The Project Gutenberg eBook ofNiamh

The Project Gutenberg eBook ofNiamhThis ebook is for the use of anyone anywhere in the United States and most other parts of the world at no cost and with almost no restrictions whatsoever. You may copy it, give it away or re-use it under the terms of the Project Gutenberg License included with this ebook or online atwww.gutenberg.org. If you are not located in the United States, you will have to check the laws of the country where you are located before using this eBook.Title: NiamhAuthor: Peter O'LearyRelease date: January 13, 2016 [eBook #50913]Most recently updated: October 22, 2024Language: IrishCredits: Produced by David Starner and the Online DistributedProofreading Team at http://www.pgdp.net (This book wasproduced from scanned images of public domain materialfrom the Google Books project.)*** START OF THE PROJECT GUTENBERG EBOOK NIAMH ***

This ebook is for the use of anyone anywhere in the United States and most other parts of the world at no cost and with almost no restrictions whatsoever. You may copy it, give it away or re-use it under the terms of the Project Gutenberg License included with this ebook or online atwww.gutenberg.org. If you are not located in the United States, you will have to check the laws of the country where you are located before using this eBook.

Title: NiamhAuthor: Peter O'LearyRelease date: January 13, 2016 [eBook #50913]Most recently updated: October 22, 2024Language: IrishCredits: Produced by David Starner and the Online DistributedProofreading Team at http://www.pgdp.net (This book wasproduced from scanned images of public domain materialfrom the Google Books project.)

Title: Niamh

Author: Peter O'Leary

Author: Peter O'Leary

Release date: January 13, 2016 [eBook #50913]Most recently updated: October 22, 2024

Language: Irish

Credits: Produced by David Starner and the Online DistributedProofreading Team at http://www.pgdp.net (This book wasproduced from scanned images of public domain materialfrom the Google Books project.)

*** START OF THE PROJECT GUTENBERG EBOOK NIAMH ***

NIAMH

Dollard Forbadh Éilimh Tigh an Chló Baile Átha Cliath

Niamh

Ó’N ATHAIRPEADAR UA LAOGHAIRE,CANÓNACH, S.P.

BAILE-ÁTHA-CLIATH:MUINTIR NA LEABHAR GAEDHILGE,6 Sráid d’Olier.

1907.

Fógarthar gach ceart ar cosnamh.

Sa bhliain d’ aois an Tighearna naoi gcéad cheithre fichid a ceathair do thóg Brian Bóramha Luimneach ó-s na Lochlanaigh. Do loisg sé an chathair, agus an méid des na Lochlanaigh nár marbhuigheadh agus nár tógadh ’n-a bprísúnachaibh, b’éigean dóibh teitheadh le n-a n-anam as an áit. Chuaidh cuid acu síos go h-Inis Cathaigh. Bhí seilbh ag Lochlanaigh i n-Inis Cathaigh an uair sin agus ar feadh mórán aimsire roimis sin. Bhíodar tar éis na manach a dhíbirt as an oileán agus iad féin do dhainginiughadh ann, agus bhí an áit caothamhail eidhsáideach eacrach acu, lámh le faraige agus lámh le tír. An sochar agus an saidhbhreas a bheiridís leó as an dtír mór-thímpal, le guid agus le fuadach agus le creachadh, choimeádaidís ar an oileán é go dtí go dtagadh na loingeas agus go bhféadaidís é chur soir abhaile nó é dhíol, nó é mhalairtiughadh ar bhia nó ar éadach nó ar arm, nó ar pé neithe eile a bhíodh ag teastubháil uatha.

Nuair a tháinig an lucht teithe anuas ó Luimneach agus nuair a dh’innseadar do Lochlanaigh Ínse Cathaigh cad a bhí déanta ag Brian, go raibh an chathair ’n-a luaithrigh agus a raibh de dhaoine inti marbh nó tógtha nó imthighthe gan tuairisg, shocaruighdar go léir ar an oileán do chur i dtreó chosanta chómh maith agus dob’ fhéidir é, agus ar iad féin a chosaint go h-imirt anama. Tháinig triúr curaí anuas ó’n gcathairi n-aonfheacht leis an lucht teithe. Íomhar agus Amhlaoibh agus Duíbhghean an triúr san.

Chuireadar an t-oileán i dtreó chosanta. Níor bh’fhada go raibh Brian anuas ’n-a ndiaigh. Do bhris sé féin agus a shluagh isteach chúcha ar an oileán. Do troideadh go dian ó gach taobh. Imirt anama dáiríribh ab eadh é dos na Lochlanaigh. Do briseadh agus do brúghadh agus do buadhadh ortha. Do thuiteadar ’n-a gcéadtaibh. Do fágadh a bhformhór marbh ar an oileán agus do tógadh an triúr, Íomhar agus Amhlaoibh agus Duíbhghean. D’fhág san Luimneach agus oileán ínse Cathaigh folamh ó Lochlanachaibh, agus gan aon tsúil go dtiucfadh a thuille acu chun na h-áite sin, an fhaid a bhéadh Brian beó pé ’n-Éirinn é.

Nuair a tuigeadh an nídh sin tháinig na manaigh chun an oileáin airís. Tháinig duine ana naomhtha n-ar bh’ ainim dó Colla, agus bhí sé i n’ Abb ar an mainistir, agus chuir sé gach gnó Creidimh ar siúbhal airís ann, fé chómairce Sheanáin naomhtha. Na manaigh agus na sagairt a dhíbir na Lochlanaigh as an áit thánadar airís, an méid a bhí beó acu, agus do luighdar isteach sa n-obair bheannuighthe mar ba ghnáth roimis sin. Bhí gach aon rud loitithe briste sgartálta i ndiaigh na Lochlanach. Do dhein Colla na h-áiteana a bhí beannuighthe do choisreacan airís, agus do chuir Brian chuige síos adhmad agus clocha agus aol agus saoir agus lucht ceárd, agus gach aon chóir a bhí riachtanach chun gach díobhála d’ár dhein na Lochlanaigh do leigheas, agus chun gach ar bhriseadar do dheisiughadh, i dtreó, ar ball, go raibh an áit níos fearr agus níos uaisle agus níos órnáidighe agus níos oireamhnaighe chun gnóthaí Creidimh agus chun onóra thabhairt do Dhia ann, ’ná mar a bhí sé, a déarfadh duine, sar a dtáinig aon Lochlanach riamh isteach ann.

Fé mar a bhí na manaigh ag teacht tar n-ais ann bhí na daoine, sa chómharsanacht mór-thímpal, chómh fada siar le LéimChúchulainn agus chómh fada óthuaidh le Cill Caoí, ag cur arbhair agus éadaigh agus adhbhar teine, agus neithe de’n tsórd san, isteach chúcha ar an oileán. Do chuir Brian féin chúcha a lán neithe a bhí ag teastubháil uatha agus nár bh’ fhéidir dóibh a dh’fhághail ó-s na daoine. Chuir sé chúcha, mar bhara ar gach bronntanas eile, cailís óir a bhí tar éis teacht chuige féin ó’n Róimh, ó’n bPápa, ’ghá chur i n-iúil dó cad é an buidhchas a bhí ag an bPápa air mar gheall ar a mhór-ghníomhartha i gcoinnibh na Lochlanach, i gcoinnibh namhad an Chreidimh. Ba mhór ab fhiú an chailís sin. Ór ar fad ab eadh í, agus bhí sí téagartha, trom, agus má ba mhór ab fhiú an méid óir a bhí inti, ba mhó ’ná san ab fhiú an gréas órnáide a bhí geártha uirthi, chómh h-ealadhanta agus chómh ceárdamhail agus chómh greanta. Ach bhí nídh uirthi a bhí níba dhaoire go mór ’ná an t-ór agus an órnáid i n-aonfheacht. Bhí ag bun an chupáin uirthi, mór-thímpal, sa n-áit ’n-a raibh an cupán suidhte ar an gcois, crios de chlochaibh lóghmhara go raibh, ba dhóich leat, fuasgailt mic rígh a’ braighdineas ins gach cloch díobh. Thug Brian an chailís sin do Cholla agus do mhainistir Ínse Cathaigh, i n-onóir do Dhia agus do Sheanán naomhtha, agus ba mhór ag Colla agus ag na manaigh go léir, agus ag cléir na tíre go léir sa tímpal, an chailís sin, agus ba mhór é a mbuidhchas ar Bhrian d’á bár.

Chómh luath agus bhí na manaigh tagaithe tháinig na micléighinn. Chómh luath agus tháinig na micléighinn do cuireadh na sgoileana ar siúbhal.

Nuair a tháinig na Lochlanaigh níor fhághadar aon nídh i bhfuirm leabhair, d’ár tháinig fé n-a súilibh, gan cur sa teine nó sa n-uisge, agus ba mhar a chéile do leabhraibh na h-aimsire sin teine nó uisge, mar is ar chroicean a déintí an sgríbhinn agus do bhaineadh an t-uisge an sgríbhinn de’n chroicean chómh luath agus do fliuchtí é. Ach níor bh’ fhada go raibh leabhair a ndóthin airís acu, mar, an mhuintir a bhí agteacht do thugadar leabhair leó ar iasacht agus ansan do sgríobhadar macshamhla, a ndóthin díobh, sar ar chuireadar abhaile na h-iasachtaí.

Níor bh’ fhada gur leath an sgéal ar fuid na h-Éirean go raibh na sgoileana ar siúbhal airís i n-Inis Cathaigh. Tháinig na h-ógánaigh ó gach aon pháirt d’Éirinn chun na sgoluigheachta dh’fhághail. Bhí ainim Cholla i mbéalaibh daoine ar fuid na h-Éirean, agus lasmuich d’oileán na h-Éirean, le méid an eóluis a bhí aige agus le doimhneacht a thuisgiona agus le feabhas an teagaisg a thugadh sé dos na h-ógánaigh. Ba ghearr go raibh na h-ógánaigh ag teacht anall ó’n oileán ar a dtugtar Sasana anois, agus adtuaidh ó Albain, agus andeas ó’n bhFrainc agus ó’n Almáinn. Clann na ríghthe agus na n-uasal isiad a thagadh. Do gheibhdís sgoluigheacht agus bia agus deoch agus díon, agus gach coimeád suas eile a theastuigheadh uatha, saor i n-aisge, gan aon tsaghas díoluigheachta, i sgolaibh na h-Éirean an uair sin. Níor bh’ aon iongnadh go dtagaidís ’n-a gcéadtaibh agus ’n-a míltibh.

Tímpal na h-aimsire sin bhí cuid des na Lochlanaigh féin ag tusnughadh ar an gCreideamh a ghlacadh, go mór mór, an chuid acu a bhí tar éis cur fútha i n-Éirinn agus cómhnuighe a dhéanamh dóibh féin ann, agus tar éis cleamhnaisí dhéanamh le mnáibh Éireanacha. D’eirigh an cómhngas, agus ansan an gaol, idir iad féin agus na cómharsain a bhí ’n-a dtímpal. As san amach do thusnuighdar ar nósaibh na h-Éirean do ghlacadh. Chuaidh eólus ar an gCreideamh i bhfeidhm ortha indiaigh ar ndiaigh, agus thusnuighdar ar an gCreideamh do ghlacadh. Chun iad féin d’ollamhughadh i gceart i gcóir an Chreidimh thusnuighdar ar dhul isteach ins na sgoileanaibh chómh maith le cách, agus rud a chuirean iongnadh anois ar dhaoine ná tuigean i gceart an mhór-aigne atá sa n-Éireanach, bhí fáilte rómpa ins na sgoileanaibh chómh maith agus a bhí roim chách.

Lá, agus an obair ar siúbhal i sgolaibh na mainistreach, tháinig ógánach uasal chun an oileáin. Bhí folt fionn air, ag tuitim go trom anuas ar a ghuaillibh agus ar a shlinneánaibh. Bhí clóca, nó brat, aniar ar a shlinneánaibh mar ba cheart a bheith ar mhac rígh, agus bhí sé ríoga ’n-a cruith agus ’n-a phearsain. Go mór mór, bhí an tsúil ríoga ag taithneamh ’n-a cheann, súil iona raibh fíor uaisleacht, gan uabhar, úmhluigheacht gan cheann-ísleacht, fírinne aigne gan nochtadh aigne. Tháinig sé go dorus na mainistreach. Tháinig an dóirseóir chuige.

“D’oirfeadh dom, le d’thoil, an t-Abb a dh’ fheisgint,” ar seisean leis an ndóirseóir.

“Tá go maith, a rígh,” arsa’n dóirseóir. “Buail mar seo, le d’thoil.”

Do rugadh i láthair Cholla é.

“Cad é seo atá uait, a mhic?” arsa’n t-Abb leis.

“Tá, a Athair,” ar seisean, “gur mhaith liom, dá mb’ é do thoil é, raint aimsire chaitheamh sa mhainistir seo ag déanamh foghluma.”

“Cé h-é thu, le d’ thoil?” arsa’n t-Abb.

“Tadhg ua Cealla is ainim dom, a Athair,” arsa’n t-ógánach, “agus adtuaidh ó Uíbh Máine do thánag.”

“Airiú,” arsa’n t-Abb, “an mac do Thadhg Mhór ua Chealla thu!”

“Iseadh, a Athair,” arsa’n t-ógánach.

Do cuireadh isteach láithreach é sa sgoil a bhí oireamhnach dó.Bhí an Tadhg ua Cealla san ocht mbliana déag d’ aois an uair sin.

Cúpla lá i ndiaigh an lae a tháinig Tadhg ua Cealla tháinig ógánach eile isteach sa mhainistir. Lochlanach ab eadh é, agus ba léir gur mhac rígh é. Bhí folt gruaige air a bhí chómh dubh le gual, agus bhí a chroicean chómh geal leis an sneachta. Bhí luisne chroídhreac ’n-a dhá leacain, agus bhí gealgháire ’n-a dhá shúil agus ’n-a bhéal i dtreó go raibh báigh ag gach aoinne leis ar an gcéad amharc.

Do tugadh i láthair Cholla é.

“Cad é an ainim atá ort-sa, a mic?” arsa Colla leis, “agus cá mbíon cómhnuighe ort nuair a bhíon tú sa bhaile?”

“Lochlanach iseadh mé, a Athair,” arsa’n t-ógánach, “agus Amhlaoibh is ainim dom. Amhlaoibh Óg a tugtar orm, mar Amhlaoibh is ainim dom’ athair leis. Thánag anso chun sgoluigheachta dh’fhághail, mar deir gach aoinne gur anso atá an sgoluigheacht is fearr le fághail.”

“Tá go maith,” arsa’n t-Abb. “Is dócha nách d’ár gCreideamh tú, ach ní dheinean san deifrígheacht ar bith. Tabharthas ó Dhia iseadh an Creideamh. Múinfear duit anso pé léighean nó pé eólus atá uait, agus ní baoghal duit go ndéanfaidh aoinne aon cur isteach ort mar gheall ar chreideamh.”

“Táim ’ghá chuimhneamh le fada, a Athair,” arsa’n t-ógánach, “gur mhaith an rud dom eólus éigin do chur ar bhúr gCreideamh. Ní féidir do dhuine creideamh do ghlacadh gan eólus a chur ar dtúis air. Má chím ó’n eólus gur nídh fóghanta é ba chóir gur mhaith an rud dom é ghlacadh. Pé ’cu ghlacfad é nó ná glacfad cad é an díobháil a dhéanfaidh sé dhom eólus do chur air?”

“Tá go maith, a mhic ó,” arsa’n t-Abb.“Lean do thoil agus do thuisgint féin sa nídh sin. Go dtugaidh Dia agus Seanán naomhtha dhuit an t-eólus atá uait!”

Do cuireadh Amhlaoibh Óg isteach sa sgoil do ceapadh a bhí oireamhnach dó, agus cá gcurfaí é ach isteach sa sgoil chéadna ’n-ar cuireadh Tadhg ua Cealla.

Níor bh’ fhada gur chuir an bheirt aithne mhaith ar a chéile. Níor bh’fhada gur eirigh caradas mór eatartha. Bhíodar araon go h-ana mhaith chun an léighinn a thógaint, agus ba dheacair d’aoinne a dh’innsint cé ’cu b’fhearr chuige. Ins gach nídh a bhain le neart géag agus le cleasaibh lúth dob’ é an sgéal céadna é. Ní raibh aon bhreith ag aoinne de’n bheirt ar bhuachtaint i gceart ar an bhfear eile. Ach bhí so le feisgint soiléir go leór. Ní raibh aon fhear eile ins na sgolaibh sin a dh’fhéadfadh cimilt le h-aoinne de’n bheirt i n-aon rud a bhain le neart cuirp ná le cleasaibh lúth.

Ní raibh Tadhg Óg ua Cealla abhfad i n-Inis Cathaigh nuair a rugadh soir go Ceann Cora é, go ríghtheighlach Bhriain féin. Bhí aithne mhaith agus cion mór ag Brian ar athair an fhir óig sin, ar Thadhg Mhór ua Chealla. Ní h-aon iongnadh nár fágadh Tadhg Óg abhfad gan breith soir go Ceann Cora.

Agus dar ndó’ nuair a h-iaradh ar Thadhg dul soir níor bh’ fhéidir a chara agus a chómhalta, Amhlaoibh, a dh’ fhágáilt ’n-a dhiaigh sa mhainistir. B’ éigean dóibh araon dul soir. Chómh luath agus do cuireadh aithne thoir ortha ba dhóich leat gur anuas as an spéir a thuiteadar, tháinig a leithéid sin d’ uraim ag gach aoinne dhóibh agus a leithéid sin de chion ag gach aoinne ortha.

Bhí fhios ag gach aoinne gur mhac rígh Tadhg Óg ua Cealla, agus isé rud a deireadh na daoine a chíodh é ’ná, “An t-é ná déanfadh ach feuchaint air, gan aon phioc d’á fhios a bheith aige cé h-é féin, d’ aithneóch’ sé gur mac rígh é!” Bhí an uraim ag ár sínsear riamh do’n rígh agus do mhac an rígh. Ní’limíd féin ró shaor ó’n ngalar gcéadna.

Bhí tuairim láidir ag daoine gur mhac rígh Amhlaoibh, leis,bíodh ná dúbhairt sé féin, luath ná mall, gur bh’eadh. Níor admhuigh sé gur bh’eadh agus ní lúgha ’ná mar a shéan sé gur bh’eadh.

Áit chun an uile shaghas cleasaidheachta, idir ruith agus léim agus iomrasgáil agus caitheamh cloch araige agus tógaint ualaí troma, ab eadh Ceann Cora an uair sin, agus bhí fir óga ann nár bh’fhuiriste buachtaint ortha ins na gníomharthaibh sin. Bhí an bheirt a tháinig aniar ó Inis Cathaigh maith a ndóthin do’n chuid ab fhearr acu, ’sé sin d’á gcómhnaoisibh. Ní raibh aon breith acu, ámhthach, ar aon chimilt a dhéanamh leis na fearaibh stáluighthe cruadha a bhí ann.

I n-éaghmais na lúthchleas bhíodh cleasa agus gleacaidheacht ar na h-airm acu. Bhíodh airm éadtroma ann dos na buachailíbh chun bheith ag déanamh taithíghe dhíobh. D’imir gach duine de’n bheirt cluiche ar gach arm des na h-airm sin leis na buachailíbh ab fearr a bhí ar theighlach Bhriain, agus chuireadar iongnadh ar gach aoinne. Bhíodh capal bata acu ann agus marcach bréige anáirde air agus éide ar an marcach, agus gníomh fir ab eadh ruith chun an mharcaigh sin agus buille thuaigh a thabhairt dó sa cheathramhain agus idir éide agus ceathramha do ghearadh leis an mbuille sin i dtreó go dtuitfeadh an chos ar thaobh de’n chapal agus an marcach ar an dtaobh eile.

Dubhairt Amhlaoibh gur dhóich leis go ndéanfadh sé an gníomh san. Do tugadh tuagh Mhurchadh mhic Bhriain chuige. Bhí sí ró throm dó. Do tugadh tuagh ná raibh chómh trom chuige. Do cuireadh anáirde an fear bréige ar an gcapal bréige. Do chas Amhlaoibh an tuagh agus do rith sé chun an mharcaigh agus do bhuail sé a bhuille. Chuir an buille stangadh sa n-éide a bhí ar ceathramhain an fhir bhréige. Sin ar chuir.

Do cuireadh suas an fear bréige airís agus éide shlán air. Do rug Tadhg Óg ua Cealla ar thuaigh eile. Do thoibh sé féin an tuagh. Bhain sé casadh as an dtuaigh agus do rith sé chun an mharcaigh bhréige. Tháinig an tuagh anuas ar angceathramhain. Do thuit an chos ar thaobh de ’n chapal agus an fear ar an dtaobh eile.

Do leath a dhá shúil ar Amhlaoibh.

“Ó!” ar seisean, “agus níor chuiris leath do nirt leis an mbuille!”

“Do chuireas,” arsa Tadhg, “ach níor dhóich leat gur chuireas. Cleas iseadh é. Chuiris-se oiread nirt leis an mbuille agus chuireas-sa leis, ach níor thugais a cheart féin do’n fhaobhar. Ní’l ann ar fad ach cleas, agus taithíghe ar an gcleas.”

“B’fhéidir é,” arsa Amhlaoibh, “ach mo thruagh-sa an fear go n-imireófá-sa an cleas san air i láthair catha.”

Do rug Amhlaoibh ar bhogh Mhurchadh. Mheas sé an bogh do lúbadh. Do theip air.

“Ba mhaith liom aon urchar amháin a dh’fheisgint uait, a rígh,” ar seisean le Murchadh.

“Chífir agus fáilte, a mhic ó,” arsa Murchadh. Do rug Murchadh ar an mbogh agus do lúb sé é agus chuir sé an tsrang air mar ba chóir chun lámhaigh. Ansan do rug sé ar shaighid agus chuir sé an saighead leis an sraing. Bhí an bogh dhá shlait ar faid. Chuir sé an lámh chlé n-a lár. Tharaing sé an tsrang leis an láimh dheis go dtí gur dhóich le duine ná raibh dhá throigh idir dhá cheann an bhogha. Thug sé aghaidh ar an dtaobh thall de’n ghleann. Do thárla éan faraige bheith ag gluaiseacht fan an ghleanna thall, lasmuich, dar le n-a raibh láithreach, de raon aon urchair. Do sheinn an tsrang. Do ghluais an saighead. Bhí súil gach aoinne ar an saighead agus ar an éan. Chonacadar ag teacht chun a chéile iad. Do chuaidh an saighead tríd an éan agus thuiteadar araon chun tailimh thall ar thaobh an ghleanna. Do rith buachail anonn agus thug sé leis anall iad. Bhí iongnadh agus alltacht ar Amhlaoibh nuair a thuig sé i n’ aigne cad é an neart nár bh’fholáir a bheith sa bhfear a chaith an t-urchar san.

Do caitheadh an lá ar an gcuma san, go suairc agus go soilbhir agus go muinteartha. Ansan do shuigh cuideachta mhaith uasal chun dínnéir, agus do tairbeánadh uraim agus onóir do’n dá mhac rígh sin agus d’uaislibh eile a tháinig an lá san go ríghtheighlach Bhriain ar ghnóthaíbh a bhain leó féin.

Bhí aghaidh na h-Éirean go léir an uair sin ar Bhrian agus ar Cheann Cora agus ar Dhál gCais. Bhí sé daingean i n-aigne gach aoinne, idir Ghaedhal agus Lochlanach, nár mhaith an bhail ar chine Ghaedhlach ná ar chine Lochlanach Brian agus Clann Chais a bheith ’n-a namhdaibh acu, agus gur bh’ é a leas, thar gach nídh, Brian agus Clann Chais a bheith ’n-a gcáirdibh acu. Gach aon chine, d’á bhrígh sin, ar fuid na h-Éirean, agus go mór ar fuid na Múmhan, a bheartuigh go bhféadfaidís caradas Bhriain do choimeád, má bhí sé acu, bhídís ag teacht go Cheann Cora agus ag tabhairt cíosa nó bronntanas leó; agus an mhuintir a bhíodh a d’iaraidh an charadais sin a dh’fhághail dóibh féin mura raibh sé cheana acu, bhídís ag teacht ar an gcuma gcéadna a d’iaraidh é thuilleamh.

Do thuig Brian iad go léir go h-áluinn. Fear ana dhoimhinn ab eadh é. Bhí beartuighthe i n’ aigne aige, agus bhí an machtnamh i n’ aigne le fada dh’aimsir, neart na h-Éirean go léir do chnuasach agus do chur le chéile i gcoinnibh na Lochlanach, agus i gcoinnibh gach namhad iasachta. Deire chur leis an obair a bhí ar siúbhal i n-Éirinn ar feadh cúpla céad blian an uair sin, nuair a bhíodh eaglaisí agus mainistreacha agus sgoileana d’á gcur suas le neart Creidimh agus dúil i léighean agus i n-eólus, agus ansan nár thúisge a bhídísthuas ’ná mar a bhíodh na Lochlanaigh ag preabadh isteach agus ’á sgartáil, ’ghá losgadh agus ag losgadh na leabhar a bhíodh ionta agus ag marbhughadh na manach. Do thuig Brian i n’ aigne, nuair a dheineadh cléir agus daoine naomhtha na h-Éirean, agus lucht léighinn na h-Éirean, na h-eaglaisí agus na mainistreacha agus na sgoileana do chur suas agus an obair do chur ar siubhal, gur bh’é ba lúgha ba ghann do ríghthibh Éirean, agus d’fhearaibh Éirean, Éire agus an obair, agus an mhuintir a bhí ag déanamh na h-oibre, do chosaint ar namhdaibh iasachta. Chonaic sé conus a bhí an sgéal ag Éire ocht gcéad blian nó míle blian roimis sin, nuair a bhí Fionn agus Fian Éirean beó, nó le linn Chonchubhair agus Chúchulainn. Bhí a leithéid sin de sgannra an uair sin ar dhúthaíbh iasachta roim fhearaibh Éirean agus roim chómhacht na h-Éirean nár leómhaidh aon chómhacht iasachta aon chur isteach a dhéanamh ortha. Dá mb’ iad na Rómhánaigh féin iad, do chuireadar an dómhan go léir fé n-a smacht ach Éire amháin. “Ach!” a déarfaidh duine, b’fhéidir, “Níor bh’fhiú leó teacht ag cur isteach ar oileán na h-Éirean. Bhí Éire ró shuarach, dar leó, agus ró imigcéineamhail.”

Nách maith ná raibh Ínsí h-Orc ró imigcéineamhail. Chuir na Rómhanaigh Sasana fé n-a smacht, agus chuireadar mórán de chrích Alban fé n-a smacht. Agus chuadar níba shia óthuaidh agus chuireadar Ínsí h-Orc fé n-a smacht, d’á fhaid óthuaidh iad, agus d’á shuaraighe le rádh iad an uair sin.

Bhí fhios acu go dian mhaith gur bh’fhiú dhóibh Éire thabhairt fé n-a smacht dá bhféadaidís é. Bhí aithne mhaith acu ar an oileán, ach bhí fhios acu go maith, leis, cad é an saghas daoine a bhí ’n-a gcómhnuíghe ar an oileán. Níor thánadar ag cur isteach ortha. Níor dhein cómhacht na Rómha riamh oiread agus sméide ar oileán na h-Éirean.

Do thuig Brian, an rud a deineadh cheana go bhféadfaí é dhéanamh airís. Go bhféadfaí cómhacht na h-Éirean do chur lechéile, agus do tháthughadh i n-a chéile, agus do dhlúthughadh i n-a chéile airís, agus neart fear Éirean do ghleusadh agus do chórughadh, mar a ghleus Fionn é. Ansan nár bhaoghal ná go bhfanfadh na Lochlanaigh amach, nó dá dtagaidís gur theacht gan imtheacht dóibh é.

Is léir d’aon duine a dh’fheuchan isteach sa sgéal go raibh an machtnamh san agus an beartughadh san agus an inntinn sin, istigh i gcroídhe Bhriain ó’n gcéad uair a thusnuigh sé ar dhroch obair na Lochlanach do thuisgint i gceart. Níor bh’fhuiriste dhó, ámhthach, a bheartughadh do chur i ngníomh mar bhí ríghthe Gaedhal ar bheagán meabhrach agus ar bheagán tuisgiona an uair chéadna. Níor tháinig aon phioc d’á chuimhneamh chun aoinne acu go raibh aon bhaoghal go bhféadfadh Lochlanaigh, ná aon almhúraigh eile, Éire do chur fé n-a smacht go h-iomlán chóidhche. Do thuig Brian go raibh an baoghal ann, agus gur mhóide an baoghal a luíghead a tuigeadh é. Thuig sé, leis, go mbéadh an baoghal ann an fhaid a bhéadh ríghthe Éirean ag gabháil i gcoinnibh a chéile, agus ag troid le n-a chéile, agus ag lagughadh a chéile mar a bhíodar. D’á bhrígh sin, chómh luath agus thusnuigh a chómhacht ar dhul i méid, do thusnuigh sé ar na ríghthibh eile do thabhairt sé n-a smacht féin, agus ar a chur fheuchaint ortha oibriughadh a’ lámhaibh a chéile i gcoinnibh na Lochlanach. Níor bh’ é sin féin ach, fé mar a fuair sé an chaoi air, do ghlac sé isteach ’n-a shlóightibh armála na Lochlanaigh a bhí dílis dó, chun cogaidh a dhéanamh i gcoinnibh na Lochlanach eile. Bhí cuid acu níba dhílse dhó ’ná mar a bhí cuid des na h-Éireanaigh.

Bhí cómhacht Bhriain ag méadughadh agus ag neartughadh agus ag leathadh go dtí go raibh sé ’n-a rígh ar leath na h-Éirean, ar Leath Mhogha, ar an leath theas de’n oileán. Ní gan mórán trioblóide agus mórán cogaidh a chuir sé an méid sin de thír na h-Éirean fé smacht a láimhe. Bhí a dhritháir, Mathúin mac Cinéide, ’n-a rígh ar an Múmhain roimis. Rígh cródha, cómhachtach, mór-aigeanta ab eadh an Mathúin sin. Chonaic ríghthe agus tighearnaí eile na Múmhan go raibh Dál gCais agus clann Chinéide ag dul i neartmhaire, agus tháinig éad agus eagla ortha.

Chonaic Lochlanaigh na Múmhan, leis, mura gcurfaí cosg éigin leis an mbeirt drithár, le Mathúin agus le Brian, ná fágfaidís Lochlanach beó sa Mhumhain. Dheineadar eatartha, na Lochlanaigh agus na h-Éireanaigh n-a raibh an t-eagal ortha, feall grána ar Mhathúin. Mharbhuighdar é i n-áit ar a dtugtí Bealach Leachta. Deir cuid de’n tseanachus gur i n-aice Mághchromtha atá an áit. Tá cloch mhór, i bhfuirm goláin, ’n-a seasamh ar bhruach an tSoláin, ar an ínse, i n-aice na h-áite ’n-a dtagan an Leamhain isteach sa tSolán, agus do réir gach deabhraimh tá an chloch san ’n-a seasamh ar uaigh Mhathúna mhic Cinéide, rígh Múmhan.

B’fhearra go mór, ámhthach, do lucht an éada agus an eagla ná déanfaidís an gníomh san. Íomhar, rígh Lochlanach Luimnighe, agus Maolmuaidh, rígh Deasmúmhan, agus Donabhán, rígh Figheinte, isiad a dhein an gníomh. Do las fearg Bhriain nuair a fuair sé cad a bhí déanta. Do chruinnigh sé a neart. Siné an uair a sgrios sé naLochlanaigh a’ Luimneach agus a’ h-Inis Cathaigh. Do bhris sé cath ar Dhonabhán agus mhairbh sé é. Do lean sé Maolmuaidh go Bealach Leachta, an áit ’n-ar marbhuigheadh Mathúin. Bhí Maolmuaidh ann agus sluagh líonmhar, láidir aige, de Ghaedhlaibh agus de Lochlanachaibh. Do bhuaidh Brian ortha, agus do thuit Maolmuaidh sa chath. Deir an seanachus go raibh Murchadh, mac Bhriain, sa chath san agus gan é ach chuig bhliana déag, agus gur le n-a láimh a thuit Maolmuaidh.

Nuair airigh Dómhnall ua Faoláin, rígh na nDéiseach, cad a bhí imthighthe ar Mhaolmuaidh agus ar a shluagh, d’eirigh sé agus chruinnigh sé slóighthe a thíre go léir, agus tháinig Lochlanaigh Phortláirge ag cabhrughadh leis. Siúd chúcha Brian. Do bhris sé cath fuilteach ortha i n-áit ar a dtugtí Fán Chonradh. Do theitheadar, idir Ghaedhil agus Lochlanaigh, isteach go Portláirge. Do lean Brian iad agus dhein sé éirleach ortha agus do loisg sé an chathair. Do thuit Dómhnall sa n-éirleach.

Bhí an Mhúmhain fé smacht Bhriain ansan. Níor ghéill a namhaid go léir dó, ámhthach. Bhí fhios acu ná géillfeadh Cúige Laighean go ró bhog dó. D’imthighdar óthuaidh. D’ eirigh na Laighnigh leó. Do cruinnigheadh sluagh ana mhór, Lochlanaigh agus Éireanaigh ó’n Múmhain, agus Lochlanaigh ó Áth Cliath, agus iomláine cómhachta na Laighneach, idir Lochlanaigh agus Éireanaigh. Cheapadar, anois nó riamh, go gcuirfidís neart Bhriain ar neamhnídh. Thuig na h-Éireanaigh a bhí ann go ndéanfaidís díoltas ar Bhrian agus ar Chlainn Chais fé dheire thiar thall. Thuig na Lochlanaigh dá mbéadh Brian agus Clann Chais ar neamhnídh nár ró fhada go mbéadh Luimneach, agus Inis Cathaigh, agus an Mhúmhain, agus b’fhéidir Éire go léir, acu féin airís. Níor thug Brian puínn aimsire dhóibh chun machtnaimh a dhéanamh. Siúd chúcha isteach i gCúige Laighean é féin agus a shluagh. Ar Gleann Mháma iseadh tháinig sé suas leó. Siúd chun a chéile an dá shluagh go fíochmhar agus go malluighthe. Do throid na Laighnigh agus na Lochlanaigh agus alucht cabhartha go léir, go cródha agus go seasamhach, an fear ag tuitim agus fear eile i n’ inead láithreach, gan staonadh gan géilleadh, gan suim i mbás ná i mbeatha. Níor bh’ aon mhaith dhóibh é. Do bhrúigh Brian agus Murchadh agus Clann Chais isteach tré n-a lár. Do leagadh agus do marbhuigheadh iad ’n-a srathanaibh. Fé dheire do ruagadh chun siúbhail an méid nár leagadh dhíobh. Do leanadh iad ins gach treó baill ’n-ar theitheadar. Do cuireadh an mhór-shluagh ar neamhnídh glan. Do thuit sa chath san chúig mhíle fear de Lochlanachaibh agus de Laighneachaibh.

D’fhág san Leath Mhogha ar fad fé smacht Bhriain, agus thug sé le tuisgint go soiléir dos na Lochlanaigh ná raibh aon bhreith acu go deó airís ar oileán na h-Éirean do thabhairt fé n-a smacht. Ansan iseadh bhí ríghthe agus uaisle agus tighearnaí tíre ag teacht as gach áird go Ceann Cora ag tabhairt cíosa agus tabharthaistí agus bronntanas ag triall ar Bhrian agus ag snadhmadh caradais leis.

Cuid des na h-uaislibh sin iseadh bhí tagaithe ann an oídhche a bhí an bheirt bhuachailí ó mhainistir Ínse Cathaigh ann. Chuir an mhuintir a tháinig aithne láithreach ar Thadhg Óg ua Chealla. Níor fhéad aoinne puínn aithne chur ar an mbuachail eile, ar Amhlaoibh. Ní raibh fhios acu cé r’ bh’ é ná cé ’ra díobh é, ach gur bh’ ógánach uasal é a tháinig anall ó chrích Lochlan go mainistir Ínse Cathaigh ag déanamh foghluma. Do caitheadh an oídhche go suairc agus bíodh ná raibh aon aithne cheart ar an Lochlanach óg bhí gach aoinne ag déanamh cúraim dé agus ag taisbeáint báighe dó, díreach fé mar ba mhaith leó a chur i n-iúil dó, dá mba Lochlanach féin é ná raibh aon dothal acu roimis.

Tá an tréith sin sa n-Éireanach fós, go láidir. Má bhímíd muinteartha le duine iasachta is minic gur mó go mór a thaisbeánaimíd ár muintearthas dó ’ná mar a thaisbeánaimídé d’ ár nduine féin. Chonac go minic a leithéid.

Tháinig an mhaidion. Bhí na h-uaisle a tháinig ag dul abhaile. Má thugadar tabharthaistí leó ag triall ar Bhrian do thug Brian tabharthaistí móra maithe dhóibh nuair a bhíodar ag imtheacht. Bhí brígh leis na tabharthaistíbh sin, ámhthach. An priúnsa do ghlac tabharthas mar sin ó Bhrian, d’ admhuigh sé Brian a bheith ’n-a rígh os a chionn, agus bhí ceangailte air as san amach an admháil sin do sheasamh. Thuigeadar go léir an nídh sin go maith agus ní raibh aon chur ’n-a choinnibh acu. Is amhlaidh a bhí áthas mór ortha fear a bheith os a gcionn a bhéadh ábalta ar iad do smachtughadh dá mba ghádh é.

Tháinig an bheirt bhuachailí abhaile chun na mainistreach agus chun na leabhar agus chun an léighinn.

Bhí Brian pósta an tarna h-uair an uair sin. Gormfhlaith ab ainim do’n tarna mnaoi. Bhí sí ’n-a baintrigh nuair a phós Brian í. Drifiúr ab eadh í do Mhaolmórdha, an rígh a tháinig ar Laighnibh nuair a ghéilleadar do Bhrian. Bhí sí pósta ar dtúis ag rígh de ríghthibh Lochlanach Átha Cliath. Amhlaoibh ab ainim do’n rígh sin. Bhí mac aici leis an Amhlaoibh sin agus Sitric ab ainim do, agus bhí sé ’n-a rígh ar Lochlanaigh Átha Cliath nuair a bhí sise pósta ag Brian i gCeann Cora.

Do réir gach seanachais d’á mbainean leis an aimsir sin ní raibh an uair sin ar mhnáibh an domhain bean eile a bhí i n-aon ghaor do bheith chómh breagh leis an mnaoi sin. Ach tá nídh eile, leis, le feisgint sa tseanachus. Ní raibh bean ar bith a bhí chómh breagh léi. Ní lúgha ’ná mar a bhí bean ar bith a bhí chómh h-olc léi. Nuair a phós Brian í ní raibh fhios aige cad é an saghas í. Bhí beartuighthe i n’aigne aige, ní h-amháin Gaedhil Éirean do dhlúthughadh le n-a chéile i dtreó gur mhóide a neart é i n-aghaidh namhad iasachta, ach, dá mb’ fhéidir é, na Lochlanaigh a bhí socair chun cómhnuighthe i n-Éirinn do tháthughadh leis na cineachaibh Gaedhlacha, agus aon neart amháin a dhéanamh díobh go léir. Thuig sé gur mhaith an congnamh dóchuige sin máthair an rígh a bhí ar Lochlanaigh Átha Cliath a bheith pósta aige; go dtabharfadh an cleamhnas san páirt disi ’n-a chómhacht féin agus páirt dó féin i gcómhacht a mic. Do neartuigh sé an pháirt sin a bhéadh aige féin i gcómhacht a mic, le cleamhnas eile. Thug sé a inghean féin le pósadh do Shitric, do rígh Lochlanach Átha Cliath.

Bhí gaol agus cómhngas achmair go leór ansan idir é agus rígh Laighean agus idir é agus Lochlanaigh Átha Cliath, agus bhí gach aon deabhramh go ndéanfadh aimsir agus foidhne agus faidearaídhe agus deaghchómharsanacht caradas do dhlúthughadh agus do bhuanughadh idir é agus iad go léir, go mór mór ó bhí san agus a mbuac féin ag teacht isteach le n-a chéile. Bhí gach aon deabhramh, leis, dá leanadh an caradas san agus an deagh-chómharsanacht san go sroisfeadh Brian Árdrígheacht na h-Éirean agus go leanfadh sliocht Bhriain i n-Árdrígheacht na h-Éirean, ó ghlúin go glúin, ar feadh mórán aimsire, agus go gcuirfeadh san rath agus séan, go saidhbhir agus go marthanach, ar Éirinn agus ar Chlannaibh Gaedhal, agus ar an gCreideamh i n-Éirinn.

Ach bhí a mhalairt sin ar fad de mhachtnamh i n-aigne na Banríghne, i n-aigne Ghormfhlaith. Ní h-ar Bhrian ná ar a shliocht a bhí sí ag cuimhneamh, i gcóir Árdrígheachta na h-Éirean, sa n-aimsir a bhí le teacht, ach ar a mac féin, ar Shitric, rígh Lochlanach Átha Cliath. Bhí Brian aosda. Ní raibh, agus a dhícheal a dhéanamh, puínn eile aimsire aige le caitheamh ar an saoghal so. B’fhearr léi í féin a bháth ’ná Murchadh dh’fheisgint i n’ Árdrígh. Níor bh’fholáir, dar léi, rud éigin a dhéanamh a choimeádfadh Murchadh as an Árdrígheacht. Chuir sí an sgéal i gcómhairle a mic. Do socaruigheadh eatartha ar nimh a thabhairt do Bhrian. Dá mbéadh Brian as an slígh do thuitfeadh a chómhacht as a chéile. Ansan níor ró dheacair di cómhacht na Lochlanach do chruinniughadh agus oileán na h-Éirean do chur fé n-a smacht féin, agus Árdrígh adhéanamh d’á mac, de Shitric. Bhí an t-uisge-fé-thalamh san ar siúbhal idir Cheann Cora agus Áth Cliath ar feadh abhfad. Bhí sé ar siúbhal, a gan fhios do’n tsaoghal, le linn na h-aimsire ’n-a raibh an bheirt bhuachailí úd ag déanamh a bhfoghluma i mainistir Ínse Cathaigh.

Tar éis suim aimsire tháinig an bheirt airís go Ceann Cora agus bhí lá gleacaidheachta eile acu agus oídhche shuairc ’n-a dhiaigh. Níor bh’ fhada gur dheineadar taithighe de bheith ag teacht, agus bhíodh súil leó agus fáilte rómpa ag gach aoinne sa teighlach. Bhíodh gach aoinne mór leó, agus gach aoinne ag déanamh cúraim díobh, agus ní raibh aoinne ba mhó a dheineadh cúram díobh ’ná an Bhanríghin. Dheineadh sí ana chúram de’n bheirt, ach nuair a chuadar i dtaithighe bheith ag teacht do thárla go mbíodh Amhlaoibh agus í féin go minic ag caint agus ag cogarnaigh fé leith. Níor dhein aoinne aon iongnadh dhé sin. Lochlanach ab eadh é, agus mac rígh ab eadh é, agus níor bh’ aon iongnadh mórán a bheith aici le rádh leis an mbuachail i dtaobh a thíre féin agus i dtaobh a mhuintire.

Nuair a tháinig an t-am ’n-ar mhithid do Thadhg ua Chealla cuaird a thabhairt óthuaidh go h-Uíbh Máine, ag feuchaint a mhuintire féin, ní shásóch’ aon rud é gan Amhlaoibh do dhul óthuaidh i n-aonfheacht leis. Chuaidh an bheirt óthuaidh. Má ba mhór an fháilte a bhíodh roimis an mbeirt i gCeann Cora, agus má ba mhór an cúram a deintí dhíobh ann, ba mhó ’ná san an fháilte a bhí rómpa thuaidh, agus ba ghrádhmhaire, agusba mhó an cúram a deineadh díobh ann. Bhí Tadhg Óg ua Cealla i dteighlach a athar féin nuair a chuaidh sé óthuaidh go h-Uíbh Máine, agus is ’mó rud fhéadfadh sé a dhéanamh ann chun cúraim a dhéanamh de charaid ná féadfadh sé a dhéanamh i ríghtheighlac Bhriain i gCeann Cora. Do dhein sé gach aon rud fé mar a thaithn leis chun a thaisbeáint cad é an cion a bhí aige ar a chomrádaidhe. Nuair a chonaic an t-athair, Tadhg Mór féin, an cúram go léir ’á dhéanamh de’n ógánach Lochlanach do dhein sé féin cúram dé, chun a mhic do shásamh. Ansan do dhein an mháthair, agus an chuid eile de’n chlainn, an cúram céadna dhé, chun Taidhg Óig do shásamh. Níor dheacair dóibh sin, mar, chómh luath agus tháinig sé ’n-a measg, agus chómh luath agus do chonacadar é agus do labhradar leis, tháinig báigh chómh mór san acu féin leis go mbéadh fáilte acu roimis agus go ndéanfaidís cúram dé ar a shon féin dá mba ná béadh Tadhg Óg i n-aon chor ann. Bhí saoghal maith aige an fhaid a bhí sé thuaidh.

Do críochnuigheadh an chuaird agus tháinig an bheirt thar n-ais go h-Inis Cathaigh.

Do ghluais raint aimsire. Bhí Amhlaoibh ag déanamh na foghluma go tiugh. Lá d’á raibh an bheirt i bhfochair a chéile ar imeal an oileáin, ar bruach na faraige, do labhair Amhlaoibh. Dubhairt sé gur mhaith leis an Creideamh a ghlacadh. Bhí áthas mór ar Thadhg.

“Is fearr labhairt leis an Abb,” ar seisean.

Do labhradar leis an Abb.

“Tá go maith,” arsa’n t-Abb. “Ní foláir an Creideamh a mhúineadh dhuit ar dtúis.”

Do ceapadh sagart chun an Chreidimh a mhúineadh dhó. Do glacadh an sgéal go réidh. Do tugadh a dhóthin aimsire dhó chun an Chreidimh a dh’ fhoghluim. Do tugadh níba mhó ’ná a dhóthin aimsire dhó. Fear eagnaidhe ab eadh Colla. Thuig sé gur “bh’ fhearr feuchaint roime dhuine ’ná dhá fheuchaint ’n-a dhiaigh,” gur bh’fhearr deimhne dhéanamh sar a’ ndéanfaí dithineas.Gur bh’ fhearr “bheith díomhaoín ’ná droch ghnóthach.” Ach do múineadh an Creideamh d’Amhlaoibh, agus do chuir sé an ríghneas go léir dé go breágh réidh foidhneach. Ba léir do gach aoinne go raibh sé dílis, dáiríribh. Do baisteadh é. Tar éis raint eile aimsire do dhein sé faoisdin agus do cuireadh fé láimh Easboig é. Ansan, tar éis tuille aimsire dhein sé faoisdin agus ghlac sé Comaoine. Bhí áthas mór sa mhainistir agus buidhchas mór ’á thabhairt do Dhia mar gheall ar a thabharthaistí.

Tháinig an t-am do’n bheirt chun dul soir go Ceann Cora ar chuaird. Chuadar soir. Bhí míle fáilte rómpa mar ba ghnáth. Ach bhí rud éigin tagaithe sa bhfáilte ná bíodh ann roimis sin. Bhí an osgailt croídhe ann a bhainean leis an gCreideamh. Ní h-aithnightear cad a bhainean leis an osgailt croídhe sin go dtí go mothuightear beó é. Ní raibh aon phioc d’á fhios ag Amhlaoibh cad a bhain leis go dtí gur mhothuigh sé beó é. An cion a gheibheadh sé i gCeann Cora agus i n-Uíbh Máine sar ar ghlac sé an Creideamh, níor thug sé fé ndeara go raibh aon rud i n-easnamh air. Bhíodh gach aoinne geal dó. Níor mheas sé go bhféadfaidís bheith níba ghile dhó. Nuair a tháinig sé, tar éis an Chreidimh a ghlacadh dhó, ansan iseadh thuig sé cad a bhain leis an osgailt croídhe. Do chonaic sé ansan go soiléir nár bh’é an duine céadna i n-aon chor acu é, agus nár bh’é an cion céadna i n-aon chor a taisbeánadh dó. Gur h-osgaladh dó, i gcroídhthibh na ndaoine, seómra éigin a bhí, ní h-amháin dúnta uaidh roimis sin, ach a bhí ann a gan fhios dó agus ná raibh aon phioc d’á fhios aige é bheith ann i n-aon chor.

Bhí áthas ana mhór ar mhuintir Thaidhg Óig uí Chealla nuair a tháinig an bheirt chucha agus Amhlaoibh tar éis an Chreidimh a ghlacadh. Dá mba bhuachail Tadhg go bhféadfaí éad a chur air do bhéadh éad a dhóthin air, do dheineadh a mhuintir a leithéid de chúram d’ Amhlaoibh.

Bhí drifiúr ag Tadhg. Mórling ab ainim di. Bhí sí fionn ar nós a drithár. Cailín ana dhathamhail ab eadh í. Bhí a gruaig ar dhath an óir. Bhí idir ghruaig agus dath chómh saidhbhir sin gur tugadh “Niamh Chinn Óir” mar ainim-cheana uirthi nuair a bhí sí ’n-a leanbh beag. D’oir an ainim chómh maith san di gur lean sé dhi. Ansan do thug daoine mar bhéas dóibh féin an cómhngar a ghlacadh ar an ainim agus gan a thabhairt uirthi ach Niamh. Sa n-am ’n-a mbíodh a dritháir agus Amhlaoibh ag teacht ó mhainistir Ínse Cathaigh go tigh a h-athar bhí sí seacht mbliana déag, agus deirtí go dtógfadh sé an ceó de chroídhe dhuine feuchaint uirthi, bhí a sgéimh chómh h-áluinn sin. Deirtí gur dhóich le duine go mbíodh mar a bhéadh sgáil éigin soluis ’n-a tímpal, i dtreó, nuair a thagadh sí isteach i gcuideachtain, gur chuma é nó gath gréine do theacht isteach ann. Bhí a lán d’uaislibh óga na tíre agus ba ró mhaith leó bheith ’n-a cuideachtain agus bheith go mór léi, ach bhí dhá shúil ghorma, sholusmhara, ríoga ’n-a ceann, agus ní raibh aon duine des na h-uaislibh óga san a dh’ fhéadfadh an fheuchaint a bhí ins na súilibh sin do sheasamh dá dtugadh a shúile féin, ’n-a gcoinnibh, aon fheuchaint nár cheart. Bhí an fhuil uasal inti, an fhuil ríoga. D’inis a dhá súil duit, ar an gcéad amharc, gur bh’ í inghean Thaidhg Mhóir uí Chealla a bhí agat, agus pé ’cu b’í nó nár bh’í, gur bh’é do bhuac bheith chómh múinte chómh béasach agus d’fhéadfá bheith.

I dtaobh an óigfhir, ámhthach, a thagadh i n-aonfheacht le n-a dritáir andeas ó mhainistir Ínse Cathaigh, chonaic sí an ghruaig chíordhubh air, an t-ualach gruaige go raibh dóthin trír ann, agus é ag tuitim síos leis na h-uiseanaibh a bhí ar dhath an tsneachtaidh; ar na slinneánaibh breaghtha láidire leathana; síos go caol an droma, caol droma a bhí chómh seang le caol droma an chapail ráis, agus go raibh neart suidhte ann mar a bhéadh i ndrom an chapail ráis. Chonaic sí an dá shúil a bhí ’n-a cheann agus iad chómh dubh leis an sméaramhán, agus,nuair a gháireadh sé, an teine chreasa ag teacht as na súilibh sin le neart suilt agus deagh-mhéinne, ba dhóich leat. Chonaic sí na neithe sin go léir an chéad lá a tháinig an t-Amhlaoibh sin go h-Uíbh Máine, agus má chonaic do thug sí grádh agus taithneamh a croídhe agus a h-aigne dhó go h-iomlán agus go beacht, láithreach bonn, gan aon dá chuid a dhéanamh díobh. Do thuig Amhlaoibh gur thug, agus do thuig sise gur tugadh an grádh agus an taithneamh céadna dhi, agus bhí a h-aigne sásta. Níor labhair aoinne de’n bheirt aon fhocal. Ní raibh gádh le caint. Bhí an sgéal go léir socair eatartha ar an gcéad fheuchaint. Dheineadar an chaint a dhein an chuid eile a bhí láithreach, agus níor tugadh aon phioc d’á fhios d’aoinne d’á raibh láithreach go raibh an sgéal san socair eatartha.

Nuair a tháinig an sgéal nua go raibh Amhlaoibh ag glacadh an Chreidimh bhí áthas mór ar gach aoinne i gCeann Cora agus ar gach aoinne i n-Uíbh Máine, agus ní raibh duine i gCeann Cora ná i n-Uíbh Máine ba mhó áthas ’ná Niamh. Nuair a tháinig Amhlaoibh go h-Uíbh Máine agus é tar éis an Chreidimh a ghlacadh, do fuair sé an osgailt croídhe ó gach aoinne, ach ní raibh aoinne ba mhó a thug osgailt croídhe dó ná mar a thug Niamh. Ach má seadh níor leig sí uirthi gur thug. Bhí sí díreach mar a bhí an chuid eile de’n teighlach, chómh fada agus a dh’ fhéad aoinne a thuisgint.

Do lean an sgéal ar an gcuma san. Tar éis suim aimsire do labhair Amhlaoibh airís le n-a chara, le Tadhg Óg ua Cealla.

“Táim ’á chuimhneamh, a Thaidhg,” ar seisean, “gur mhaith liom bheith am’ shagart.”

“Labhair le Colla mar gheall air sin,” arsa Tadhg.

Do labhair.

“B’fhéidir, a mhic ó,” arsa Colla, “ná fuil fios t’ aigne féin i gceart agat i dtaobh na h-inntinne sin. Is fearr machtnamh a dhéanamh ar an sgéal. Imthigh leat agus tabhair aire do t’ chuid léighinn, agus tar chúgham airís mí ó ’ndiu má’s maith leat é, agus i gcaitheamh an mhí bí ’ghá iaraidh ar Dhia, tré ímpídhe Sheanáin, tú sheóladh ar do leas.”

D’imthigh an mí. Tháinig Amhlaoibh airís ag triall ar Cholla.

“Tá sé socair am’ aigne, a Athair,” ar seisean, “gur am’ shagart is ceart dom mo shaoghal do chaitheamh.”

“Tá go maith, a mhic ó,” arsa Colla.

Do cuireadh isteach é ameasg na mac léighinn a bhí d’á n-ollamhughadh d’ Órd Bheannuighthe. Níor bh’ fhada gur h-airigheadh i gCeann Cora agus i n-Uíbh Máine gur deineadh. Dúbhairt a lán daoine gur mhaith é. Dúbhairt a lán eile gur mhór an truagh sagart a dhéanamh d’óigfhear chómh breágh chómh dathamhail. D’airigh Niamh é. D’airigh sí daoine ’ghá rádh gur bh’ áluinn an sagart a dhéanfadh sé. D’airigh sí daoine ’ghá rádh gur mhór an truagh sagart a dhéanamh dé. Bhí lán a croídhe d’iongnadh agus d’ alltacht istigh ’n-a h-aigne féin, ach ní baoghal gur leig sí amach aon phioc de’n iongnadh. Níor dhóich le h-aoinne beó uirthi go raibh sí ag cuimhneamh i n-aon chor air féin ná ar conus ba mhaith leis a bheatha do chaitheamh. Ach do bhí. Bhí dhá mhachtnamh ’n-a h-aigne ’n-a thaobh agus bhí sé ag teip uirthi glan an dá mhachtnamh a thabhairt d’á chéile,—an grádh úd a thaisbeáin sé a bheith aige dhí féin ó’n gcéad lá do chonaic sí é, agus an socarughadh so a bhí déanta anois aige ar bheith ’n-a shagart. Gan amhras dob’ fhíor nár labhair sé aon fhocal riamh léi ’ghá innsint di go raibh an grádh san aige dhi, ach níor dhein san blúire deifrígheachta sa sgéal.Rud ab eadh é nár ghádh labhairt ’n-a thaobh. Bhí stoirm ’n-a h-aigne, ach do choimeád sí istigh é. Bhí sí chómh séimh, chómh solusmhar, chómh gealgháiriteach agus ba ghnáth léi bheith. B’ í an gath gréine céadna í ag teacht i gcuideachtain. Do tugadh fé ndeara, ámhthach, gur bhánuigh a h-aghaidh. Ach is ’mó trúig a dh’fhéadfadh bheith leis sin, agus níor chuir aoinne aon tsuim ann nuair nár thaisbeáin sí aon easba sláinte.

Nuair a bhí raint aimsire caithte ag Amhlaoibh ag déanamh na foghluma i gcóir na n-Órd do thug sé féin agus a chomrádaidhe cuaird soir go Ceann Cora. Bhí áthas mór ar gach aoinne agus gach aon tsaghas urama agus onóra acu á thabhairt d’ adhbhar an tsagairt, agus ba mhó an t-áthas a bhí ar an mBanríghin, ar Ghormfhlaith, ’ná ar aoinne. Thug sí féin agus é féin ana chuid de’n lá i bhfochair a chéile. Níor bh’ aon iongnadh é sin. Bhí a lán neithe aici le h-innsint dó i dtaobh a mhuintire féin, lastoir i gcríochaibh Lochlan, agus a lán cainte acu araon le déanamh ’n-a dtaobh, nídh nár bh’ iongnadh.

Thug an bheirt, Tadhg Óg agus Amhlaoibh, cuaird óthuaidh go h-Uíbh Máine. Bhí an fháilte ba ghnáth rómpa, agus bhí an fháilte fé leith roim adhbhar an tsagairt, agus an onóir fé leith ’á tabhairt dó, agus an uraim fé leith. Thug Niamh an onóir dó a thug gach aoinne eile dhó. Bhí a h-aigne smachtuighthe aici um an dtaca san, agus bhí socair aici, i láthair Dé, go raibh ceangailte uirthi féin gan teacht, ar aon tsaghas cuma, idir é agus an ghairm bheannuighthe a bhí, dar léi, ceapaithe ag Dia dhó. Ach bhí an t-aon mhearbhall amháin úd os cómhair a h-aigne. Cad chuige gur thaisbeáin sé an grádh úd di an chéad lá má bhí aon chuimhneamh aige ar bheith ’n-a shagart? Má bhí grádh aige dhi do réir mar a thaisbeáin sé a bheith, conus fhéad sé a aigne d’atharughadh? Níor réidhtigh an chuaird an mearbhall. An suim laethanta a bhí le caitheamh i n-Uíbh Máine do caitheadh iad, agus d’ imthigh an bheirt abhailego h-Inis Cathaigh, agus bhí an measgán mearaídhe ar a h-aigne ag Niamh nuair a bhíodar imthighthe, chómh mór díreach agus bhí sé ar a h-aigne aici sar a dtánadar ar an gcuaird sin. Níor dhein sí ach a toil do chur le toil Dé, agus bheith ’á iaraidh ar Dhia agus ar Mhuire Mháthair agus ar Sheanán í chur ar a leas.

Nuair a tháinig an t-am chuige do cuireadh Amhlaoibh ins na mion Órdaibh. Do deineadh deacon dé. Ansan, an deacon go raibh cúram an érdaim[A]air go dtí san, do críochnuigheadh ’n-a shagart é, agus do cuireadh go dtí an Róimh é ar ghnó éigin, agus do cuireadh cúram an érdaim i n-Inis Cathaigh ar Amhlaoibh. Bhí sé ag déanamh an ghnótha san go maith agus go cruinn agus go slachtmhar, agus bhí na sagairt go léir ana shásta leis. Bhí gach nídh i n’áit féin aige agus an glanachar ins gach aon bhall aige.


Back to IndexNext