“Tá go maith, a mhic ó,” arsa Colla.
Ní h-ar eirighe lae a bhí an bád san ag dul suas go Luimneach ach uair a’ chloig roim lá. D’eirigh Amhlaoibh uair gho leith a’ chloig roim lá agus chuir sé uime culaith an mhanaigh agus d’fhill sé a ghruaig fé’n gcochal, agus siúd chun an bháid é. Bhí an doircheacht ann agus níor chuir aoinne aon speic air. Dhíol sé an t-éileamh agus chuaidh sé isteach. Nuair a shrois sé Luimneach is ar cheártain Mheargaigh a thug sé aghaidh. Chonaic sé Meargach.
“Dúbhairt Colla liom, a dhuin’uasail,” ar seisean, “a fhiafraighe dhíot a’ bhféadfá macshamhail a dhéanamh dó’n eochair úd a dheinís dó chun na cailíse chur fé ghlas.”
“Cad d’imthigh ar an eochair a dheineas dó?” arsa Meargach.
“Níor inis sé dhom, a dhuin’uasail, cad d’imthigh uirthi ná ar imthigh aon rud uirthi,” arsa Amhlaoibh, go símplídhe.
“Tá go maith,” arsa Meargach. “Is cuimhin liom an eochair. Ní bheidh mé neómat ’á déanamh duit. Suigh ansan. Ní fiú dhuit imtheacht. Tabharfaidh mé dhuit í láithreach.”
B’ fhíor dhó. Cúpla buille chasúr agus cúpla sgríob bara-ciomalta agus bhí an eochair déanta.
“Seo,” arsa Meargach. “Siní agat í. Seachain agus ná caill í mar a cailleadh an ceann eile.”
“Gura maith agat, a dhuin’uasail,” arsa’n manach bréige.
Tháinig Amhlaoibh amach as an gceártain agus an eochair aige. Bhí sgannra air an fhaid a bhí sé istigh le h-eagla go ndéarfadh Meargach,“Raghad féin síos ag triall ar Cholla leis an eochair seo.” Ní dúbhairt. Thug sé an eochair do’n mhanach, dar leis, agus bhí Amhlaoibh sásta.
Chómh luath agus bhí sé ar an dtaobh amuich de’n cheártain d’imthigh sé i n-áit chaothamhail éigin agus bhain sé dhé an aibíd agus an cochal agus bhí sé ’n-a riocht féin. Dhein sé ceirthlín bheag chruaidh de’n aibíd agus de’n chochal agus chuir sé fé n’ osgail an cheirthlín, agus d’imthigh sé suas go Ceann Cora. Chonaic sé Gormfhlaith. D’inis sé dhi cad a bhí déanta aige, agus thaisbeáin sé an eochair di.
“Nuair innsis dom, a rígan,” ar seisean, “conus a tógadh uait an chailís sin bheartuigheas am’ aigne go dtabharfainn chúghat tar n-ais í nó go gcaillfinn an t-anam. Tá an eochair seo agam anois, agus féadfad an chailís a thabhairt liom agus an bosca dh’fhágailt am dhiaigh agus an glas air, agus ní aithneóchaidh aoinne an chailís a bheith imthighthe ní fios cathin. Tá cailís eile ann agus isí a tógtar amach nuair a bhíon aon ócáid áirighthe ann. Ní tógtar amach an chailís dhaor choídhche.—Tá aon chontabhairt amháin sa sgéal, ámhthach. Dá ráineóch’ Measgach agus Colla bheith ag caint agus go bhfiafróch’ Meargach de Cholla, ‘Ar dhein an eochair nua úd a dheineas duit an gnó?’ nó rud éigin de’n tsórd san, bhí an sgéal amuich orm. Ní mór dhom an chailís a thabhairt chúghat, a rígan, chómh luath agus d’ fhéadfad é, agus ansan bheith ag faire chúgham.”
Bhí áthas an domhain ar Ghormfhlaith. Ní raibh aon chuimhneamh aici go ndéanfadh an buachail sin a leithéid de ghníomh, agus é dhéanamh chómh ciúin, chómh gasta. Do mhol sí é agus do mol sí airís é. Do rug sí air agus chrom sí ar é phógadh. Do phóg sí go dlúth é, airís agus airís eile, agus “Mo ghrádh mo leanbh!” ar sise leis, i n-aghaidh gach póige d’ár thug sí dhó. Ansan do chrom sí ar ghol. Ansan d’ áirimh sí airís dó na h-éagcórtha troma cruadha a bhí d’á ndéanamh uirthi, Brian ’ghá ndéanamh uirthi agus Murchadh ag séideadh féi.Ar ball do chuaidh sí chun suaimhnis, agus thriomuigh sí a súile, agus tháinig a snua féin agus a gnaoi féin di. D’fheuch Amhlaoibh uirthi agus thuig sé i n’ aigne gur mhór an tíránach Brian agus gur bh’ é rud Murchadh ’ná annsgian díoblaidhe, agus an t-é a chuirfeadh as an saoghal an bheirt gó mbéadh comaoine mhór curtha ar an saoghal aige.
“Suigh ansan go fóil, a laogh,” ar sise. “Beidh mé thar n-ais chúghat láithreach.”
D’imthigh sí. Níor bh’fhada gur fhill sí, agus rud éigin aici ’n-a láimh, fillte i n-éadach. D’osgail sí an t-éadach. Ímhágh do’n Mhaighdin Mhuire iseadh ’bhí aici, ímhágh airgid. An t-é a dhein an ímhágh san dhein sé go maith í. Bhí sí tímpal sé h-órla ar aoirde agus bhí sí cúmtha ana chruinn do’n réir sin, agus í fírinneach ’n-a déanamh do réir mar ba cheart cló duine a bheith. Ach bhí nídh thairis sin inti. Tháinig leis an gceárdaidhe, pé r’ bh’ é féin, sgáil gnaoi éigin do chur sa n-aghaidh i dtreó gur dhóich leat nuair fheuchfá ar an aghaidh gur bh’ í aghaidh na Maighdine féin a bhéadh ann. D’fheuch Amhlaoibh ar an ímhágh, agus má fheuch do mhothuigh sé ag teacht ’n-a chroídhe, do’n ímhágh san, uraim nár mhothuigh sé a leithéid riamh roimis sin ’n-a chroídhe.
“Is áluinn an ímhágh í sin, a rígan!” ar seisean.
“Seo, a mhic ó,” arsa Gormfhlaith,“beir leat síos go dtí an mhainistir í sin, agus tabhair do Cholla í, agus abair leis gur mise chuir chuige í, agus gur b’ shiné gnó a bhí agam díot-sa indiu, chun na h-ímhágha san a bhreith síos ag triall air agus í bhronnadh air. Ímhágh dheas iseadh í. Ní thabharfainn-se, ámhthach, an chailís úd ar mhíle, ní h-eadh, ach ar deich míle, d’á sórd. Beidh áthas mór ar Cholla nuair a gheobhaidh sé an ímhágh san. Cuirfidh an t-áthas san é ó aon chuimhneamh i n-aon chor a bheith aige go bhféadfá-sa aon ghnó eile bheith anso ainíos indiu agat ach chun í sin a bhreith síos ag triall air. Déanfaidh an t-áthas rud eile. Nuair iarfair-se ar Cholla cead teacht ainíos airís amáireach tabharfaidh sé dhuit an cead gan cheistiúchán.”
“Tuigim thu, a rígan,” arsa Amhlaoibh.
Bhí sé ag imtheacht agus an ímhágh aige, agus an cheirthlín fé n’ osgail aige. Do labhair Gormfhlaith airís agus na deóracha le n-a súilibh.
“Tabhair aire mhaith dhuit féin, a laogh,” ar sise. “Beart ana chontabharthach iseadh an bheart atá idir lámhaibh agat. Ní tusa amháin atá sa chontabhairt feasta. Táim-se anois chómh fada isteach sa chontabhairt agus ataoí-se. Tabhair aire mhaith dhuit féin.”
“Ná bíodh eagal ort, a rígan,” ar seisean, agus d’ imthigh sé.
Tháinig sé chun na mainistreach. Chuaidh sé chun an érdaim. D’ osgail sé an cheirthlín agus chuir sé an cochal agus an aibíd sa n-áit ’na bhfuair sé ar dtúis iad. Siúd ag triall ar Cholla ansan é.
“Seo, a Athair,” ar seisean, “rud a chuir an Bhanrighin anuas chúghat-sa. Siné gnó a bhí aici dhíom indiu, chun go dtabharfainn chúghat anuas é sin.”
D’fheuch Colla ar an ímhágh. Do stad sé ar feadh tamail agus é ag feuchaint uirthi.
“Ó,” ar seisean, “is áluinn an ímhágh í sin! Is beannuighthe an ímhágh í. Ní fhéadaim gan grádh do’n Mhaighdin Mhuire do mhothughadh ag lasadh istigh am’ chroídhe nuair fheuchaim ar an ímhágh sin! Abradh an saoghal a rogha rud,” ar seisean, “bean mhaith iseadh Gormfhlaith! Mura mbéadh gur bhean mhaith í ní bhronnfadh sí an ímhágh so orainn. Mura mbéadh gur bhean mhaith í ní bhéadh a leithéid i n-aon chor aici.”
“Dúbhairt sí liom dul suas airís amáireach, a Athair,” arsa Amhlaoibh, “go raibh gnó éigin eile aici dhíom.”
“Tá go maith, a mhic ó. Comáin leat,” arsa Colla.
D’imthigh Amhlaoibh agus thug sé cuaird ar an érdam ag cur gach aon rud i dtreó ann. Thug sé an tráthnóna ag níghe agus ag glanadh agus ag sgiomar agus ag slachtughadh go dtí go raibh gach aon rud ar áilleacht aige. Fuair sé eochair an chórtha dhaingin ó Cholla chun na n-árthaí airgid agus óir a bhí istigh ann do thógaint amach agus do ghlanadh. Nuair a bhíodar glan aige chuir sé isteach airís iad. Bhí an oídhche ann sar a raibh an obair go léir déanta aige.
Nuair a bhí an doircheacht aige tharaing sé amach an mhacshamhail eochrach a bhí aige féin. D’osgail sé an bosca ’n-a raibh an chailís dhaor. Thóg sé amach an chailís. Chuir sé i bhfolach sa n-érdam í. Chuir sé an glas ar an mbosca airís, agus shocaruigh sé é díreach ar an ndul ’n-a raibh sé cheana. Dhún sé an córtha daingean, agus do rug sé eochair an chórtha ag triall ar Cholla agus thug sé dhó í. D’imthigh sé a chodla. Shín sé ar an leabaidh, ach má shín níor thuit aon neul codlata air. D’eirigh sé tímpal na h-aimsire céadna ’n-ar eirigh sé an mhaidion roimis sin. Thug sé agaidh ar an mbád gcéadna. Bhí ceirthlín fé n’ osgail aige. Thug sé an díoluigheacht uaidh agus níor cuireadh aon speic air. Tháinig sé go Ceann Cora. Bhí Gormfhlaith ag faire agus í ag feitheamh leis. Chómh luath agus a dúbhradh léi go raibh sé ann tháinig sí chuige. Do rug sí léi isteach é i seómra uaigneach. D’osgail sé an cheirthlín agus shín sé chúichi an chailís. Ansan iseadh bhí an mhóráil uirthi! Ní fheidir sí conus a thaisbeánfadh sí dhó méid an bhuidhchais a bhí aici air.
Níor bh’ aon iongnadh í bheith buidheach dé. Dob’ áluinn antseóid an chailís sin. Dar leis an mbeirt ní raibh seóid eile mar í le fághail sa domhan an uair sin.
Nuair a bhí tamal beag caithte acu ag feuchaint uirthi agus ag déanamh iongnadh dhi do thóg Gormfhlaith léi í agus chuir sí i gcoimeád í.
“Agus,” ar sise, “beidh an tseamróg ag an t-é a gheóbhaidh amach as mo láimh-se airís í!”
D’órduigh sí chúig dosaein fíona, d’fhíon altórach, do chur i gciseán agus é thabhairt d’ Amhlaoibh le breith síos go h-Inis Cathaigh agus le cur isteach sa n-érdam, i gcóir na sagart. Do cuireadh capal agus cárbad leis féin agus leis an gciseán fíona síos go dtí an bád. Nuair a shrois sé an mhainistir do tógadh an ciseán agus do cuireadh isteach sa n-érdam é, agus bhí Colla agus na sagairt go léir buidheach de’n Bhanríghin. Agus ní baoghal ná gur tugadh d’ Amhlaoibh a chion de’n bhuidhchas.
Nuair a bhí an méid sin déanta chuaidh gach aon rud chun suaimhnis. Do ghluais obair na mainistreach agus obair an ríghtheighlaigh i gCeann Cora, ag dul ar aghaidh go breagh réidh gan chosg gan cheataighe, go dtí gur tháinig an Legáid anall ó’n Róimh. Ansan do fuaradh amach, mar a h-innseadh thuas, go raibh an chailís imthighthe.
An lá bhí an Legáid i Luimneach ag caint le Meargach bhí fhios ag Amhlaoibh go raibh sé ann agus bhí fhios aige cad a bhí uaidh. Bhí fhios aige go maith go neósfadh Meargach do’n Legáid gur dhein sé an macshamhail do’n eochair. Níor fhan sé le n-a thuille. D’euluigh sé amach as an mainistir agus phreab sé suas go Ceann Cora. D’inis sé do Ghormfhlaith cad a bhí ar siúbhal. Chonaic Colla i gCeann Cora é, ach níor dhein Colla aon iongnadh dhé sin. Cheap sé go mb’ fhéidir gur chiseán eile fíona a bhí ag dul síos.
Chuir Gormfhlaith Amhlaoibh i bhfolach go dtí go dtáinig an oídhche. Ansan do ghuid sí amach é i lár na h-oídhche aguschuir sí chun siúbhail é i riocht giolla turais, agus chuir sí i n-aonfheacht leis giolla turais eile go raibh iontaoibh maith aici as. Bhí dhá chapal mhaithe ag an mbeirt, agus bhíodar tamal maith de’n tslígh ar bhóthar Bhaile Átha Cliath sar a dtáinig an lá ortha. Nuair a tháinig an lá do chonaic na daoine iad ach níor dheineadar aon iongnadh de bheirt ghiollaí turais. Shroiseadar Baile Átha Cliath. Bhí leitir ó Ghormfhlaith ag Amhlaoibh do Shitric, do rígh Lochlanach Átha Cliath. Thaisbeáin sé an leitir. D’inis an leitir do Shitric gach aon rud. Níor bh’fhada go raibh Amhlaoibh ar bórd luinge agus é ag dul soir abhaile go crích Lochlan.
Bhí sé thoir sa bhaile, slán foláin, saor ó bhaoghal, gan bheann ar Cholla ná ar an Legáid, ar Mhurchadh ná ar Bhrian, agus Tadhg Óg ua Cealla ag briseadh a chroídhe ag gol ’n-a dhiaigh agus ag cuardach na ndúthaí dhó.
Dá mbéadh fhios ag Tadhg cad a bhí déanta aige bhéadh sé ag cuardach na ndúthaí dhó agus ní h-ar mhaithe leis é. Dá mbéadh fhios ag Niamh cad a bhí déanta aige níor bh’ fhada an mhaill uirthi dhá thaobh an sgéil úd do thabhairt d’á chéile. Fuaradar araon amach ’n-a dhiaigh san cad a bhí déanta aige.
Níor bh’ fhada go raibh Amhlaoibh imthighthe as aigne agus a’ cuimhne gach aoinne i n-Inis Cathaigh agus i gCeann Cora, lasmuich de Thadhg Óg ua Chealla. Bhíodh Colla agus an Legáid ag cuimhneamh go minic ar an gcailís a guideadh, achníor chuimhnighdar i n-aon chor ar Amhlaoibh ’n-a taobh. Agus ar nóin, nídh nár bh’ iongnadh, níor bh’ fhéidir dóibh cuimhneamh ar Ghormfhlaith. Chuimhnigheadh an Legáid uaireanta ar Ghormfhlaith, ach do dhíbireadh sé an smaoineamh as a chroídhe. Is aici a bhí an chailís sar ar thug Brian do Cholla í. Ach conus fhéadfadh an rígan san, dar leis, a bhí chómh h-uasal, chómh fial, leis an mainistir agus leis na manaigh, ag bronnadh fíona agus gach nídh eile d’á fheabhas ortha, an rígan a bhronn an ímhágh san na Maighdine Muire ar Cholla, conus fhéadfadh sí aon lámh a bheith aici i nguid na cailíse? Gan amhras, dar leis, ba mhó ab fhiú an chailís, naoi n-uaire, ’ná a raibh tabhartha dhóibh aici, agus ’ná a bhféadfadh sí a thabhairt dóibh i gcaitheamh a saoghail. Ach ní chuirfeadh san fhiachaibh ar mhnaoi dh’á sórd an chailís do ghuid. Níor dhiabhal gadaigheachta an diabhal coimhdeachta a bhí aici.
Chuimhnigh an Legáid ar an sagart a cuireadh anonn go dtí an Róimh. Is air a bhí cúram an érdaim sar ar críochnuigheadh ’n-a shagart é. Ar bh’ fhéidir go mbéadh sé de mhí-fhortiún air go spriocfadh an t-áirseóir é agus go ndéanfadh sé a leithéid de ghníomh? Cé r’ bh’é an manach a chuaidh suas go Luimneach agus d’inis an bhréag do Mheargach agus do fuair an eochair uaidh? Pé r’ bh’é féin ní raibh sé ameasg na manach a bhí sa mhainistir an lá a tháinig Meargach anuas chun iad go léir a dh’fheisgint. B’é an sagart a bhí imthighthe chun na Rómha an t-aoinne amháin ná feacaidh Meargach an lá san.
Ní fheacaidh Meargach Amhlaoibh an lá san, ach níor chuimhnigh an Legáid i n-aon chor ar Amhlaoibh. Ní chuimhneóch’ aoinne ar Amhlaoibh sa sgéal. Ní chuimhneóch’ aoinne go ndéanfadh Amhlaoibh a leithéid de ghníomh. Bhí sé ró osgailte, ró ghealgháiriteach, ró mhacánta i n’ fheuchaint.
Do réir gach deabhraimh ní raibh aoinne chun na cailíse ghuid ach an sagart a bhí imthighthe chun na Rómha. Bhí buairt agus doilghíos ar an mbeirt, ar Cholla agus ar an Legáid fé mara bhí an méid sin ag dul ’n-a luighe ar a n-aigne. Bhí sé ag brúth isteach agus ag dul ’n-a luighe ar aigne gach duine acu abhfad sar ar thráchtadar le n-a chéile air. Nuair a thráchtadar air ní puínn cainte a dheineadar air.
Art ab ainim do’n tsagart, Art mac Duibh. Andeas ó Mhúscraídhe ab eadh é. Daoine ana chreideamhnacha ab eadh a mhuintir. Bhí a lán acu i n-armáil Bhriain. Bhí ana chion ag Colla air.
“Má dhein sé an gníomh san,” arsa Colla, agus an bheirt ag tagairt do’n ghnó, “ní cuid ba lúgha ’ná a fhonn a bhéadh orm a rádh gur truagh nár ghlaoidh Dia as an saoghal mé sar ar deineadh an gníomh!”
“Ní fada gur mithid dó bheith ag teacht thar n-ais ó’n Róimh,” arsa’n Legáid. “Má dhein sé an gníomh ní dócha go dtiocfaidh sé thar n-ais anso.”
“Ó, a Thighearna Easboig,” arsa Colla, “is fíor dhuit é! Níor chuimhnigheas riamh air sin: Má dhein sé an gníomh ní thiocfaidh sé thar n-ais. Má thagan sé thar n-ais taisbeánfaidh san go soiléir nár dhein sé riamh é!”
Níor dhóich leis an Legáid go dtaisbeánfadh a theacht thar n-ais nár dhein sé an gníomh, ach ní dúbhairt sé aon rud. Do leig sé do Cholla an méid sin sóláis a bheith aige.
Suim laethanta ’n-a dhiaigh san do tháinig Art. Thug sé a lán teachtaireachtaí ó’n Róimh leis, teachtaireachtaí ag triall ar Cholla, agus ag triall ar an Legáid, agus ag triall ar Bhrian. Thug sé leitir ó’n bPápa ag triall ar an Legáid. Thug sé a lán rudaí beannuighthe leis ag triall ar an mainistir, taise naomh agus ímhághana agus neithe de’n tsórd san. Agus thug sé leabhar Aifrinn leis do’n mhainistir, agus leabhar Soísgéal a bhí sgríobhtha i Laidion. Ach ní raibh aon nídh d’ár thug sé leis ba mhó gur deineadh iongnadh dhé ’ná éide Aifrinn a bhí déanta d’éadach snáthóir agus gur dhóich le duine gur bh’ ór ar fad í, bhí sí chómh greanta san.
Ní raibh aon tseó ach ar dhein na manaigh go léir de chúram de ’n tsagart óg. Agus ní raibh aon teóra leis an áthas a bhí ortha nuair a chonacadar sa bhaile acu féin airís é. Bhíodh sé ag déanamh a dhíchil ar na ceisteana d’ fhreagairt a bhíodh ag teacht ó’n uile thaobh air agus iad go léir ’n-a thímpal.
“Cad é an fhaid a bhís ar uisge?”
“A’ raibh droch aimsir agaibh, a Airt?”
“Cad é an saghas daoine na Rómhánaigh, a Airt?”
“A’ dtuigfidís aon fhocal Gaeluinne ó dhuine, a Airt?”
“A’ bhfuil siad chómh buidhe agus a deirtear iad a bheith?”
“An daoine fóghanta iad?”
“A’ bhfuil Creideamh acu, a Airt?”
“Is dócha gur Laidion ab éigean duit a labhairt leó i gcómhnuighe, a Airt?”
“Is dócha, a Airt, gur fear breagh naomhtha an Pápa.”
“An cathair ana mhór cathair na Rómha, a Airt?”
Chomáineadar leó ar an gcuma san. Bhí Colla agus an Legáid ag feuchaint ortha agus ag feuchaint ar Art. Ar ball do dhruid an bheirt i leith taoibh.
“Chíon tú féin anois, a Thighearna Easboig,” arsa Colla, “nár dhéin an fear san riamh a leithéid de ghníomh.”
“Chím,” arsa’n Legáid. “Níor dhein. Ní fhéadfadh sé é. Tá san soiléir go leór. Ach chuaidh manach éigin, nó duine éigin i riocht manaigh, suas go Luimneach ag triall ar an ngabha agus fuair sé macshamhail na h-eochrach uaidh. Chonaic Meargach iad go léir an lá thugas anuas anso é, agus ní fheacaidh sé ortha an manach a fuair an eochair uaidh. Is éagsamhlach an sgéal é. Ní fheadar an tsaoghal cad is ceart dom a dhéanamh ’n-a thaobh mar sgéal. Tá aon chontabhairt amháin os cionn an tsagairt óig seo agus is ceart é thabhairt as an gcontabhairt sin.”
“Cad í an chontabhairt atá os a chionn, a Thighearna Easboig?” arsa Colla. “Ar nóin tá fhios ag an saoghal ná féadfadh aoinne an ghadaigheacht san a chur ’n-a leith.”
“Is fíor ná féadfá-sa ná mise í chur ’n-a leith,” arsa’n Legáid. “Ní gádh dhúinn ach feuchaint air. Ach feuch conus mar a sheasuighean an sgéal. Bhí an chailís sa n-érdam agus cúram an érdaim ar Art. Ní fheacaidh aoinne an chailís ó’n lá a dh’imthigh Art go dtí an lá a thánag-sa anso. Chuiris-se fios ar an mbosca iarainn an oídhche sin. Bhí an bosca folamh. Raghaidh an sgéal san amach luath nó mall. Pé áit ’n-a bhfuil Amhlaoibh tá fhios aige go raibh an bosca folamh an oídhche sin. Neósfaidh Amhlaoibh an sgéal san. Raghaidh an sgéal ó bhéal go béal. Cad ’déarfar? Cad a bheidh le rádh ach, ‘Ní raibh aoinne chun na cailíse thógaint ach fear an érdaim.’”
“Tá an sgéal go h-olc, a Thighearna Easboig. Cad is dóich leat is ceart a dhéanamh?”
“Ní foláir a dhéanamh amach, ar dtúis, nách é Art a fuair an mhacshamhail do’n eochair ó Mheargach. Dá mbéadh an méid sin socair bhéadh Art ó bhaoghal. Dá bhféadfá-sa, gan aon nídh do leigint ort, a chur fhiachaibh ar Art culaith manaigh do chur uime agus dul ag déanamh gnótha an érdaim, d’fhéadfaí Meargach a thabhairt anuas, fé mar a thugas-sa anuas cheana é, agus leigint dó radharc fhághail ar Art. Ansan do neósfadh sé dhúinn ar bh’ é sin an manach a fuair an eochair nó nár bh’é.”
“Ach, a Thighearna Easboig,” arsa Colla, “ní gádh dul chun na trioblóide sin i n-aon chor. Tá aithne mhaith ag Meargach ar Art le fada riamh. Dá mb’ é Art a gheóbhadh an eochair d’ aithneóch’ Meargach é le linn na h-eochrach a thabhairt dó.”
“Ó, má’s mar sin é,” arsa’n Legáid,“ní gádh dhúinn a thuille de dhuagh an sgéil a dh’ fhághail. Má deirtear aon fhocal choídhche i gcoinnibh an tsagairt óig seo mar gheall ar an gcailís glanfaidh Meargach é. Neósfaidh Meargach nách dó a thug sé an eochair, agus beidh ’fhios ag gach aoinne gur b’é an fear a fuair an eochair a ghuid an chailís. Ní gádh a thuille de dhuagh an sgéil a dh’fhághail.”
“Ní gádh, a Thighearna Easboig,” arsa Colla, “dhúinn a thuille de dhuagh an sgéil a dh’fhághail, chómh fada agus a théidhean aon amhras a bheith ar Art, ach ba mhaith liom, dá bhféadainn é, teacht suas leis an bhfear a fuair an eochair. Manach ab eadh é do réir mar adeir Meargach. Bhí eólus na mainistreach go maith aige, agus eólus an érdaim. Bhí fhios aige an eochair a bheith agam-sa agus gan aon bhreith a bheith ag aoinne ar í fhághail as mo láimh. Bhí fhios aige gur bh’é Meargach a dhein í. Cé h-é an fear a dh’fhéadfadh an t-eólus san go léir a bheith aige agus nách duine des na manachaibh é, agus a chuaidh suas ag triall ar Mheargach i riocht manaigh?”
“Ní fhéadfadh sé dul suas go Luimneach i riocht manaigh,” arsa’n Legáid, “gan culaith manaigh a bheith aige le cur uime.”
“Ní féadfadh go díreach,” arsa Colla, “agus cá raibh sí le fághail aige?”
“An dóich leat,” arsa’n Legáid, “a’ bhféadfá a dhéanamh amach ó-s na manaigh ar thug aoinne acu culaith manaigh ar iasacht d’ aoinne le déanaighe? Má cheistighean tú iad air sin seachain agus ná leig uait aon nídh i dtaobh na cailíse. Dá mbéadh ’fhios ag an mbitheamhnach go bhfuiltear ar a thóir ní bhéadh aon bhreith againn ar theacht suas leis.”
“Ní’l agam ach an gnó dhéanamh chómh h-aicilíghe agus d’fhéadfad é,” arsa Colla.
Ansan do tugadh aghaidh ar ghnóthaíbh eile agus do fágadh an sgéal san ar an gcuma san.
Do chríochnuigh an Legáid an gnó a bhí aige le déanamh in-Éirinn. Ansan chuaidh sé go Ceann Cora agus d’fhág sé slán ag an Árdrígh. D’fhág sé slán ag teighlach an Árdrígh. D’inis sé do Bhrian cad é an sgéal áthais a bhéadh aige do’n Phápa nuair a neósfadh sé dhó na neithe móra a bhí déanta ag Brian do’n Chreideamh i n-Éirinn, agus na neithe ba mhó ’ná san a bhí i ndán dó a dhéanamh anois nuair a bhí a chómhacht agus a ghradam agus a dhlighthe i bhfeidhm ar Éirinn go léir. Dúbhairt Brian leis go neósfadh sé an fhírinne do’n Phápa nuair a neósfadh sé na neithe sin dhó. Ansan do bhronn Brian seóide uaisle air, agus do sgaradar.
D’fhág an Legáid slán ag Murchadh, agus d’fhág sé slán ag Gormfhlaith.
Isé focal déanach adúbhairt sé le Colla agus é ag imtheacht amach ar an loing, ó Inis Cathaigh: “An cuimhin leat, a Cholla,” ar seisean, “an focal úd adúbhart leat i dtaobh Bhriain agus an nímhe?”
“Is cuimhin, a Thighearna Easboig,” arsa Colla. “Do labhras leis an Ríghdhamhna. Tá gach nídh socair díreach mar a chómhairlíghis.”
“Labhair airís leis,” ar seisean, “agus inis dó go ndúbhart leat labhairt airís leis.”
“Déanfad, a Thighearna Easboig,” arsa Colla.
Chuaidh an Legáid ar bórd na loinge agus do ghluais an long amach ó Inis Cathaigh, siar bhéal na Sionainne, thar Léim Chúchulainn, amach an fharaige mhór.
Do dhein na manaigh i n-Inis Cathaigh a ngnó do réir na riaghal. Bhí an sgoluigheacht ins na sgoileanaibh agus na h-úrnuighthe ins na h-eaglaisibh, an trosgadh agus an treighneas agus gach gnó diadha eile ar siúbhal mar ba cheart, fé chomairce Sheanáin naomhtha. Bhí Colla go díchealach agus go dúrthachtach ag feuchaint i ndiaigh gach aon nídh agus indiaigh gach aon duine. Bhí eochair an bhosca iarainn ’n-a sheilbh féin aige go h-aireach, agus ní fheidir aoinne sa tigh ná go raibh an chailís dhaor úd istigh go daingean sa bhosca iarainn fé’n nglas. Ní raibh, ámhthach.
Chómh luath agus bhí Brian socair sa n-Árdrígheacht thusnuigh a chíos ar theacht chuige isteach ó gach aon pháirt d’ Éirinn. Deirtear gur tugadh Brian Bóramha air mar gheall ar an gcíos a dh’éilimh sé. Ní dóich liom go bhfuil fírinne sa n-abairt sin. Ní h-é Brian a cheap an cíos. Bhí cíos an Árdrígh ceapaithe na céadta blian sar a dtáinig Brian chun na h-Árdrígheachta. Nuair a tháinig Brian chun na h-Árdrígheachta do chuir gach rígh cúige ag triall air an cíos a bhí ceangailte air, do réir dlíghe na h-Éirean, do chur ag triall ar Árdrígh Éirean. Deir cuid de’n tseanachus gur b’é cúis ’n-ar tugadh Brian Bóramha air ’ná so. Bóraimhe ab ainim do’n bhaile ’n-a raibh ríghtheighlach Bhriain, ag ceann na cora. Do tugadh, as san, “Ceann Cora” ar an ríghtheighlach agus do tugadh Brian Bóraimhe ar Bhrian féin toisg é bheith ’n-a chómhnuighe ar an mBóraimhe. Measaim gur mó an chiall atá leis an gcaint sin ’ná leis an gcaint eile.
Lá Samhna an lá a bhí ceapaithe i gcómhnuighe riamh chun cíosa an Árdrígh do chur isteach, agus ’seo mar a bhí an cíos socair:
Ó Chonachtaibh ocht gcéad bó agus ocht gcéad muc.
Ó mhuintir Chorcomaruadh deich gcéad damh agus deich gcéad caoira agus deich gcéad brat.
Ó Chorcabaoisgne deich gcéad damh agus deich gcéad molt agus deich gcéad muc agus deich gcéad brat.
Ó mhuintir Chiarruidhe deich gcéad damh agus deich gcéad bó agus deich gcéad muc.
Ó mhuintir Mhúsgráidhe trí chéad bó reamhar agus trí chéad loilígheach agus trí chéad muc agus céad brat.
Ó Thír Chonail chúig céad bó agus chúig céad brat.
Ó Thír Eóghain trí chéad muc agus trí chéad ualach iarainn.
Ó Chlann Rudhríghe trí caoghaid bó agus trí caoghaid muc.
Ó Oirghiallaibh céad agus trí fichid bó.
Ó Chúige Laighean trí chéad bó reamhar agus trí chéad muc agus trí chéad ualach iarainn.
Mar sin dóibh mór-thímpal na h-Éirean go léir. Ní’l curtha síos anso agam ach fíor bheagán des na cíosanaibh, oiread díreach agus thaisbeánfaidh an tslígh ar a ndíoltí an cíos, agus an fághaltas cíosa a bhíodh ag tuitim ar na cineachaibh agus ar na dúthaibh fé leith.
Bhí a gcion de’n chíos ar na Lochlanaigh, leis, an chuid acu a bhí socair i mbailtibh móra na h-Éirean. Bhí ar Lochlanaigh Bhaile Átha Cliath trí caoghaid píopa fíona do thabhairt mar chíos d’ Árdrígh Éirean. Bhí ar Lochlanaigh Luimníghe trí chéad agus trí fichid píopa d’ fhíon dearg a thabhairt mar chíos dó.
B’fhéidir go bhfiafróch’ duine conus fhéadfadh Lochlanaigh Luimníghe cíos a dhíol le h-Árdrígh Éirean má bhíodar go léir díbeartha a’ Luimneach?
Bhí an chuid acu nár ghéill do Bhrian díbeartha, ach an chuid acu do ghéill dó agus do gheall bheith dílis dó, do fágadh ann iad. Fear eagnaidhe, tuisgionach, ab eadh Brian. Daoine go raibh eólus mór acu ar gach gnó ceannaigheachta ab eadh na Lochlanaigh a bhí ins na catharachaibh cuan i n-Éirinnan uair sin. Do thuig Brian gur bh’ ana thairbhtheach an rud do mhuintir na h-Éirean ceannaighthe de’n tsórd san a bheith ins na catharachaibh a bhí ar na cuantaibh. Go dtabharfaidís isteach ó dhúthaibh iasachta earaí nár bh’ fhéidir a dhéanamh i n-Éirinn agus go gceannóchaidís ó mhuintir na h-Éirean, le díol ins na dúthaibh iasachta, na h-earaí a déanfaí i n-Éirinn agus nár bh’ fhéidir a dhíol i n-Éirinn. Mar gheall air sin iseadh fhág sé na Lochlanaigh ins na catharachaibh a bhí ar na cuantaibh. D’fhág sé iad i mBaile Átha Cliath, i bPortláirge, i gCorcaigh, agus i Luimneach, agus i mbailtibh beaga eile n-a bhféadfadh loingeas teacht isteach chúcha. Chuir sé fé chíos iad, ámhthach, agus ní raibh aon chur i gcoinnibh an chíosa acu. Ní raibh an cíos ró throm agus an fhaid a dhíoladar an cíos bhíodar fé chosnamh Bhriain.
Thagadh an cíos isteach ó Éirinn go léir, gach aon lá Samhna, go teighlach Bhriain i gCeann Cora. Dob’ uathbhásach an saidhbhreas é. Ach do caithtí é go léir. Bhíodh suas le trí mhíle bó ann de bhuaibh ramhara, agus trí chéad déag muc, agus do h-ithtí an fheóil sin go léir, bhí an teighlach chómh mór san, agus bhíodh oiread san daoine, uasal agus íseal, ag teacht agus ag imtheacht ann coitchianta. Bhíodh trí chéad agus chúig cinn fhichid ann de phíopaí fíona, d’ fhíon dearg, agus trí caoghaid píopa des na fíontaibh eile, agus d’óltí an fíon go léir, mar bhí féile agus fairsinge i ríghtheighlach Bhriain, agus saidhbhreas agus uaisleacht, thar gach teighlach Árdrígh d’á raibh i n-Éirinn ó aimsir Chormaic mhic Airt. Deirtí an uair sin go raibh Brian ar dhuine des na trí Árdríghtibh ba ghlórmhaire d’á raibh i n-Éirinn riamh. Conaire Mór mac Eidirsgeóil an chéad Árdrígh dhíobh san, Cormac mac Airt an tarna h-Árdrígh dhíobh, agus Brian Bóraimhe an trímhadh h-Árdrígh dhíobh. Choimeád Brian an mhórdhacht san agus an gradam san agus an chómhacht ríoga san ’n-a lán neart agus ’n-a lán tsoillse an fhaid a mhair a réim i n-Árdrígheacht na h-Éirean.
Bhí sé ríoga ’n-a phearsan. Fear fionn, árd, deaghchúmtha dob’ eadh é; fear géagach, fuinneamhail, cuthaigh. Bhí a cheannacha solusmhar. Bhí éadan leathan, árd, bán air. Bhí srón fhada dhíreach air agus í beagáinín ró théagartha, ba dhóich leat, do’n chuid eile d’á cheannachaibh. Ní raibh puínn fhéasóige air agus féasóg dhonn ab eadh an méid a bhí air sar ar liath sí. An rud a déarfá leis an sróin déarfá le gach ball eile d’á cheannachaibh é nuair fheuchfá ar gach ball fé leith dhíobh, .i. go raibh an ball san beagáinín ró mhór; ach nuair fheuchfá ar a aghaidh i n-aonfheacht chífeá go raibh na ceannacha go léir do réir a chéile cruinn. Isé rud is mó a thabharfá fé ndeara, ámthach, ’ná go raibh, dar leat, an iomad báine ’n-a chúntanós. Ansan, nuair fheuchfá ar a phearsan ba dhóich leat, ar an gcéad amharc, go raibh na géaga pas beag ró mhór, ró théagartha, do’n chabhail, ach nuair a thómhaisfeá an cliabh chífeá go raibh an cliabh san níba théagartha go mór ’ná cliabh aon fhir eile des na fearaibh a bhí ar a theighlach. Ansan ar ball, ní ró mhór an iongnadh a bhéadh ort nuair a chífeá a chlaidheamh aige ’á chasadh i dtreó gur dhóich leat ná béadh meaghchaint slaite ann, agus nuair a bhéarfá ad’ láimh féin ar an gclaidheamh gcéadna go gcaithfeá do dhá láimh a chur ar an ndornchur chun é chasadh i n-aon chor. Thuigfeá ad’ aigne ansan gur bh’ é téagar agus neart na ngéag fé ndeara do’n chabhail feuchaint chómh caol.
Bhí an croídhe agus an aigne agus an mheabhair chinn, agus an tuisgint, agus an fhoidhne, agus an fhaidearaídhe, agus an géire inntleachta, chómh maith ar gach aon tsaghas cuma le neart an chuirp agus na ngéag.
Nuair a bhíodh an fear san ag riar na slógh agus ’ghá gcur i n-íodhnaibh catha agus nuair a labhradh sé leis na fearaibh, do h-airightí an uile fhocal uaidh go h-árd agus go glan, ó cheann ceann de pháirc an chamtha; agus i spéirlinn catha, dá labhradh sé árd, ag stiúrughadh na bhfear nó ’ghá ngríosadhchun an chómhraic, do mhothuigheadh na fir a bhíodh i n’ aice píoparnach ’n-a gcluasaibh, bhí a leithéid sin d’uchtach aige agus a leithéid sin de neart ’n-a chliabh agus ’n-a cheann agus ’n-a ghuth. Nuair a labhradh an guth san i lár an chatha do chritheadh an namhaid, agus is minic a bhaineadh fuaim an ghutha san a misneach díobh agus go n-iompuighdís agus go dteithidís. Níor bh’ aon iongnadh an fear san do ghabháil tré shlóightibh namhad mar a ghaibh, agus é theacht chun Árdrígheacht na h-Éirean mar a tháinig.
Bhí ana dheabhramh agá mhac, Murchadh, leis. Bhí an téagar céadna ag Murchadh ins na géagaibh, agus an fheuchaint chaol sa chabhail aige mar gheall ar théagar na ngéag. Bhí sé i n-aigne Dhúlainn Óig agus i n-aigne na bhfear eile n-a raibh aithne acu ar an mbeirt, gur throime agus gur threise agus gur bh’fhearr d’fhear Murchadh ’ná a athair an lá b’fhearr a bhí an t-athair.
Bhí an bheirt tréan go maith. Bhí fir thréana ar Dhál gCais, agus d’ admhuighdar go léir ná raibh aon bhreith riamh ag aon fhear eile acu ar aoinne de’n bheirt sin.
Nuair a bhí Brian socair sa n-Árdrígheacht do thusnuigh breis des na h-uaislibh ar bheith ag teacht go Ceann Cora as gach áird i gcian agus i gcómhngar. Níor bhfada go mb’ éigean tuille slíghe dhéanamh sa ríghtheighlach. B’éigean an ríghtheighlach do chur i méid. B’éigean tighthe nua do chur suas, i n-aice an tíghe mhóir, i dtreó, nuair a thiocfadh ríghcúige nó priúnsa nó fear léighinn, go bhféadfaí é chur chun cómhnuighthe ar a shuaimhneas, pé fada gairid ba mhaith leis fanmhaint.
Chuir an obair sin tuille gnótha ar Mheargach agus ar na ceárdaidhthibh a bhí ag obair aige. D’á éaghmuis sin, chómh luath agus bhí Brian i n’ Árdrígh ar Éirinn bhí na ríghthe eile, ríghthe na gcúigí, ag cur fios go Ceann Cora ar gach aon tsaghas airm. Ní raibh aon mheas ar chlaidheamh ná ar shleagh ná ar thuaigh mura bhféadfaí a rádh gur i gCeann Cora, i gceártain Mheargaigh, a deineadh iad. Do chuir san, leis, tuille gnótha ar Mheargach. B’ éigean dó tuille gaibhní agus tuille de gach aon tsaghas ceárdaithe do chur ag obair. Bhí cúram mór air, ach bhí nídh ar a aigne ba mheasa dhó chuige ’ná an cúram, d’á mhéid é. Bhí fhios aige go raibh an chailís dhaor úd guidithe as an mainistir agus gur bh’ é féin fé ndeár é. Bhí fhios aige gur dhein sé beart shímplídhe nuair a thug sé an mhacshamhail úd na h-eochrach isteach i láimh aoinne le breith síos ag triall ar Cholla. Bhí fhios aige go raibh sé ceart aige féin dul síos agus í thabhairt isteach i láimh Cholla féin. Dá ndeineadh sé mar sin thiocfadh an fhírinne amach láithreach, agus ní guidfí an chailís.
Bhí sé ag machtnamh ar an méid sin ó’n lá a bhí an Legáid ag caint leis agus d’á mhéid machtnamh a dhein sé ar an sgéal iseadh is mó a bhí an sgéal ag breith ghreama ar a chroídhe. Bhí an sgéal ’á chur amú ar a ghnó agus ag baint codla na h-oídhche dhé. Níor bh’ fhéidir dó labhairt le h-aoinne ’n-a thaobh, ná cómhairle dh’iaraidh ar aon duine de’n mhuintir a bhí ’n-a thímpal, ná ar aon duine de theighlach Bhriain, le h-eagla gur tuille díobhála a dhéanfadh sé. Fé dheire shocaruigh sé ar dhul síos agus ar labhairt le Colla féin. Chuaidh sé síos agus do labhair sé le Colla.
“Feuch, a Athair,” ar seisean,“tá mo chroídhe briste ó bheith ag machtnamh ar an gcuma úd ’n-ar deineadh amadán díom i dtaobh na h-eochrach agus i dtaobh na cailíse. Ní fhéadfainn fanmhaint a thuille gan teacht chun cainte le t’ onóir. Ní foláir rud éigin a dhéanamh chun teacht suas leis an mbitheamhnach, pé h-é féin. Brisfidh mo shláinte nó imtheóchad as mo mheabhair mura ndeintear rud éigin.”
“Tá m’ aigne féin chómh suaithte le t’ aigne-se mar gheall air, a dhuin’uasail,” arsa Colla, “agus dá mbéinn ag machtnamh go ceann bliana air ní dóich liom go bhféadfainn cuimhneamh ar cad is ceart a dhéanamh. Dá dtagadh an t-Árdrígh chúgham anso agus go ndéarfadh sé gur mhaith leis an chailís a dh’fheisgint, cad a bhéadh agam le rádh leis? B’fhéidir go ndéarfadh sé i n’ aigne féin go bhfuil an chailís sin ró dhaor chun í fhágáilt anso. Níor bh’ aon iongnadh liom go ndéarfadh. B’fhéidir go dtuigfeadh sé i n’ aigne gur cheart cailís chómh luachmhar a thabhairt do phríomh-eaglais na h-Éirean. Gur mhaith an tseóid í d’ Árdrígh Éirean le bronnadh ar phríomh-eaglais Éirean, ar eaglais Árdmhacha. Is ar eaglais Árdmhacha ba cheart í bhronnadh. Siné a déarfadh aoinne a chífeadh í. Táim mar a bhéinn i n-uisge bheirithe ó fuair Brian an Árdrígheacht agus ná feadar cad é an neómat a bhéadh sé chúgham isteach ’ghá rádh gur mhaith leis an chailís sin a dh’fheisgint. Is truagh chráidhte nár choimeád sé í an chéad lá agus gan i thabhairt i n-aon chor dúinn!”
“Cad déarfá, a Athair,” arsa Meargach, “dá dtéidhinn agus an sgéal a dh’innsint do Mhurchadh ó thusach go deire?”
“Caithfear an sgéal a dh’innsint gan a thuille ríghnis, dó féin nó do Bhrian,” arsa Colla.“D’innseas féin an sgéal do’n Legáid, mar is eól duit. Dá n-iartí an chailís orm an fhaid a bhí an Legáid anso do neósfadh an Legáid do’n Árdrígh cad a bhí imthighthe uirthi. Bhéadh an Legáid idir mé agus an t-Árdrígh agam. Anois tá an Legáid imthighthe agus tá sgannra orm le h-eagla go n-iarfaí an chailís orm. Má deir Brian, ‘Cad ’n-a thaobh nár innsis dúinn láithreach go raibh sí imthighthe?’ cad a bheidh le rádh agam? Déarfar gur breagh a thugas uain do’n bhitheamhnach ar imtheacht slán agus an chailís a bhreith leis agus do chur ó aon fhághail a bheith ar í thabhairt thar n-ais.”
“B’fhéidir, a Athair,” arsa Meargach, “go mbéadh sé chómh maith againn dul chun cainte le Murchadh agus an sgéal a dh’innsint dó ó thusach go deire. Mise fé ndeár an t-olc go léir. Ní raibh aon cheart agam gan teacht anso chun cainte leat-sa sar ar thugas uaim an eochair! Ní fheadar an tsaoghal cad d’ imthigh orm agus a leithéid de ghnó leanbaidhe dhéanamh. Nuair a chonac an aibíd agus an cochal do baineadh de m’ chosaint mé glan.”
“Is uathbhásach an sgéal é,” arsa Colla. “Ní fheadar an tsaoghal cá dtáinig an aibíd. Thaisbeáin an Legáid na manaigh go léir duit agus dúbhairt sé go ndúbhraís nár bh’ aoinne acu a bhí ann.”
“Dúbhart,” arsa Meargach, “agus dob’ fhíor dhom é. Ní h-aoinne acu a bhí ann.”
“Ní miste dhom a dh’innsint duit,” arsa Colla, “go raibh sórd droch amhrais ag an Legáid ar an sagart óg so againn, ar an Athair Art mac Duibh, ach dúbhart-sa leis dá mba dhó san a thabharfá-sa macshamhail na h-eochrach go n-aithneófá é.”
“D’ aithneóchainn, a Athair,” arsa Meargach. “Tá a lán des na manaigh atá anso agus d’ aithneóchainn iad, leis. An manach gur thugas an eochair dó ní fheaca roimis sin é ná ó shin.”
“Ní baoghal go bhfeacaís ó shin é,” arsa Colla,“agus ní dócha gur baoghal go bhfeicfir airís é má fhéadan sé coimeád as do radharc. Is dóich liom d’á luathacht a bheidh an sgéal go léir innste do Mhurchadh againn gur b’ eadh is fearr é.”
D’imthigh an bheirt suas go Luimneach agus as san go Ceann Cora. Fuaradar caoi ar chaint a dhéanamh le Murchadh agus d’innseadar dó gach nídh fé mar a thuit amach, i dtaobh na cailíse. Cheistigh sé iad go dlúth, díreach mar a cheistigh an Legáid Colla. D’á fheabhas a cheistigh sé iad, ámhthach, iseadh ba mhó a chuaidh an sgéal i n-aimhréidh air agus iseadh ba dheacara dhó aon tuairim a thabhairt do cé r’ bh’ é an bitheamhnach. Dúbhairt sé leó gur bh’fhearr gan an sgéal do leigint amach.
“Isé mo thuairim láidir,” ar seisean, “pé h-é an bitheamhnach, ná fuil sé ró fhada uainn an neómat so, agus go bhfuil sé ag faire go dlúth orainn feuchaint cad a dhéanfaimíd. Ní h-aon duine iasachta é. Thaisbeáin sé an iomad eóluis. Bhí fhios aige cá raibh an chailís i gcoimeád, agus bhí fhios aige cá raibh an eochair, agus bhí fhios aige cé r’ bh’ é an gabha a dhein an eochair. Is iongantach an bob a bhuail sé ort, a Mheargaigh!” ar seisean, ag cur sgeartadh gáire as.—“Má airighim-se aon fhocal ó m’ athair,” ar seisean, “’ghá rádh gur mhaith leis an chailís a dh’fheisgint, nó gur mhaith leis í chur go h-Árdmhacha, cuirfidh mé dhé é. Ní mór dhúinn go léir bheith ag faire coitchianta feuchaint an bhfaighmís aon phioc de radharc ná de bhalaith an bhitheamhnaigh.”
Chuir an méid sin aigne na beirte chun suaimhnis mórán. Tháinig Meargach go Luimneach chun a ghnótha, agus tháinig Colla abhaile chun na mainistreach.
Nuair fhágadar Murchadh do chrom seisean ar mhachtnamh. Thuig sé áilneacht na cailíse agus a daoire. Bhí fhios aige, pé r’ bh’ é an bitheamhnach, go ndéanfadh an chailís sin fear saidhbhir dé i gcaitheamh a shaoghail, dá bhféadadh sé í dhíol, agus go ndéanfadh sí daoine saidhbhre d’á shliocht ar feadh seacht nglún. Bhí fhios aige nár bh’ fhéidir í dhíol i n-Éirinn: Dá gceannaightí í i n-aon mhainistir ná i n-aon eaglais i n-Éirinn go n-aireófí teacht tháirsí go luath, ó bhéal go béal,ameasg ríghthe agus daoine, ar fuid na h-Éirean go léir. Bhí fhios aige, d’á bhrígh sin, nár bh’fhéidir í dhíol gan í chur amach a’ h-Éirinn. Tré cheannaighe éigin Lochlanach a caithfí san do dhéanamh. Bhí gach aon bhaoghal, dar leis, go raibh san déanta cheana. Bhí an iomad aimsire fághalta ag an mbitheamhnach, agus do réir an bhuib a bhuail sé ar Mheargach níor bhitheamhnach é do thabharfadh aon fhaillígh sa n-aimsir a tugadh dó. Má bhí an chailís imthighthe thar faraige ní raibh ann ach fiantas, dar leis, bheith ag cuimhneamh ar theacht suas léi go deó. “Ach ní’l agam le déanamh ach bheith ag faire chúgham,” ar seisean i n’ aigne féin.
“Ní chuirfinn thar mo leasmháthair é!” ar seisean, a’ machtnamh eile.“Is aici bhí an chailís i gcoimeád sar ar cuireadh síos í go h-Inis Cathaigh. Agus is cuimhin liom go maith nách le h-aon deagh-thoil a sgar sí leis an seóid uasail. Ach cé r’ bh’ é an manach? Agus cá bhfuair sé an aibíd agus an cochal má ba mhanach bréige é? Conus a fuair sé amach gur bh’ é Meargach a dhein an eochair? Ní dócha go gcuirfeadh sí féin aibíd agus cochal uímpi——Ach cad é sin agam ’á rádh! D’aithneóch’ an gabha í láithreach. Má ’sí a dhein an gníomh, agus go deimhin, a rígan, ní chuirfinn-se thort é, bhí duine éigin aici chun na h-oibre dhéanamh di. Cé r’ bh’ é an duine sin?——Ní fheadar an tsaoghal. Ní’l agam ach bheith ag faire chúgham.——Ach caithfear feuchaint ad’ dhiaigh go géar, a rígan, i neithibh eile leis. Ní gan chúis a thug an Legáid an foláramh deirineach so dhom agus é ag imtheacht, tar éis an fholáraimh chéadna thabhairt dom tamal roimis sin. Ó, ambasa ní dhéanfaidh sé an gnó dhom aon mhíogarnach a theacht orm.”
Cuid de’n chéad ghnó a dhein Brian, chómh luath agus bhí sé socair daingean sa n-Árdrígheacht, ab eadh na h-eaglaisí a bhí loitithe i ndiaigh na Lochlanach do dheisiughadh agus do shlánughadh agus do chur i dtreó airís. Chuir sé suas an eaglais mhór i gCill Dálua; agus an eaglais i n-Inis Cathaigh; agus dhein sé athnuachaint ar an eaglais i dTuaim Gréine. Dhein sé bóithre móra ó thaobh taobh agus ó cheann ceann d’ oileán na h-Éirean, agus dhein sé drochaid bhreaghtha leathana láidire ins na h-áiteanaibh ’n-a dtéidheadh na bóithre sin treasna aibhní, i dtreó gur dhein sé tairbhthe ana mhór do’n phoibilidheacht, mar gur chuir sé ar chumas daoine dul ar chuardaibh fada gan an iomad trioblóide. Bhí áthas mór ar an bpoibilidheacht mar gheall ar na h-oibreachaibh sin.
Dhein sé dúna agus daingeana láidire, leis, i n-a lán áiteana, agus chuir sé buidheana maithe láidire fear isteach ins na dúnaibh sin agus ins na daingeanaibh sin, mar lucht coimeádta, i dtreó go mbeidís ann i gcómhnúighe chun na tíre do chosaint agus chun smacht an Árdrígh do chur i bhfeidhm ar aon duine, nó ar aon aicme daoine, do mheasfadh an smacht san do mhilleadh. Do neartuigh sé ar an gcuma san ríghtheighlach Chaisil, agus ríghtheighlach Cheanfheabhrad, agus an ríghtheighlach i n-Inis Locha Cé, agus an ríghtheighlach i n-Inis Locha Guir, agus an ríghtheighlach i nDún gCrot, agus mórán eile de dhúnaibh agus de ríghtheighlachaibh ar fuid na h-Éirean, agus chuir sé na buidheana fear isteach ionta chun iad a choimeád agus do chosaint. Do neartuigh san a chómhacht féingo mór ar fuid na h-Éirean go léir, i dteannta sgáth agus eagla do chur ar a namhaid, amuich agus i mbaile.
Chuir sé lucht léighinn agus eóluis ag sgrúdadh agus ag breithniughadh na sean dlighthe agus ’ghá dtabhairt chun soluis, an chuid acu a bhí imthighthe a’ cuimhne; agus fé mar a chonaic sé gádh leó, chuir sé i bhfeidhm airís aon chuid acu a bhí imthighthe a’ feidhm le faillígh nó de thoradh aimsire. Níor ró dheacair dó san a dhéanamh. Bhí a leithéid d’uraim i gcómhnuighe riamh ag an nGaedhal do dhlígh na rígheachta nár ghádh a dhéanamh ach a chur i n-iúil dó go raibh an dlígh ann chun a chur fhiachaibh air an dlígh do chómhlíonadh. Bíon iongnadh anois ar sgoláirthibh nuair a chíd siad ná raibh aicme áirighthe, ceapaithe chun na dlígh chur i bhfeidhm, i n-Éirinn fadó. Is dóich leó, agus is fiór dhóibh é, gur bh’ obair bhaoth dlígh dhéanamh dos na daoine atá ar an saoghal anois, ná bheith ag brath air go ndéanfaidís an dlígh sin do chómhlíonadh, mura gceapfaí aicme láidir chun a chur fhiachaibh ortha an dlígh chómhlíonadh. Ní thuigid siad conus a fhéadadh dlighthe dhéanamh i n-Éirinn fadó agus ansan a dh’fhágáilt fé-s na daoine féin na dlighthe do chómhlíonadh. Do féadtí san do dhéanamh mar, chómh luath agus thuigeadh an phoibilidheacht an dlígh bheith ann, do chuireadh toil phoibilidhe na ndaoine fhiachaibh ar gach duine fé leith an dlígh do chómhlíonadh. B’ fhearr le gach duine fé leith, go mór, an dlígh do chómhlíonadh ’ná fulang leis an ndroch mheas phoibilidhe a bhéadh air dá bhfeiceadh na daoine é ag tabhairt droch mheas nó tarcaisne do’n dlígh. Tá soluídí maithe againn ar fheidhm de’n tsórd san sa n-aimsir seo féin. Má théidhean nós áirighthe i bhfeidhm ar an bpoibilidheacht anois féin feuch cá bhfuil an duine fé leith go mbeidh sé de mhisneach aige an nós san do bhriseadh! Aigne phoibilidhe na ndaoine isí chuireadh dlighthe i bhfeidhm i n-Éirinn fadó, agus is fearr a chuireadh sí i bhfeidhm iad, agus is iomláine, ’ná mar a thagan le neart armála dlighthe chur i bhfeidhm anois.
Ná measadh aoinne, ámhthach, ná bristí dlighthe i n-Éirinn fadó. Do bristí go deimhin. Ach nuair a thagadh an t-é ar a ndéintí an éagcóir, os cómhair an bhreithimh, agus nuair a thugadh an breitheamh a bhreith, do glactí an bhreith ar gach taobh agus do déintí d’á réir. Bhí sé daingean i n-aigne na ndaoine, aoinne ná taisbeánfadh an uraim sin do’n dlígh ná béadh an rath air. Níor ró dheacair dlighthe fóghanta do chur i bhfeidhm ameasg daoine de’n tsórd san.
Dhein Brian nídh eile do chabhruigh go mór leis chun na ndlighthe do chur i bhfeidhm. Ó’n lá a ghlac sé arm gaisge, agus gan é ach chúig bliana déag, do thaisbeáin sé, ’n-a ghníomharthaibh agus ’n-a bhéasaibh agus ins gach aon tsaghas deighleála idir é féin agus daoine eile, go raibh beann thar bár aige ar an gceart, ná déanfadh sé éagcóir ar aon Chríostaidhe, pé ’cu caraid nó namhaid é, pé ’cu íseal nó uasal é. Do tugadh an méid sin fé ndeara. Ansan, fé mar a leath cómhacht Bhriain agus fé mar a mhéaduigh a chreideamhaint, do dhein daoine eile, uasal agus íseal, aithris air. Ar ball, bhí acu go léir, nó dúbhradar go léir go raibh acu, beann thar bár ar an gceart, fé mar a bhí ag Brian. Do glacadh an ceart ’n-a nós acu. Ansan bhí neart an nóis ag cur le neart an chirt. Bhí neart eile ag cur leis an dá neart san. B’é neart é sin ’ná neart an Chreidimh.
Ná bíodh aon iongnadh ar aoinne gan aon ghádh a bheith le neart armála chun dlighthe chur i bhfeidhm nuair a bhí na trí nirt sin, neart cirt, agus neart nóis, agus neart Creidimh, ag oibriughadh as acfuinn a chéile chun dlighthe chur i bhfeidhm.
Tugaimís fé ndeara cad a thuit amach do Bhrian i n-aon phúnc amháin de’n cheart agus de’n bheann a bhí aige ar an gceart. Chonaic gach aoinne go raibh aon bheart amháin éagcóra ná ceadóchadh Brian ar aon tsaghas cleas ná résún. B’í beart éagcóra í sin ’ná masla thabhairt do mhnaoi.Chonaic na fir go léir, íseal agus uasal, go raibh gráin gan teóra ag Brian ar ghníomharthaibh de’n tsórd san. Mar gheall ar an uraim a bhí acu do Bhrian do dhein na fir go léir, uasal agus íseal, aithris air sa nídh sin, leis. Má b’ uasal an rud do Bhrian an ghráin sin a bheith aige ar ghníomharthaibh de’n tsórd san, dob’ uasal an rud é, dar leó, d’ aon fhear. As san dúbhairt gach fear go raibh gráin aige féin ar ghníomharthaibh de’n tsórd san. As san do thug gach fear mar bhéas dó féin bheith ag maoidheamh as nár thug sé riamh “masla ná tarcaisne do mhnaoi.” Do lean an aithris ar Bhrian, agus do lean an chaint, agus do lean an maoidheamh. As san do neartuigh an nós agus do tugadh fé ndeara, ar fuid na h-Éirean, ná deineadh fir Bhriain gníomhartha de’n tsórd san. Fé mar a leath cómhacht Bhriain do leath na nósa a bhí ag fearaibh Bhriain. Ar ball do tugadh fé ndeara ná deintí na gníomhartha gráinneamhla úd i n-aon bhall i n-Éirinn.
Ansan, nuair a thagadh Niamh agus a h-athair go Ceann Cora, agus nuair a chíodh na ríghthe óga Niamh, do chuimhnighdís ar an uaisleacht agus ar an nósmhaireacht a bhí tagaithe ar Ghaedhlaibh Éirean go léir agus deiridís eatartha féin:—“Níor mhiste dhi slat ríoga do thógaint ’n-a láimh, agus fáinne óir i mbara na slaite, agus siúbhal ’n-a h-aonar ó Thonn Clíodhna go Dún Sobhairce, agus ní baoghal go ndéanfadh aon fhear Gaedhlach, uasal ná íseal, oiread agus focal neamh-uramach do labhairt léi.”
Dúbhradh an chaint sin, nó caint de’n tsórd, chómh minic sin, agus do tuigeadh chómh maith san fírinne na cainte, gur measadh, ’n-a dhiaigh san, nuair a bhí Brian agus Niamh agus an chuid eile acu sa n-iúir, nár chaint a bhí sa sgéal ach gur dhein óigbhean uasal éigin an siúbhal san, ’n-a h-aonar, ó Dhún Sobhairce go Tonn Clíodhna, agus an tslat ’n-a láimh aici agus an fáinne óir ar an slait, agus ná fuair sí ar anslígh ach an uraim agus an onóir ba mhó a dh’fhéadfaí a thabhairt di. Do lean an sgéal ar an gcuma san i seanachus na h-Éirean go dtí go dtáinig an file Gallda, Ua Mórdha, agus gur chúm sé an dán úd:—