa Lonán. “Imireóchad mo chuid eóluis ar an muintir is mó a chífead ’n-a ghátar agus ar an muintir is fearr a dhíolfaidh mé.”

“Ó, tuigim,” arsa Sitric. “Ba dhóich liom féin, ámhthach,” ar seisean, “go bhfaghadh duine a shiúbhluigh oiread agus shiúbhluighis-se ceannach ar a chuid eóluis, agus díol as, níos fearr ’ná mar a gheóbhair-se sa chathair seo.”

“Conus san, a rígh, le d’thoil?” arsa Lonán.

“Ba dhóich liom gur ’mó rígh, nó Árdrígh, gur mhaith leis tusa bheith i n’ aice i gcómhnuighe ag feuchaint i ndiaigh a shláinte dhó, agus go mb’fhéidir gur bh’ fhearr a dhíolfadh sé thú as do chuid eóluis ’ná mar fhéadfadh daoine bochta na catharach so thú dhíol,” arsa Sitric.

Do gheal gnúis Lonáin.

“Tá go maith, a rígh,” ar seisean.“Ní’l aon rud ab fhearr a thaithnfeadh liom, má’s chuige atá t’ onóir, ’ná an gnó san a dhéanamh do t’ onóir-se. Thabharfainn aire mhaith do’n ghnó, agus is dóich liom, nuair a bhéadh taithighe agat ar m’ eólus ar feadh tamail, agus ar m’obair, nách go ró bhog ba mhaith leat sgaramhaint liom.”


Back to IndexNext