CAIBIDIOL II.BREALL AR AN BHFEALL.

“Chuadhas go Baile Átha Cliath. Thuit gach nídh amach díreach mar a mheas Donn a thuitfeadh. Is uathbhásach an bhean í!” ar seisean, agus d’ fheuch sé anonn ar Ghormfhlaith, mar fheuchfadh duine ar éan éigin neamh-choitchianta, nó ar bheithigheach neamh-choitchianta.

D’fheuch sise air, idir an dá shúil.

“Ní foláir a dh’ admháil,” ar sise,“gur dheinis do ghnó go maith. Bhuailis bob ar Shitric, agus bhuailis bob ar fhear atá níos géire go mór ’ná Sitric. Bhuailis bob ar Amhlaoibh. Mura mbéadh san ní bhuailfeá an bob orm-sa mar a bhuailis. Is ábalta an buachail tu,” ar sise. “Tháinig amhras am’ aigne cúpla uair go mb’ fhéidir go rabhais am’ mhealladh, ach chuiris m’ aigne chun suaimhnis gach uair acu le d’ shímplidheacht. Ó, is sleamhain an bioránach tu! Is truagh nách ag triall orm féin a tháinís ar dtúis! Ach nuair a tháinís chúgham ó’n mbeirt sin cad fhéadfainn a rádh! Cad é an díobháil dom ach Amhlaoibh.”

“Cé h-é Amhlaoibh?” arsa Brian.

Chrom gach aoinne a cheann.

“Nách é sin an t-ógánach úd a thagadh anso aníos ó Inis Cathaigh i n-aonfheacht le mac Thaidhg Mhóir uí Chealla?” arsa Brian.

Níor labhair aoinne, ach do las gnúis Mhurchadh.

“Ná neósfaidh aoinne dhom cé h-é an t-óganach úd?” arsa Brian.

“Ní’l ach aoinne amháin anso a dh’fhéadfadh an cheist sin do fhreagairt duit, a athair,” arsa Murchadh, agus do labhair sé go h-ana íseal.

D’eirigh Brian ó’n mbórd agus d’ imthigh sé amach gan feuchaint ar Ghormfhlaith.

“Coimeádtar ’n-a prísúnach í,” arsa Murchadh le Dúlainn, agus d’imthigh sé amach i ndiaigh an Árdrígh.

“Tá cárbat na h-Árdríghna féin ollamh amuich chun bóthair,” arsa Lonán. “Bhíomair chun imtheacht ar cos-anáirde go Baile Átha Cliath,” ar seisean, “chómh luath agus bhéadh an gníomh déanta,” agus chuir sé gáire as.

“Imthigh amach agus inis an méid sin do Mhurchadh,” arsa Dúlainn. “Tabharfad-sa aire dhi seo.”

D’imthigh Lonán amach. Bhí Brian agus Murchadh amuich agus iad ag siúbhal síos agus suas agus Brian ag caint. D’ airigh sé an t-aon fhocal amháin ó Bhrian.

“Ní mac d’ Amhlaoibh é. Tuigim an sgéal go léir anois.”

Chonaic sé Lonán ag teacht ’n-a dtreó.

“A Lonáin, a mhic ó,” ar seisean, “tá comaoine mhór curtha agat orm! Chuiris t’anam féin i gcontabhairt ar mo shon.”

“Is suarach le rádh m’anam-sa seachas t’anam-sa anois, a Árdrígh,” arsa Lonán. “Ach a leithéid seo, a rígh,” ar seisean le Murchadh. “Tá cárbat na h-Árdríghna ollamh chun bóthair. Bhí socair aici ar dhul láithreach go h-Áth Cliath agus ar mise bhreith léi. Do crochfaí mé chómh luath agus bhéinn thíos dá mbéadh an sgéal aici mar a mheas sí a bhéadh sé. Siné tuarasdal a gheóbhainn uatha,” agus chuir sé gáire as.

“Tá san go maith! Tá san go h-ana mhaith!” arsa Brian. “Ní’l aon phioc d’á fhios ag aoinne cad ’tá tuitithe amach. Cuir isteach sa chárbat í, a Mhurchadh, agus cuir buidhean fear léi síos go Baile Átha Cliath, agus fágtar thíos í.”

D’imthigh Brian isteach ’n-a sheómra féin, agus d’imthigh Murchadh agus Lonán chun an ruda a dh’ órduigh sé do dhéanamh. Thánadar isteach mar a raibh Dúlainn agus Gormfhlaith, agus an gaidhrín marbh.

“Tuigim go bhfuilir ag dul go h-Áth Cliath, a Árdrígan,” arsa Murchadh. “Tá do chárbat féin ollamh duit.”

D’éirigh sí, gan labhairt, agus bhuail sí amach i n-aonfheacht leis. Tháinig Lonán i n-aonfheacht leis an mbeirt. Thug sé cogar do Mhurchadh. Thánadar mar a raibh an cárbat, gabhtha, ollamh chun bóthair.

“Tá an Árdrígan ag dul go h-Áth Cliath, a ghiolla,” arsa Murchadh leis an ngiolla. “Tabhair aire mhaith dos na capailibh.”

D’fheuch Murchadh isteach sa chárbat. Chonaic sé bosca beagdeas istigh ann. Thóg sé amach an bosca.

D’fheuch Gormfhlaith air. D’fheuch seisean uirthi. Níor labhair aoinne acu.

Do ghluais an cárbat.

Nuair a bhí an cárbat ag gluaiseacht bhí beirt bhan uasal sa chárbat i n-aonfheacht le Gormfhlaith, beirt d’á mnáibh coímhdeachta, beirt a tháinig léi go Ceann Cora nuair a phós Brian í. Bhí Dúlainn agus dírim marcach aige chun dul, mar ghárda, i n-aonfheacht leis an gcárbat. Le Gormfhlaith féin ab eadh cúigear dos na marcachaibh. Thánadar léi go Ceann Cora nuair a bhí sí ag teacht ann. Ní raibh aon phioc d’á fhios ag aoinne acu, ná ag aoinne des na mnáibh coímhdeachta, cad a bhí tuitithe amach. Choimeád Gormfhlaith an gnó go léir idir í féin agus Lonán. Bhí socair aici ar imtheacht láithreach nuair a bhéadh an gníomh déanta. Dá mbéadh Brian agus Murchadh agus Dúlainn chómh marbh leis an ngaidhrín bhéadh sí féin agus Lonán, agus an méid d’á muintir féin a bhí i gCeann Cora, bhéidís leath na slíghe go h-Áth Cliath sar a mbéadh teighlach Chinn Cora tagaithe as an sgeón, dar léi. Bhéidís socair, ó bhaoghal, i n-Áth Cliath sar a mbéadh teighlach Chinn Cora ábalta ar aon tsaghas gnímh a dhéanamh, bhéadh a leithéid sin de mheasgán mearaídhe ar an áit agus ar na daoine, dar léi. Ansan d’fhéadfaí Lonán a chrochadh agus ní bhéadh fhios ag aoinne beó cé dhein an gníomh. Choimeád sí féin agus Lonán an rún chómh maith san ná raibh aon phioc d’á fhios ag aoinne ach acu féin go dtí gur sgéidhLonán, ach amháin ag Murchadh, agus ag Caoilte, dritháir Lonáin. An mhuintir a bhí ag gluaiseacht i n-aonfheacht leis an gcárbat an uair sin, lasmuich de Dhúlainn, ní raibh aon choinne acu ná go mbéidis ag teacht thar n-ais airís i n-aonfheacht leis an gcárbat gcéadna, agus an Árdrígan istigh ann acu, i gceann beagán aimsire, nuair a bhéadh a cuaird go h-Áth Cliath tabhartha aici.

Nuair a druideadh soir ó Cheann Cora chuir Dúlainn beirt des na marcachaibh, beirt de mhuintir Ghormfhlaith, uaidh, níba ghéire ’ná mar a bhí an chuid eile ag gluaiseacht, agus leitir acu do rígh Lochlanach Átha Cliath, ’ghá rádh leis dírim marcach a thabhairt leis agus teacht ’n-a gcoinnibh chun na h-Árdríghna do thógaint uatha agus í thionnlacan an chuid eile de’n tslígh. Ansan do ghluais Dúlainn go réidh i dtreó go mbéadh Sitric tamal maith ar an slígh ’n-a gcoinnibh.

An uair a sgar Murchadh leó do thóg sé leis an bosca agus chuaidh sé go seómra Bhriain. D’ osgail sé an bosca i láthair Bhriain, agus thóg sé rud amach as agus chuir sé ar an mbórd é.

“Cad chuige gur tugadh an chailís sin aníos ó’n mainistir, a Mhurchadh?” arsa Brian.

D’inis Murchadh cúrsaí na cailíse dó ó thusach go deire. Níor labhair Brian aon fhocal amach as a bhéal an fhaid a bhí Murchadh ag innsint an sgéil dó.

“Bhí fhios againn,” arsa Murchadh, ag críochnughadh an sgéil,“gur anso bhí an chailís agus cé r’ bh’é an bitheamhnach. D’inis Caoilte do Lonán an sgéal. Ní raibh Lonán abhfad anso nuair a fuair sé amach gur sa bhosca san a bhí an chailís. Bhí socair aici, nuair a bhéimís go léir sínte chómh marbh leis an ngaidhrín, an bosca bhreith léi. Bhí sé aici anois sa chárbat. Chonaic Lonán é agus thug sé an cogar dom. Thógas an bosca os cómhair a súl. Níor dhein sí ach feuchaint orm. Níor labhair sí focal. Labharfaidh an coileán úd léi nuair a raghaidh sí síos ag triall air féin agus ar an gcoileán eile.”

“Is fearr,” arsa Brian, “an chailís do chur síos airís go mainistir Ínse Cathaigh, mar a raibh sí cheana. I n-onóir do Sheanán iseadh thugas do’n mhainistir í. Cuir síos ann airís í, a Mhurchadh. Agus feuch. Is ceart a dh’innsint do Mheargach gur fuaradh í. Beidh áthas air. Ní deirim ná go bhfeuchfaidh sé roimis sar a ndéanfaidh sé macshamhail eochrach airís, an fear bocht! Is dóich liom, leis, go dtabharfaidh Colla aireachas níos fearr di féin agus do gach aon chailís eile d’á bhfuil aige.”

Do cuireadh síos an chailís go dtí an mhainistir. Ní miste a rádh ná go raibh áthas ar Cholla. Do h-innseadh an sgéal do Mheargach. Bhí áthas air. Bhí seirbhthean, leis, air, chuige féin. Níor bh’ fhuiriste a bhreithniughadh, ámhthach, cé ’cu ag an áthas nó ag an seirbhthean a bhí an lámh-uachtair i n’ aigne.

Do h-osgaladh an córtha láidir sa n-érdam agus do tógadh amach as an bosca iarainn a bhí folamh. Do cuireadh an chailís dhaor isteach airís sa bhosca bheag iarainn sin, mar a raibh sí cheana, sar a dtáinig an t-ógánach Lochlanach úd, an t-ógánach breagh dathamhail úd, a bhí chómh naomhtha, chómh séimh, chómh grianach, chómh gealgháiriteach, chómh h-osgailte ’n-a mheón, gur dhóich le duine ná raibh ’n-a chroídhe ar fad ach fírinne agus dílse. Dhein Meargach glas eile agus eochair eile do’n bhosca, agus ní baoghal gur dhein sé macshamhail do’n eochair sin.

Ní bhfuair Art mac Duibh amach riamh go raibh sé ar feadh tamail i n-a leithéid de chontabhairt. Ní bhfuair na manaigh amach, ó’n lá a cuireadh an chailís sa bhosca san ar dtúis go dtí an lá a cuireadh iad féin as an oileán, go raibh an bosca folamh ar feadh tamail agus an chailís dhaor imthighthe.

Tháinig an Legáid céadna airís, tar éis suim blianta. B’ í céad cheist a chuir sé ar Cholla, chómh luath agus d’fhéadsé labhairt a gan fhios leis, ’ná, “An bhfuaradh an chailís?”

Do taisbeánadh dó í. Bhí áthas mór air. Do h-innseadh an sgéal go léir dó; conus a ghuid Amhlaoibh an chailís; conus a cuireadh Niamh ag faire ar Ghormfhlaith le h-eagla go dtabharfadh sí nímh do Bhrian; conus ab éigean Niamh a thógaint as an obair sin mar go raibh Gormfhlaith ’ghá cur chun báis le neart soilbhris agus cuideachtanais agus gealgháirí. Ansan do h-innseadh dó conus a h-imireadh an cleas ar Ghormfhlaith; conus a cuireadh Lonán chúichi ag cabhrughadh léi, mar dh’eadh, chun an ghnímh a dhéanamh, agus conus mar a bhí Brian ó bhaoghal ar fad an fhaid a bhí an cabhrughadh san ar siúbhal, agus cad é an deire a bhí ar an gcabhrughadh. Do gháireadh an Legáid airís agus airís eile nuair a chuimhnigheadh sé ar an gcuma na mbíodh an bheirt, Gormfhlaith agus Lonán, ag déanamh a ngnótha chómh disgréideach, agus an disgréid go léir ag Lonán ’á thabhairt do Mhurchadh i gcaitheamh na h-aimsire.

“Ó!” a deireadh sé, “do tugadh a srian féin dí ar áilleacht an domhain! An bhean bhocht!”

Do shrois an bheirt mharcach an chathair. Thánadar go dorus ríghtheighlaigh an rígh. Do rugadh an leitir isteach. Do léigh Sitric í. Bhí Amhlaoibh ann. Bhí an bheirt ag faire agus ag feitheamh. Bhíodar ag brath, i n-aghaidh gach neómait, ar sgéal uathbhásach a dh’aireachtaint ó Cheann Cora. Nuair a tháinig an leitir bhí an bheirt deimhnightheach go raibh an sgéal a bhí uatha sa leitir. Ní raibh aon nídh iongantach sa leitir. Leitir ó Dhúlainn ab eadh í ’ghá innsint go raibh an Árdrígan ag teacht agus ’ghá iaraidh ar an rígh, ar Shitric, dul ’n-a coinnibh chun í thionnlacan go h-Áth Cliath. Tháinig an bheirt amach mar a raibh an dá mharcach. D’fheuchadar ortha, agus d’fheuchadar ar a chéile.

“Cad é an sgéal ó Cheann Cora agaibh é, a fheara?” arsa Sitric.

“Mar ba ghnáth, a rígh. Níor thugamair aon nuacht linn,” arsa duine de’n bheirt.

“Conus tá an t-Árdrígh?” arsa Sitric.

“Go h-ana mhaith, a rígh,” arsa’n fear a labhair.

“Agus an Ríghdhamhna, conus tá sé?” arsa Sitric.

“Go h-áluinn, a rígh,” arsa’n fear.

“Agus Dúlainn, conus tá sé?” arsa Sitric.

“Tá sé go maith, a rígh,” arsa’n fear. “Is fé n-a láimh atá na fir atá ag tionnlacan na h-Árdríghna,” ar seisean.

“Tá go maith,” arsa Sitric. “Téidhigh-se isteach go gcurfar cóir oraibh. Ní iarfar oraibh dul chun bóthair airís indiu.”

“Gura maith ag bhúr Soillse!” arsa’n fear, agus d’imthigh an bheirt.

“Cad deirir leis an sgéal?” arsa Sitric le h-Amhlaoibh.

“Ní féidir liom tón ná ceann a dh’fhághail air!” arsa Amhlaoibh.

D’imthigh Sitric agus chuir sé dírim marcach ar bóthar, agus ghluais sé chun siúbhail. Níor fhéad sé gan gluaiseacht ana ghéar. Chonaic an dírim eile chúcha é abhfad sar ar mheasadar a chífidís é. D’úmhluighdar d’á chéile mar ba chóir. Thug Dúlainn an Árdrígan suas d’á mac, agus d’iompuigh sé féin agus a chualacht abhaile. Níor bh’ fhada go raibh an chualacht eile sa chathair. Focal amach as a béal níor labhair Gormfhlaith go dtí go raibh an triúr i bhfochair a chéile istigh agus gan aoinne ann ach iad. Ansan do labhair sí agus níor mhaith leat bheith ag éisteacht léi.

“Seadh!” ar sise, “dheineabhair go deas é! Ní miste gnó thabhairt do bheirt agaibh le déanamh!”

“Cad a dheineamair, a mháthair?” arsa Sitric.

“Inis an méid seo dhom,” ar sise.“Cá bhfuarais Lonán? Nó an bhfuil fhios agat cé h-é?”

“Liagh tuisgionach iseadh é,” arsa Sitric. “Tá an t-eólus a dh’oir duit aige. Do shiúbhluigh sé chuige. Cad é sin dúinne cé h-é, ach, mar a dúbhart leat, é chrochadh chómh luath agus bhéadh an obair déanta.”

Bhí sí ag feuchaint ó dhuine go duine acu an fhaid a bhí sé ag caint.

“Ó,” ar sise, “is deacair do dhuine foidhneamh le n-bhúr leithéidí de bheirt amadán! Dritháir do Chaoilte iseadh é.” (Do léim an bheirt ’n-a seasamh.) “Tháinig sé anso chúghaibh-se ’ghá leigint air go raibh fuath aige do Bhrian. Chuireabhair-se ag triall orm-sa é, an rud a bhí uaidh. Bhí iontaoibh agam-sa as mar gheall ar é theacht chúgham uaibh-se. D’ oibríghmair araon a’ láimh a chéile. Níor chuireamair cor dínn nár inis sé do Mhurchadh chómh luath agus chuireamair dínn é. Díreach nuair a bhí an obair nách mór déanta do sgéidh sé. Chuir sé na trí miasa nímhe os cómhair an trír. Tharaing Murchadh chuige na trí miasa sar a raibh uain ar aoinne de’n bheirt eile ar an mbia do bhlaiseadh. Thug Murchadh blúire de’n bhia dom’ ghaidhrín. Thuit an gaidhrín marbh os cómhair ár súl go léir. Ansan d’inis Lonán dóibh cé r’ bh’ é agus cad é an bob a bhí buailte aige orm-sa. Ní féidir liom gan uraim a bheith agam dó. Chosain sé Brian orm chómh h-áluinn agus do cosanadh aoinne riamh. Conus fhéadfainn-se aon bheart eile tharang chúgham an fhaid a bhí an iontaoibh agam a’ Lonán agus sinn ag oibriughadh a’ láimh a chéile! Níor bh’fhéidir an gníomh a dhéanamh gan sinn araon ’á dhéanamh. Níor bhaoghal do Bhrian an fhaid a bhí lámh Lonáin sa ghníomh, nídh nách iongnadh. Ní bhéadh a lámh sa ghníomh mura mbéadh é theacht chúgham uaibh-se. Ó, táid siad go léir ag cur a n-anam amach ag gáirí umainn agus ag magadh fúinn! Agus gan amhras tá a chúis acu.”

Chomáin sí léi ag caint. Níor labhair aoinne de’n bheirt eile go ceann abhfad. Ar ball do labhair Amhlaoibh.

“Ar thugais leat an chailís?” ar seisean.

“Níor thugas!” ar sise. “Bhí sí agam sa chárbat agus mé ag fágaint na h-áite. Chonac Lonán, an ropaire! ag cogarnaigh le Murchadh. Tháinig Murchadh chúgham anall agus thóg sé leis an bosca ’n-a raibh an chailís. Ó, dheineabhair an gnó go h-áluinn ar fad nuair a chuireabhair Lonán chúgham! Dá mb’áil leis teacht ar aon chuma eile chúgham ach uaibh-se! Is gasta a dhein sé é. Go deimhin ní féidir liom gan uraim a bheith agam dó.”

D’iompuigh dath dubh ar ghnúis Amhlaoibh nuair a fuair sé go raibh an chailís imthighthe.

“Dá mb’áil liom-sa,” ar seisean, “a mhalairt de chúram a chur ar Fhear na gCos nuair a bhí an chaoi agam air!”

“Eist, a Amhlaoibh,” arsa Sitric.“Ní fiú biorán a’s an gnó go léir. Tá ár máthair anso againn beó. Is iongantach an sgéal iad ’ghá leigint uatha chómh bog. Beidh caoi airís agat ar shocarughadh le Fear na gCos uair éigin. Tá ár neart ollamh ins gach aon bhall. Ba mhór go léir an tairbhthe dhúinn neart Gaedhal a bheith gan cheann, dá n-eirigheadh linn. Ach tá sé ana aosta. Is cuma nó bheith gan cheann dóibh an ceann a bheith chómh h-aosta. Ná h-abraimís a thuille mar gheall ar Lonán ná ar a ghnó. Ní dóich liom go bhfuil puínn d’á fhios ag aoinne go raibh an gnó ar siúbhal. Tugaimís aghaidh ar an obair atá rómhainn. Comáinimís teachtairí mór-thímpal ’ghá rádh le n-ár neart cruinniughadh, gan a thuille ríghnis, sa chuan so amuich; go bhfuil gach aon rud ollamh. Tá Maolmórdha ar dearg-bhuile, a mháthair. Dheinis an méid sin go maith. Tá néal chun cogaidh i Lochlanachaibh na h-Éirean, agus is ag triall ar rígh Laighean atáid siad ag teacht. Buadhfaimíd fós ar Bhrian agus ar Chlainn Chais!”

Chómh luath agus bhí an cogar tabhartha ag Lonán do Mhurchadh agus an bosca tógtha ag Murchadh as an gcárbat, d’imthigh Lonán isteach chun an tseómra a bhí aige sa ríghtheighlach ó tháinig sé ann ’n-a dhochtúir, agus ’n-a stíobhard ar gach córughadh bídh d’á mbéadh le déanamh ann. Ní fheacaidh aoinne riamh ó shin an Lonán céadna ag teacht amach as an seómra san. Tháinig fear amach as an seómra, ach níor bh’ é an Lonán céadna é, dar le h-aoinne a chonaic an Lonán a chuaidh isteach, agus ansan, an Lonán a tháinig amach. Bhí folt odhar, ag tuitim siar síos ar a shlinneánaibh, ar an Lonán a chuaidh isteach. Bhí folt breagh fionn-ruadh, ag tuitim siar síos ar a shlinneánaibh, ar an Lonán a tháinig amach. Bhí féasóg fhada liath-ghorm ar an Lonán a chuaidh isteach. Bhí féasóg ruadh ná raibh ró fhada, ar an Lonán a tháinig amach. Firín beag agus ceann mór air ab eadh an Lonán a chuaidh isteach. Níor bh’ fhear ró mhór an Lonán a tháinig amach, ach bhí an ceann tar éis dul i luighead, agus ansan níor fheuch an fear chómh beag agus d’fheuch sé fé’n gceann mór. Bhí na fáibrí imthighthe as an éadan, ach bhí an t-éadan leathan go maith agus árd go maith ag an Lonán a tháinig amach, díreach mar a bhí ag an Lonán a chuaidh isteach. Bhí an Lonán a chuaidh isteach trí fichid, mura raibh sé os a chionn. Ní raibh an Lonán a tháinig amach aon lá os cionn seacht mbliana fichid. Dá bhfeiceadh Amhlaoibh, nó Sitric, nó Gormfhlaith, an Lonán a tháinig amach thabharfaidís an leabhar ná feacadar riamh é. D’á bhrígh sin níor ghádh do’n Lonán a tháinig amach puínn eagla bheith aige roimis an gcaint a bhí arsiúbhal idir an dtriúr, istigh i ríghtheighlach Shitric i n-Áth Cliath, nuair a bhíodar ’ghá mhaoidheamh agus ’ghá dhearbhughadh go ndéanfaidís so ’s súd leis an Lonán a bhuail an bob ortha, chómh luath agus gheóbhdís greim air.

Isiad a bhí go loisgithe sgólta ’n-a gcroídhe agus ’n-a n-aigne, ag cuimhneamh ar an gcuma ’n-ar bhuail sé an bob san ortha, díreach nuair a mheasadar gur bh’ iad féin a bhí ’á bhualadh air-sean go h-áluinn. Bhí Caoilte i gCeann Cora an uair chéadna agus is ’mó gáire maith a bhí aige féin agus ag Lonán agus ag Murchadh agus Lonán ag seanachus do’n bheirt eile ar an gcuma ’na mbíodh sé féin agus Gormfhlaith ag toghadh na luibhneacha agus ag áireamh na gcómhacht a bhí ionta.

“Tá an méid seo agam le radh, ámhthach,” arsa Lonán leis an mbeirt. “Tríd an obair go léir ní mise do chúm ná do cheap ná do bheartuigh ná do thusnuigh aon droch nídh. Í féin a thusnuigheadh gach aon rud. Níor thugas di aon bhlúire droch eóluis ná raibh aici cheana. Nuair a bhí an bia againn d’á ollamhughadh chun an ghnímh a dhéanamh, níor dheineas ach gach aon rud do shocarughadh agus do chórughadh díreach mar a dh’órduigh sí dhom é dhéanamh.”

“Tá fhios agam-sa aon rud amháin a dheinis, a bhitheamhnaigh, agus níor órduigh sí dhuit é dhéanamh,” arsa Murchadh.

“Cad é an rud é sin, a rígh?” arsa Lonán agus iongnadh ag teacht air.

“Níor órduigh sí dhuit an bhagairt úd a dhéanamh orm-sa,” arsa Murchadh.

“Ó!” arsa Lonán. “Is fíor dhuit, a rígh,” agus gháireadar, mar do baineadh iaracht de gheit a’ Lonán.

“Tá aon nídh amháin sa sgéal agus ní ró mhaith a thaithnean sé liom,” arsa Caoilte.

“Cad é an rud é?” arsa Murchadh.

“Tá Gormfhlaith i n-Áth Cliath,” ar seisean,“agus tá cead a cos aici, agus cead a cinn, agus cead a béil. Is truagh nár coimeádadh anso í. Déanfaidh an bhean san díobháil dúinn. Tá sí ar dearg bhuile mar gheall ar an gcuma ’n-a bhfuil stáicín áiféis déanta dhi os cómhair an domhain. Ní chuirfeadh sé blúire iongnadh orm d’á dtéidheadh sí féin, do shiúbhal a cos dá mb’ fhéidir é, soir chun cainte le rígh Lochlan, agus as san óthuaidh chun cainte le rígh na h-Ioruaidhe, agus mór-thímpal chun gach rígh agus chun gach tíre ’n-ar dhóich léi go bhfaghadh sí a bheag nó a mhór d’ aon rud i bhfuirm nirt slógh le tabhairt léi chun díoltais a dhéanamh ar Árdrígh Éirean agus orainn go léir. Daoine ná cuimhneóch’ i n-aon chor ar theacht meallfaidh sí léi iad agus tiocfaid siad. Is mór an truagh nár coimeádadh anso í!”

“Tá an ceart agat sa méid sin, a Chaoilte,” arsa Murchadh. “Dúbhart féin leis an Árdrígh gur í choimeád anso ba cheart. Ní dhéanfadh. Ba lag leis é. Ní’l againn ach aon ghnó amháin a dhéanamh de pé neart a thiocfaidh. D’á mhéid a thiocfaidh díobh, má thugaimíd Gleann Mháma an tarna h-uair dóibh, rud a thabharfaimíd, iseadh is lúgha is baoghal iad do theacht go deó airís chúghainn. Táid siad fada a ndóthin ag teacht. Is mithid deire chur le n-a gcuardaibh. Ní raibh fir Éirean riamh chómh ceapaithe ar dheire chur le cómhacht Lochlan agus atáid siad anois. Ach ní h-ag caint is ceart dúinn a bheith. Téanaíg. Tá caint ag an Árdrígh le déanamh liom-sa agus le beirt agaibh-se.”

Chuadar i láthair an Árdrígh. Bhí a lán eile des na giollaíbh turais cruinnighthe rómpa ann. Bhí Maolshuathain ann agus leitireacha aige ’á sgrí’ chómh tiugh agus d’ fhéadadh sé an cleite chomáint. Fé mar a bhíodh gach leitir sgríobhtha aige chuireadh Brian a ainim thíos léi, agus do tugtí do dhuine des na giollaíbh turais í agus chuireadh sé sin an talamh dé.

Ag triall ar na ríghthibh agus ar na taoiseachaibh a bhí cuiddes na leitireachaibh ag dul: Sidé bunús na cainte a bhí ionta san:—

“A rígh onóraigh,“Tá an lá buailte linn. Ní fios cad é an neómat a thiocfaidh sgéala chúghainn ’ghá innsint dúinn loingeas rígh Lochlan agus loingeas rígh na h-Ioruaidhe agus loingeas Shíguird, rígh Ínsí h-Orc, a bheith i gcuan Átha Cliath. Ní h-alaidh dhúinn gan bheith ollamh dóibh. Cruinnigh do neart, a rígh, agus tabhair aghaidh ar Chill Mhaighneann. Ní bheidh aon uaigneas ort ar an slígh. Beid fir Éirean ’n-a míltibh ag bualadh umat. Tá socair againn go léir i n-ár n-aigne gan teacht abhaile beó nó teacht abhaile le buadh. Abair le gach fear d’á bhfuil agat gur fearr go mór bás d’fhághail i gcath ’ná luighe fé smacht Lochlanach anois.“Mise Brian.”

“A rígh onóraigh,

“Tá an lá buailte linn. Ní fios cad é an neómat a thiocfaidh sgéala chúghainn ’ghá innsint dúinn loingeas rígh Lochlan agus loingeas rígh na h-Ioruaidhe agus loingeas Shíguird, rígh Ínsí h-Orc, a bheith i gcuan Átha Cliath. Ní h-alaidh dhúinn gan bheith ollamh dóibh. Cruinnigh do neart, a rígh, agus tabhair aghaidh ar Chill Mhaighneann. Ní bheidh aon uaigneas ort ar an slígh. Beid fir Éirean ’n-a míltibh ag bualadh umat. Tá socair againn go léir i n-ár n-aigne gan teacht abhaile beó nó teacht abhaile le buadh. Abair le gach fear d’á bhfuil agat gur fearr go mór bás d’fhághail i gcath ’ná luighe fé smacht Lochlanach anois.

“Mise Brian.”

Bhí cuid des na leitireachaibh ag dul ag triall ar easbogaibh agus ar shagartaibh agus ar mhainistreachaibh. Seo bunús na cainte a bhí ionta san:—

“A Thighearna Easboig,“Cuir do ghuidhe suas chun Dé ar ár son chómh dian chómh díchealach agus chuiris guidhe suas chun Dé riamh. Tá an lá cruaidh buailte linn fé dheire. Tá ár namhaid ag cruinniughadh chúghainn as an uile áird. Má bheirean an namhaid seo buadh anois orainn tá deire linn; tá deire le sliocht Gaedhal i n-Éirinn agus tá deire leis an gCreideamh a thug Pádraig chúghainn tré ghrásta Dé. Cuir féin do ghuidhe suas chun Dé ’ghá iaraidh ar Dhia gan an buadh thabhairt do’n namhaid. Iar ar na pobalaibh go léir a nguidhe chur suas chun Dé ar an íntinn gcéadna. ‘Éistean Dia le guidhe na ndaoine.’“Brian.”

“A Thighearna Easboig,

“Cuir do ghuidhe suas chun Dé ar ár son chómh dian chómh díchealach agus chuiris guidhe suas chun Dé riamh. Tá an lá cruaidh buailte linn fé dheire. Tá ár namhaid ag cruinniughadh chúghainn as an uile áird. Má bheirean an namhaid seo buadh anois orainn tá deire linn; tá deire le sliocht Gaedhal i n-Éirinn agus tá deire leis an gCreideamh a thug Pádraig chúghainn tré ghrásta Dé. Cuir féin do ghuidhe suas chun Dé ’ghá iaraidh ar Dhia gan an buadh thabhairt do’n namhaid. Iar ar na pobalaibh go léir a nguidhe chur suas chun Dé ar an íntinn gcéadna. ‘Éistean Dia le guidhe na ndaoine.’

“Brian.”

Chómh luath agus fuair gach rígh agus gach taoiseach a leitir do thusnuighdar ar na fir do chruinniughadh. Do thuig na daoine go léir an focal úd, “gur fearr go mór bás d’ fhághail i gcath ’ná luighe fé smacht Lochlanach anois.” Thuig gach aoinne gur bh’ fhearr an fharaige do theacht isteach ar Éirinn agus gan aon Chríostaidhe dh’ fhanmhaint beó ar an oileán ’ná sliocht Gaedhal do luighe fé smacht na Lochlanach an uair sin. D’á bhrígh sin, na mná agus na seandaoine a bhí ag fanmhaint sa bhaile níor dheineadar buairt ná gol ná ologón. Má bhí an bhuairt ortha, agus is dócha go raibh, níor thaisbeánadar puínn dé.

Na mná a bhí pósta agus go raibh cúram clainne ortha d’fhanadar sa bhaile, ach má fhanadar níor airigh aoinne osna ó aoinne acu, ná ní fheacaidh aoinne deóir le n-a súil. Is dócha gur shileadar a ndóthin díobh nuair ná raibh aoinne ag feuchaint ortha. Níor fhan na cailíní óga sa bhaile. Chuadar i n-aonfheacht le n-a ndrithárachaibh chun bídh a dh’ ollamhughadh dhóibh ar an slígh agus chun éadaigh a níghe dhóibh nuair ba ghádh é, agus chun banaltranais a dhéanamh ortha tar éis an chatha dá mbéadh gádh acu leis. Bhí mná na nGaedhal go léir, óg agus críona, ana thuisgionach sa n-obair sin.

Chómh luath agus fuair na h-easboig agus na sagairt agus na h-abbana ins na mainistreachaibh na leitireacha, do cuireadh an guidhe ar siúbhal ins gach aon bhall láithreach. Bhí na h-Aifrinní ins na h-eaglaisibh gach maidion ar an íntinn sin Bhriain agus na pobuil ag guidhe ar an íntinn gcéadna, agus na manaigh ag guidhe ins na mainistreachaibh, ní h-amháin sa lá ach i gcaitheamh na h-oídhche leis. Chaithidís an oídhche i láthair na h-Altórach ’ghá iaraidh ar an Slánuightheóir, tré ímpídhe na Maighdine Muire agus tré ímpídhe Phádraig agus Bhríghde agus Cholum Cille, gan an buadh thabhairt dos na Lochlanaigh sa chath uathbhásach a bhí ag theacht. Ní miste a rádh ná gur dheineadar a nguidhe go dúrthachtach, mar bhí fhios acugo dian mhaith cad a bhí le h-imtheacht ortha féin agus ar na mainistreachaibh dá mbeireadh na Lochlanaigh buadh. Bhíodar go léir ollamh, gan amhras, ar bhás a dh’fhulang ar son an Chreidimh, ach bhí fhios acu, dá mbeireadh na Lochlanaigh buadh an chatha san a bhí ag teacht an uair sin, go gcuirfidís an Creideamh féin ar neamhnídh i dteannta na ndaoine do chur chun báis. D’á bhrígh sin do leanadar ag guidhe go cruaidh, do ló agus d’ oídhche, agus ag déanamh trosgaidh go dian, an fhaid a lean an chontabhairt.

Níor bh’ fhada go bhfeacathas ag gluaiseacht na bóithre soir óthuaidh, ó gach aon pháirt de’n Mhúmhain, mar a bhéadh sochraidí móra fada, na fir chródha, fir bhreaghtha óga láidire, fir go raibh socair ’n-a n-aigne acu gan teacht thar n-ais beó ó’n gcogadh dá mbéadh buadh ag Lochlanaigh. Ag machtnamh ar an nídh sin dóibh shocaruighdar ’n-a n-aigne ná tiocfaidís thar n-ais beó pé taobh a bhuadfadh. Shocaruighdar ’n-a n-aigne d’á luighead eagla bhéadh acu roimis an mbás gur bh’ eadh b’fhearr a dhéanfaidís an troid agus gur bh’eadh ba mhó an t-éirleach a dhéanfaidís ar na Lochlanaigh, agus, as san, gur bh’eadh ba dhóichígh-de an buadh bheith ag Gaedhlaibh agus an cath do bhriseadh ar na Lochlanaigh. Chuaidh an socarughadh san ’n-a luighe chómh daingean san ar a n-aigne gur ghnáth eatartha, ’n-a gcómhrádh, agus gan acu ’á dhéanamh dé ach cúis gháire, an focal, “Pé duine thiocfaidh thar n-ais ná ná tiocfaidh, ní thiocfad-sa thar n-ais.”

“Siní an chaint! Ní chun teacht thar n-ais atáimíd ag dul sa chath so!” a déarfadh duine eile.

“Caithfead bás a dh’fhághail uair éigin. Ní thiocfaidh uair choídhche a bheidh níos fearr ar gach aon tsaghas cuma chun báis a dh’fhághail ’ná an uair a chífead na bitheamhnaigh ar m’ aghaidh amach agus an t-arm am’ láimh!” adéarfadh an trímhadh duine.

“Agus d’á éaghmuis sin,” adéarfadh an ceathramhadh duine,“is bás ar son an Chreidimh é, agus an t-é a dh’fhuiling eóchaidh bás ar son an Chreidimh raghaidh a anam suas láithreach go h-aoibhneas na bhFlathas! Dá dtagainn thar n-ais agus maireachtaint fiche bliain eile, b’fhéidir nár ró mhór an deimhne a bhéadh agam air sin. Déanfaid na Lochlanaigh a ngnó go h-olc nó ní thiocfaidh aon chos díom-sa thar n-ais.”

Siné saghas cainte a bhíodh ar siúbhal acu agus iad ag gluaiseacht na bóithre soir óthuaidh ’n-a sochraidíbh móra fada. Bhíodh na seandaoine ar na cnucánaibh ag feuchaint ortha ag gluaiseacht, agus do lasadh a gcuid fola le dásacht, agus, “Ó!” adeiridís, “Nách truagh gan mé óg airís!” Chídís na fir agus na gathana breaghtha fada ’n-a lámhaibh acu agus reana glasa, cruadha, géara na ngathana san ag taithneamh agus ag spréacharnaigh sa ghréin, agus na tuaghana ar ghuaillibh na bhfear, agus na bratacha ar a gcrannaibh i dtusach gach buidhne, ag luasgadh sa ghaoith; agus gach buidhean ag gluaiseacht go breagh, réidh, stuamdha, cos le cois, guala le gualainn, agus an bhuidhean ag casadh fé mar a chasadh an bóthar agus ag díriughadh nuair a dhírigheadh an bóthar. Chíodh na seandaoine ar na cnucánaibh an obair go léir, agus do ghluaiseadh an tsean’fhuil trés na sean fhéitheachaibh, ’n-a caisíbh teine, agus thagadh luas croídhe ar na seandaoinibh, agus, “Ó!” adeiridís,“Nách truagh chráidhte gan mé óg airís!”

Ag triall ar na ríghthibh ba shia ódheas iseadh do cuireadh an chéad cuid des na leitireachaibh, ó b’iad ba shia ó áit an choinne. Ansan do cuireadh iad ag triall ar ríghthibh Conacht; ag triall ar na dúnaibh; ag triall ar rígh na nDéise, agus mar sin. Chuaidh Lonán ó dheas go Ciarraighe Luachra, ag triall ar a athair, Mac Beathach. Chuaidh Caoilte siar go h-Uíbh Máine agus leitir aige do Thadhg Mhór ua Chealla. Ní raibh puínn gádh le leitir a chur ag triall ar Thadhg. Bhí an méid nirt a bhí acu gleusta, ollamh chun bóthair aige féin agus agá mhac. Bhí ráflaí ar siúbhal ann ar conus mar ba dhóbair go gcurtí Brian agus Murchadh chun báis le nimh, agus gur bh’í an Árdrígan a mheas an gníomh a dhéanamh ach gur chaill an feartíghis uirthi nuair a bhí gach aon rud ollamh aici. Ansan gur mhairbh sí an feartíghis agus gur imthigh sí síos go h-Áth Cliath ag triall ar a mac, Sitric.

Thug Caoilte an sgéal ’n-a cheart dóibh. Nuair a tugadh dóibh an sgéal ’n-a cheart dúbhradar go léir an focal céadna adúbhairt Caoilte féin, gur mhór an truagh nár coimeádadh an Árdrígan ’n-a prísúnach.

Nuair airigh Niamh an sgéal ’n-a cheart, “Ó!” ar sise, “ní’l aon teóra libh! Ní’l aon teóra leat, a Chaoilte,” ar sise, “agus cuimhneamh ar a leithéid de chleas.”

“Mura mbéadh Lonán a bheith agam ní chuimhneóchainn air, a rígan,” arsa Caoilte.“Dheineamair dochtúir iasachta de Lonán i dtreó nár aithin a athair féin é, ná a mháthair, nuair a bhí sé socair againn. Ní raibh aon bhaoghal go dteipfeadh an t-eólus air mar is ag foghluim chun bheith ’n-a dhochtúir atá a shaoghal go dtí so caithte aige. Dhein sé a ghnó go h-áluinn. Dá mba ná béadh agat ach aon gháire amháin dhéanfá an gháire sin dá mbeitheá ag éisteacht leis ’ghá innsint conus a chaith sé féin agus Gormfhlaith an aimsir, ag piocadh luibhneacha agus ’ghá mbreithniughadh.”

I lár a gcod’ cainte dhóibh, siúd chúcha isteach teachtaire ainíos ó Inis Cathaigh.

“Ó! a ríghthe,” ar seisean, “tá an fharaige go léir, ó Inis Cathaigh amach go Léim Chúchulainn, lán de loingeas iasachta. Is dócha go bhfuil an mhainistir tré theine um an dtaca so agus na manaigh go léir marbh!” agus chas sé an dá ologón déag agus é ag greadadh a dhá bhas.

Siúd gach aoinne ’ghá cheistiughadh:—

“Cathin a thánadar?”

“Cad iad na loingeas iad?”

“Ar labhair aoinne leó?”

“An bhfeacaís féin iad?”

“Cá bh’fhios duit an loingeas namhad iad?”

Ní raibh uain aige ar aon fhreagra thabhairt ar na ceisteanaibh nuair siúd isteach teachtaire eile.

“Eist do bhéal, a amadáin!” arsa’n tarna teachtaire. “Is tu dhein an fothram gan ghádh gan riachtanas! Táid na loingeas ann, a ríghthe,” ar seisean,“ach ní loingeas namhad iad. Is loingeas carad iad. Ospac is ainim do’n rígh atá ortha. Tháinig sé isteach chun na mainistreach i mbád, agus do labhair sé le Colla agus d’inis sé dhó cad a thug é agus gach aon rud. Tá an chabhlach loingeas ansúd mór-thímpal an oileáin agus tá Ospac agus Colla imthighthe soir go Ceann Cora chun labhartha leis an Árdrígh. Deir na fir atá ar na loingeas go bhfuil cabhlach eile ag Bruadar. Bhí an dá rígh (beirt dritás iseadh iad) muinteartha go maith le n-a chéile ar feadh tamail, go dtí gur thoiligh Bruadar chun an chogaidh seo atá dh’á dhéanamh i gcoinnibh Bhriain. Do thuig Ospac i n-a aigne gur bh’ éagcóir an cogadh agus dhiúltuigh sé d’ aon lámh a bheith aige ann. Bhí loingeas Ospaic agus loingeas Bhruadair istigh i n-aon chuan amháin lastuaidh i n-áit éigin. Do leath Bruadar a loingeas féin ar bhéal an chuain chun gan loingeas Ospaic do leigint amach. Cheangail sé a loingeas féin d’á chéile le téadaibh móra láidire agus cheangail sé long acu de’n talamh tirim ar gach taobh. Níor leig Ospac air gur thug sé fé ndeara an gníomh san. Nuair a tháinig an oídhche agus bhí Bruadar agus a mháirnéalaigh ’n-a gcodla, chuir Ospac a loingeas go léir i ndiaigh chéile i n-aon líne amháin agus d’ órduigh sé gan aon tsolus do lasadh ar aon loing acu. Ansan do bhog sé chun gluaiste iad i ndiaigh chéile, i dtreó na h-áite ’n-a raibh long na láimhe deise de loingeas Bhruadair ceangailte de’n talamh tirim. Chuaidh fuirean i mbád agus do ghearadar an téad gan aon fhothram a dhéanamh. Ansan do shleamhnuigh na loingeas go léir amach. Nuair a tháinig solus na maidine chonaic Bruadar an cuan laistigh dé folamh, agus loingeas Ospaic abhfad amach ar an bhfaraige agus iad ag imtheacht siar ódheas fé lán a seól. Thánadar anso go dtí an linn seo Luimnighe chun a dh’ innsint do Bhrian cad a bhí chuige, agus chun pé cabhair a bhéadh ar a gcumas do thabhairt dó. Dá mb’ áil leat-sa,” ar seisean leis an gcéad teachtaire, “beagáinín foidhne bheith agat níor ghádh dhuit an ruith a dheinis do dhéanamh anso ainíos, agus níor ghádh dhómh-sa bheith ag briseadh mo chos agus ag cur saothair orm féin ag ruith ainíos ad dhiaig chun gan leigint duit an dúthaigh a chur as a meabhair.”

“Seadh!” arsa Tadhg Mór ua Cealla, “is mithid dúinn go léir bheith ag gluaiseacht. Cad dúbhairt Ospac a bhí Bruadar ar aigne dhéanamh?” ar seisean leis an dteachtaire.

“Dúbhairt sé le Colla, a rígh,” arsa’n teachtaire,“gur bh’é a thuairim go mbéadh Bruadar ’n-a cheann ar loingeas rígh Lochlan agus go mbéadh Sígurd agus pé loingeas a bhéadh aige fé smacht Bhruadair. Agus dúbhairt sé gur bh’é a thuairim go bhfuilid siad go léir istigh i gcuan Átha Cliath um an dtaca so, nó geall leis.”

“Ó! foth, foth!” arsa Tadhg Mór. “Ní bheimíd i n-am i n-aon chor!”

Le n-a linn sin cé bhuailfeadh chúcha isteach ach Tadhg Óg ua Cealla agus Conn agus athair Chuinn, Maolruanaidh na Paidre, rígh Ua bhFiachrach Áidhne. Do cuireadh fáilte roimis an rígh agus roim Chonn.

“Bhíomair díreach ollamh ar imtheacht,” arsa Maolruanaidh, “ach ní bhéadh Conn sásta gan teacht feuchaint an rabhabhair-se ollamh. Deir sé, agus is dócha gur fíor dhó é, gur fearra dhúinn coimeád i n-aice chéile ar an slígh, agus ansan coimeád i n-aice chéile sa chath, leis, má fhéadaimíd é.”

“Tá an ceart aige, a rígh,” arsa Caoilte. “Is ’mó cuma ’n-a ndéanfaimíd áise d’á chéile má choimeádaimíd i n-aice chéile, ’sé sin, ach gan bheith ró achmair d’á chéile. An ’mó fear a bheidh agaibh, a Chuinn?” ar seisean.

“Beidh breis agus fiche céad fear, is dóich liom,” arsa Conn. “An bhfuil Niamh ag teacht?” ar seisean.

“Tá, Niamh ag teacht,” arsa Niamh féin; “ná bíodh aon phioc d’á mhearbhall ort-sa ná ar aoinne eile,” ar sise.

“Ní fhanfaidh Niamh i n-aon bhall i ndiaigh a h-athar,” arsa Tadhg Mór ua Cealla.

“Is maith an inghean a thug Dia dhuit, a rígh,” arsa Maolruanaidh, “nuair a thug sé Niamh duit. Tá súil agam go gcuimhnighean tú go minic air sin, agus go dtugan tu buidhchas do Dhia mar gheall air.”

Rígh ana dhiadha ab eadh Maolruanaidh na Paidre. Bhíodh sé coitchianta ag machtnamh i láthair an Athar Síoruídhe, agus, as an machtnamh, bhíodh sé coitchianta ag labhairt leis an Athair Síoruídhe. Thuigeadh sé i n’ aigne ná raibh aon tsaghas cainte ba chirte chun labhartha leis an AthairSíoruídhe ’ná an chaint a chuir ár Slánuightheóir i mbéalaibh na gCríostaidhthe chun labhartha leis an Athair Síoruídhe. D’á bhrígh sin, nuair a labhradh sé leis an Athair Síoruídhe is, “Ár n-Athair atá ar neamh, &c.” adeireadh sé. Bhíodh sé ag rádh na Paidre sin coitchianta, agus do tugadh an ainim, “Maolruanaidh na Paidre,” air mar gheall air sin. Fear ana láidir, ana chródha, ab eadh é, agus mura raibh eagla ag na Lochlanaigh roime n-a Phaidir ní baoghal ná go raibh eagla acu roime n-a thuaigh.

Níor bh’ fhada go rabhdar go léir ollamh chun bóthair. Bhí cárbat áluinn ag Niamh, agus bhí beirt d’á mnáibh coímhdeachta sa chárbat i n-aonfheacht léi, ach thugadh sí a lán d’á h-aimsir ameasg na mban óg eile a bhí ag dul ó’n mbaile, i n-aonfheacht leis na fearaibh, agus í ’ghá stiúrughadh agus ’ghá thaisbeáint dóibh conus na h-éadaí lín a theastóch’ uatha ar ball, do chur chúcha agus do choimeád i n-eagar.

D’ fhan an dá bhuidhean san, buidhean Thaidhg Mhóir uí Chealla agus buidhean Mhaoilruanaidh na Paidre, i n-aice chéile ar an slígh, agus bhíodh Conn agus Caoilte i gcómhluadar a chéile go mór. B’éigean do Chaoilte an sgéal go léir ó thusach go deire a dh’innsint do Chonn, conus a chuir Sitric agus Amhlaoibh an fear ó Áth Cliath chun Briain do chur chun báis le nimh, agus gur bh’é fear a chuireadar uatha chun na h-oibre sin a dhéanamh ’ná Lonán, dritháir Chaoilte, an fear, thar a raibh d’fhearaibh i n-Éirinn, dob’ fhearr a dhéanfadh Brian do chosaint ar an mnaoi a bhí ceapaithe ar an nimh a thabhairt dó.

Do ghluais na buidheana eile ó gach aon pháirt de Chúige Conacht, na bóithre soir, i dtreó na h-áite ’n-ar ghnáth le Brian longphort a dhéanamh, i n-aice Átha Cliath. Tháinig an dá bhuidhean, buidhean Ua Máine agus buidhean Ua bhFiachrach Áidhne, go Ceann Cora, chun bheith i n-aonfheacht le buidhin an Árdrígh. Ansan do ghluaiseadar féin agus buidhean an Árdrígh an bóthar soir óthuaidh.

Díreach sar ar fhágadar Ceann Cora tháinig teachtaire ó rígh Laighean ag triall ar an Árdrígh agus thug sé leitir do’n Árdrígh, agus sidiad na focail a bhí sa leitir sin.

“A Árdrígh Éirean,“Do tugadh easonóir dómh-sa ad’ ríghtheighlach-sa i gCeann Cora. Tar anois agus cosain thu féin orm, mar táim ceapaithe ar an easonóir sin do dhíoghailt ort-sa agus ar do chlainn, agus ar Dhál gCais.“Mise Maolmórdha“Rígh Laighean.”

“A Árdrígh Éirean,

“Do tugadh easonóir dómh-sa ad’ ríghtheighlach-sa i gCeann Cora. Tar anois agus cosain thu féin orm, mar táim ceapaithe ar an easonóir sin do dhíoghailt ort-sa agus ar do chlainn, agus ar Dhál gCais.

“Mise Maolmórdha

“Rígh Laighean.”

Do léigh Brian an leitir. Ansan do sgríbh sé ar dhrom na leitire na focail:—

“Táim ag teacht, a dhritháir. Feuch chúghat féin.“Mise Brian.”

“Táim ag teacht, a dhritháir. Feuch chúghat féin.

“Mise Brian.”

“Seo, a ghiolla,” ar seisean leis an dteachtaire. “Beir thar n-ais í.”

Thóg an teachtaire an leitir agus do rug sé leis thar n-ais í.

Ní raibh um an dtaca san bóthar andeas ná bóthar aniar ná bóthar óthuaidh tré Chúige Laighean ná raibh clúdaithe leis na buidhnibh fear agus iad ag gluaiseacht ’n-a míltibh, fé n-a ríghthibh agus fé n-a dtaoiseachaibh, agus a n-airm ar a nguaillibh, agus a mbratacha breaghtha síoda anáirde ar a gcrannaibh ag lúbadh agus ag luasgadh sa ghaoith, agus a n-aghaidh go léir ar an áit ’n-ar ghnáth le Brian a longphort a dhéanamh, i n-aice Átha Cliath. Agus ní raibh ins na buidhnibh sin go léir oiread agus aon fhear amháin ná raibh socair go daingean i n’ aigne aige gan teacht thar n-ais beó.

“Má’s ag Lochlanaigh a bheidh buadh,” a deiridís,“is fearr gan teacht thar n-ais beó. Má’s ag Gaedhlaibh a bheidh buadh bíodh a thoradh ag an muintir atá sa bhaile i n-ár ndiaigh. Pé taobh ar a mbeidh buadh, díolfaid na Lochlanaigh as.”

Bhí Brian agus a ghnáth-theighlach tamal soir ó Cheann Cora, ar bhóthar Átha Cliath, agus iad ag gluaiseacht go h-áluinn agus go stuamdha agus go mileata. Bhí buidhean Thaidhg Mhóir uí Chealla agus buidhean Mhaoilruanaidh na Paidre ag teacht ’n-a ndiaigh. Bhí Niamh ’n-a cárbat i dtusach buidhne Thaidhg. Tháinig bean agus clóca uirthi, agus cochal an chlóca amach ar a ceann aici, i gcómhngar do’n chárbat. Bhagair sí ar Niamh. Do stad an cárbat. Do shín an bhean leitir isteach chun Niamh agus d’ imthigh sí. Do léigh Niamh an leitir. D’ fheuch sí ’n-a tímpal. Ní raibh Caoilte abhfad ó’n áit. Dúbhairt sí le duine des na fearaibh glaodhach air. Tháinig sé. Thug sí dhó an leitir. Do léigh sé í.

“Cad is fearr a dhéanamh, a rígan?” arsa Caoilte.

“Measaim gur fearr an leitir sin a thabhairt do Mhurchadh,” ar sise.

“Is fíor,” arsa Caoilte.

D’imthigh sé amach i ndiaigh ghnáth-theighlaigh an Árdrígh, agus thug sé an leitir do Mhurchadh. Bhí iongnadh ar Mhurchadh nuair a léigh sé an leitir.

“Tá go maith, a Chaoilte,” ar seisean.

Tháinig Caoilte thar n-ais.

Lar na mháireach an lae sin tháinig giolla turais ag triall ar Chaoilte, duine d’á ghiollaíbh turais féin, agus shín sé leitir chuige. Do léigh Caoilte í. Siúd ag triall ar Niamh é agus shín sé chúichi an leitir. Do léigh sí í.

“Ó!” ar sise. “Imthigh láithreach, a Chaoilte,” ar sise, “agus tabhair í seo leis do Mhurchadh.” Do dhein.

I dtreó go dtuigfear brígh agus bunús an dá leitir sinní foláir dul siar beagán agus a dh’innsint conus a dh’imthigh le Gormfhlaith ó fhág sí Ceann Cora agus ó tháinig sí go teighlach rígh Lochlanach Átha Cliath.

Do h-innseadh i dtusach an sgéil seo conus mar a thug Brian a inghean le pósadh do Shitric, le h-ionachus go ndéanfadh an cleamhnas san a chómhacht féin do neartughadh leis an gcaradas, dar leis, a thiocfadh as idir Lochlanaigh Átha Cliath agus Clann Chais. Béibionn ab ainim do’n inghean san Bhriain, ainim a mháthar féin. Rígan ana chiallmhar, ana thuisgionach ab eadh í. Do coimeádadh uaithi an t-uisge-fé-thalamh a bhí ’á dhéanamh i gcoinnibh a h-athar an fhaid a bhí Niamh ag déanamh na faire, agus ansan, an fhaid a bhí Lonán ’ghá leigint air go raibh sé ag cabhrughadh le Gormfhlaith sa droch obair a bhí ar siúbhal aici. Choimeád a muintir féin an sgéal ó Bhéibionn i gcaitheamh na h-aimsire sin chun gan bheith ag cur buartha uirthi gan ghátar, agus i dtreó gur shuaimhneasaíghe a bhéadh an saoghal aici nuair a chífeadh Sitric go soiléir ná raibh aon phioc d’ fhios na droch oibre aici. Choimeád Sitric an t-eólus uaithi díreach mar a dhein sé a dhícheal ar é choimeád ó gach aoinne ba dhóich leis a dhéanfadh aon iaracht ar an ndroch obair do chosg.

Ach nuair a tháinig Amhlaoibh thar n-ais ó Inis Cathaigh chómh h-oban, agus nuair nár h-innseadh d’aoinne cad é an chúis, agus ansan, nuair a thug sí fé ndeara an disgréid agus an cogarnach ag Amhlaoibh agus ag Sitric, agus an bheirt ag stad de pé caint a bhíodh eatartha nuair a thagadh sí ’n-a láthair, thuig sí ’n-a h-aigne go raibh rud éigin nár bh’ fhóghanta d’á bheartughadh acu. D’á shoiléire a thuig sí an nídh sin iseadh ba lúgha a leig sí uirthi gur thuig sí é féin ná aon nídh dh’á shórd, agus iseadh ba lúgha a bhí aon chuimhneamh acu-san gur thuig sí é féin ná aon nídh dh’á shórd. Bhí sí ag faire ortha go géar agus ní raibh aon choinne acu go raibh. D’á fheabhas faire a dhein sí, ámhthach, níor fhéad sí teacht suas le h-aonnídh áirighthe do thabharfadh eólus cruinn dí ar cad a bhí ar siúbhal acu, ná ar cé ’n-a choinnibh go raibh an t-uisge-fé-talamh ’á dhéanamh.

Do lean an sgéal mar sin go dtí go dtáinig Gormfhlaith go h-Áth Cliath. Ansan do thuig Béibionn go raibh donas éigin thar na beartaibh déanta. Níor bh’ fhada gur tugadh le tuisgint di ná raibh Gormfhlaith ag dul thar n-ais ag triall ar Bhrian. Ansan do stadadh de bheith ag déanamh aon choimeád ar cad n-a thaobh gur tháinig sí uaidh ná ar cad ’n-a thaobh ná raibh sí ag dul thar n-ais. Do thárla go raibh an ceathrar i bhfochair a chéile agus gur eirigh fearg Ghormfhlaith. Do léim sí agus do spriúch sí. Do chaith sí ins na súilibh ar Shitric agus ar Amhlaoibh an bob a bhuail Lonán ortha, agus ansan, an bob a bhuail sé uirthi féin nuair a chuaidh sé siar ag triall uirthi agus teistiméireacht aige uatha-san. Ansan do thuig Béibionn cad é an brígh a bhí leis an ndisgréid agus leis an gcogarnach agus leis an stad cainte nuair a thagadh sí féin. Níor labhair sí aon fhocal amach as a béal mar gheall ar an ngníomh a measadh a dhéanamh ar a h-athair. Dúbhairt sí, ’n-a h-aigne féin: “Do theip an méid sin oraibh. Ní stadfaidh sibh anois. Déanfaidh sibh iaracht eile. Ní mór dhom faire níos fearr a dhéanamh, le h-eagla go mb’ fhéidir ná teipfeadh an tarna h-iaracht oraibh.”

Níor dhein sí aon cheilt ar an ndroch mheas a bhí aici ortha, ná ar an bhfeirg a bhí uirthi mar gheall ar an rud a cheapadar a dhéanamh. Ach níor dhein sí trácht ar imtheacht as an áit mar gheall air. Níor bh’fhada gur thuit rud amach a thaisbeáin di gur mhaith a dhein sí é agus fanmhaint.

Tháinig rígh Laighean ann.

“Seadh!” arsa Gormfhlaith leis,“measaim gur dheineas éagcóir ort nuair a dúbhart gur bheithigheach iompair ag Brian tu. Measaim gur bh’fhearra dhó go sgaoilfeadh sé thairis an beithigheach. Airighim go bhfuil do neart agat d’á chruinniughadh go cuthaigh. Fíorfair an focal úd a dúbhraís le Murchadh; ‘Má cailleadh Gleann Mhámha tré m’ chómhairle,’ arsa tusa, ‘buadhfar Gleann Mháma eile tré m’ chómhairle.’ An t-annsgian! Mura mbéadh an bheirt seo bheith chómh símplidhe,” ar sise, “bhéadh sé féin agus a athair agus Dúlainn fé ’n bhfód go tréith anois.”

“Ní gádh dhuit é chur ar an mbeirt seo, a mháthair,” arsa Amhlaoibh. “Bhí aimsir do dhóthin agat chun an ghnímh a dhéanamh sar a ndéigh Lonán ag triall ort, agus níor dheinis é. Níor dheinis, agus ní dhéanfá ó shin é, pé caoi a bhéadh agat air, an fhaid a bhéadh inghean Thaidhg Mhóir uí Chealla at’ aice! Is dóich liom,” ar seisean, “dá mbéadh sí abhfad at’ aice go ndéanfadh sí mírbhuilt ort, a mháthair,” agus chuir sé drana-gháire as. Níor dheas an drana-gháire é, bhí sé chómh diablaídhe agus an ghnúis chómh h-áluinn, chómh h-óg. An t-é a chífeadh an ghnúis sin an uair sin agus an drana-gháire, déarfadh sé go raibh duine i n-éaghmuis Ghormfhlaith gur bh’fhéidir a dhiabhal coímhdeachta a dh’fheisgint uaireanta. Chonaic Béibionn diabhal coímhdeachta Amhlaoibh an uair sin, agus choimeád sí cuimhne air.

“Cad é sin agat dh’á rádh, a choileáin!” arsa Gormfhlaith. “Cad í an mhírbhuilt a dhéanfadh sí orm!”

“Dhéanfadh sí naomh díot, a mháthair,” ar seisean, “agus ba mhór an mhírbhuilt é,” agus do leathnuigh an drana-gháire.

Do stad sí agus í ag feuchaint air.

“Ní dhéanfadh mírbhuilt féin naomh díot-sa!” ar sise.

“Foth, foth!” arsa Maolmórdha, “ní’l aon tairbhthe le teacht as an saghas san cainte. Cuirigh uaibh í. Ní deirim ná go bhfuil rud déanta agam-sa do chuirfidh chun cinn an bheart so do theip ar thriúr agaibh-se.”

Do léim Sitric agus chuir sé bas ar bhéal rígh Laighean, agus shín sé a mhéar i dtreó na h-áite ’n-a raibh Béibionn’n-a seasamh i lúib na finneóige. Dhruid sí isteach sa lúib sin nuair a thusnuigh an chaint ar dhul i n-olcas idir Ghormfhlaith agus Amhlaoibh. D’ airigh sí an focal, ámhthach, a’ béal rígh Laighean, ach níor leig sí uirthi gur airigh. Do rith cailín isteach, duine de mhnáibh coímhdeachta Bhéibionn.

“Ó!” ar sise, “tá an cuan lán de loingeas!”

Do rith gach aoinne amach ach Béibionn.

“Tar a leith, a laogh,” ar sise leis an gcailín. “Tháinís anso i n-aonfheacht liom-sa,” ar sise. “Tá fhios agam nách miste dhom rún a thabhairt duit. Tá, mar is eól duit, mar is eól do gach aoinne, Lochlanaigh an domhain ag cruinniughadh a neart i n-aghaidh na h-Éirean agus i n-aghaidh Árdrígh Éirean. Tá an t-Árdrígh ag cruinniughadh neart na nGaedhal chun na h-Éirean do chosaint. Tuigid ríghthe Lochlanach dá mbéadh Árdrígh Éirean as an slígh go dtuitfeadh cómhacht na nGaedhal as a chéile agus nár dheacair an lámh uachtair a dh’ fhághail ortha. Tá, d’á bhrígh sin, iaracht mhalluighthe d’á déanamh le fada ar an Árdrígh do chur chun báis le nimh. Tá teipithe glan ar an iaracht san. Siné fé ndeara Gormfhlaith a bheith anso anois. Tá iaracht eile d’á dhéanamh anois. Tá feall éigin eile d’á dhéanamh anois ar m’ athair. D’ airigheas an focal ó chiainibh ó rígh Laighean. ‘Tá rud déanta agam-sa,’ ar seisean, ‘do chuirfidh chun cinn an bheart so do theip ar thriúr agaibh-se.’ Ní dúbhairt sé a thuille mar do chuir Sitric lámh ar a bhéal. Ní dóich leó gur airigheas-sa an focal. Ní mór sgéala chur láithreach ag triall ar an Árdrígh. Indiu an lá chun an fhíona do chur siar go Sórd Cholum Cille. Imthigh, a laogh, agus cuir an fíon sa bhosca mar is gnáth leat a dhéanamh, fíon Aifrinn, agus tar chúgham anso nuair a bheidh san déanta agat.”

D’imthigh an cailín agus chuir sí an fíon sa bhosca. Ba ghnáth le Béibionn an fíon san do chur chun na mainistreach san, agus d’á bhrígh sin níor chuir aoinne aon tsuim sa rud a bhí ag an gcailín ’á dhéanamh. Nuair a bhí an bosca i dtreóaici tháinig sí ag triall ar an mBanríghin mar a dúbhradh léi.

“Seó anois,” arsa’n Bhanríghin léi, “cuir chúghat an dá leitir seo. Tabhair an dá leitir do’n Airchinneach, do Ghiolla Pádraig, agus dein an rud a déarfaidh sé leat.”

D’imthigh an cailín agus do rug sí léi an bosca, agus an capal agus an cárbat aici, mar ba ghnáth. Chonaic Sitric agus Amhlaoibh agus Gormfhlaith ag imtheacht í. Chonacadar an bosca fíona. Níor chuimhnighdar ar aon nídh eile bheith aici, agus níor chuireadar blúire suime inti.

Tháinig sí go Sórd Cholum Cille. Thug sí an dá leitir do’n Airchinneach. D’osgail sé leitir acu, mar dó féin ab eadh í. Do léigh sé í. Thug an cailín fé ndeara gur iompuigh a lith ann.

“An bhfuil fhios agat cad ’tá sa leitir seo atá léighte agam?” ar seisean leis an gcailín.

“Tá tuairim agam dó, a Athair,” ar sise.

“An mbéarfá-sa an leitir eile seo ag triall ar inghín Thaidhg Mhóir uí Chealla?” ar seisean. “Deir Béibionn ná fuil aoinne is fearr a dhéanfaidh an gnó ’ná mar a dhéanfair-se é.”

“Agus cá bhfuil inghean Thaidhg Mhóir uí Chealla le fághail?” arsa’n cailín.

“Tá sí le fághail,” arsa’n t-Airchinneach, “i mbuidhean a h-athar, sa mhór-shluagh atá ag teacht aniar ó Cheann Cora. Cuirfead cárbat agus giolla leat. Thabharfainn an leitir do’n ghiolla le breith siar ach deir an Bhanríghin gan an leitir a thabhairt d’ aoinne ach duit-se. Agus deir sí go gcaithfir do cheann a choimeád folaighthe go maith, le h-eagla go n-aithneófaí thu. Caithfidh Niamh an leitir a dh’fhághail a gan fhios d’ aoinne, agus caithfidh sí an leitir a dh’fhághail gan a fhios a bheith aici cé uaidh go bhfaighidh sí í.”

“Tá go maith,” arsa’n cailín.“Dúbhairt Béibionn liom go neósfá-sa dhom cad a bhéadh le déanamh agam.”

“Nuair a bheidh an leitir tabhartha do Niamh agat féadfair an cárbat agus an giolla do bhreith leat siar abhaile ag triall ar do mháthair. Cuirfidh Béibionn fios ort airís i ndiaigh an chatha. Ní fios cé bheidh beó an uair sin, ámhthach.”

Do gabhadh capal agus cárbat, agus do cuireadh an cailín sa chárbat agus do cuireadh an tsrian i láimh an ghiolla.

“Dein an dithineas is mó a dh’ fhéadfair,” arsa’n t-Airchinneach leis an ngiolla, “ach gan súile na ndaoine tharang ort ach chómh beag a’s is féidir é.”

Do ghluais an cárbat. Níor fhéad an giolla oiread dithinis a dhéanamh agus a measadh a dhéanfadh sé, mar bhí na bóithre go léir lán de dhaoine. Ach thánadar fé dheire chun buidhne Thaidhg Mhóir agus, mar a dúbhradh cheana, do tugadh an leitir do Niamh agus chuir Niamh chun Murchadh í. Chómh luath agus do léigh Murchadh an leitir d’imthigh sé chun na h-áite ’n-a raibh Brian agus d’ atharuigh sé na fir a bhí i n-aice le pearsain an Árdrígh.

Nuala ab ainim do’n chailín a thug an leitir sin do Niamh. Chómh luath agus bhí an leitir tabhartha uaithi aici d’imthigh sí amach chun na h-áite ’n-ar fhág sí an giolla agus an cárbat. Bhailighdar leó amach a’ brúth na slógh, agus thugadar aghaidh siar go Cúige Conacht, chun na h-áite ’n-a raibh máthair an chailín ’n-a cómhnuighe.

Isé cúis go ndúbhradh le Nuala a ceann do choimeád folaighthe ’ná so. Do thuig Béibionn go raibh Maolmórdha tar éis breibe gheallamhaint d’ fhear éigin ach dul i n-aice an Árdrígh sa ghluaiseacht agus sleagh do shádh ann, nó é chur chun báis ar chuma éigin mar sin. Bhí eagal uirthi, dá mb’ ar an gcuma san a bhéadh an sgéal, go mb’ fhéidir go n-aithneóch’ an fealltóir Nuala agus ansan go bhfaghadh Sitric amach an sgéal go léir, agus go marbhóch’ sé í féin. Níor fhág sí ar a chumas Nuala do mharbhughadh, pé rud a thuitfeadh amach,mar dúbhairt sí léi dul siar abhaile. Choimeád Nuala a ceann folaighthe agus níor aithin aoinne í. Níor aithin Niamh féin í, bíodh go raibh aithne mhaith thiar sa bhaile aici uirthi féin agus ar a máthair.

Um thráthnóna an lae, a dh’imthigh Nuala ó ríghtheighlach Shitric agus an capal agus an cárbat agus an bosca fíona aici, do thárla gur airigh duine eile de mhnáibh coímhdeachta Bhéibionn caint idir an dá rígh, idir Shitric agus Maolmórdha.

“Ná bíodh ceist ort, a rígh,” arsa Maolmórdha. “Déanfaidh Mícheál Ruadh an bheart. Tá sé i ngnáth-theighlach an Árdrígh anois le cheithre bliana, agus tá árd iontaoibh ag Brian as. Tá iontaoibh acu go léir as. Is dóich le Murchadh ná fuil fear eile sa ríghtheighlach chómh dílis leis. Gormfhlaith a thug aithne dhom air. Is cuma leis cé ’cu curfar chun báis é nó ná curfar nuair a bheidh an gníomh déanta, mar tá geallta againn dó go mbeidh fearan saor go deó agá mhnaoi agus agá shliocht má chuirean sé Brian as an slígh uainn. Dá mbéadh Brian as an slígh bhéadh gach aon rud ar ár dtoil againn.”

D’imthigh an bhean choímhdeachta agus d’inis sí do Bhéibionn an chaint a dh’airigh sí. D’imthigh Béibionn agus chomáin sí ar siúbhal giolla turais i lár na h-oídhche agus leitir eile aige le tabhairt do Niamh. D’ aimsigh sé capal maith. Bhí aithne ar na bóithribh agus ar na cómhngair aige. Do shrois sé an áit ’n-a raibh buidhean Thaidhg Mhóir uí Chealla. Thug sé an leitir do Chaoilte, mar adúbhradh, agus thug Caoilte do Niamh í, agus chuir Niamh ag triall ar Mhurchadh í. Do léigh Murchadh í. D’fheuch sé ’n-a thímpal. D’fheuch sé ar an ngárda a chuir sé, indé roimis sin, ó bheith i n-aice Bhriain. Bhí aithne mhaith aige ar Mícheál Ruadh. Ní raibh Mícheál Ruadh le feisgint i n-aon bhall. Nuair a deineadh an t-atharughadh indé roimis sin do thuig Mícheál i n’ aigne go raibh sgéidhteag duine éigin air. D’euluigh sé sa n-oídhche as an áit. Chómh luath agus fuair Murchadh imthighthe é do sgaoil sé an focal ameasg na bhfear, breith air agus é thabhairt thar n-ais. Níor bh’ fhada gur tugadh thar n-ais é. Bhí an iomad aithne air. Do tugadh i láthair Mhurchadh é.

“Pé duine thabharfadh cúl le cath,” arsa Murchadh leis, “níor mheasas gur tusa dhéanfadh é! Seasaimh ansan at’ inead, agus ná fág an áit airís.”

Cheap Mícheál nuair a tugadh thar n-ais é go gcrochfaí é. Bhí fhios aige go raibh an chroch tuillte aige. Nuair nár deineadh ach a rádh leis dul agus seasamh i n’ inead féin bhí iongnadh air. Níor thug sé fé ndeara an bhagairt a dhein Murchadh ar na fearaibh eile.

Dá gcrochtí é b’fhéidir go raghadh an sgéal ó bhéal go béal agus go sroisfeadh sé rígh Lochlanach Átha Cliath, agus nár bh’fhearr-de Béibionn san. Dá bhféadadh sé imtheacht slán go h-Áth Cliath nuair a dh’euluigh sé thiocfadh an díobháil céadna as, b’fhéidir.

Sheasaimh sé i n’ inead féin ameasg na bhfear an lá san——ach ní feacathas ’n-a dhiaigh san é beó ’ná marbh.

Nuair a bhíodh Caoilte i n-Albain ag breithniughadh an nirt a bhí ag Lochlanaigh i n-Ínsibh Orc agus ins na h-oileánaibh eile ann, is i dteighlach Dhómhnaill mhic Éimhin, i Mágh Geirrghinn, a chaitheadh sé an chuid ba mhó de’n aimsir. Thugadh sé, sa chaint a bhíodh eatartha, tuairisg cruinn do Dhómhnallar an gcuma ’n-a raibh gach aon rud ag dul chun cinn i n-Éirinn. Bhiodh Dómhnall coitchianta ’ghá cheistiú’ i dtaobh Bhriain agus i dtaobh Mhurchadh agus i dtaobh Dhál gCais go léir.

Thugadh Caoilte cuid d’á aimsir, leis, i bhfochair Mhuireadhaigh, Mórmhaor Leamhna, agus chaitheadh sé na tuairisgí céadna thabhairt dó san ar an gcuma ’n-ar sheasaimh cómhacht Bhriain, agus ar gach dóchas a bhí go bhféadfadh sé seasamh i n-aghaidh na mór-chómhacht a bhí ag cruinniú’ as gach áird ’n-a choinnibh.

Bhí ana bháigh ag an mbeirt sin le Brian agus le Gaedhlaibh. Níor bh’iongnadh báigh a bheith ag Dómhnall le Brian, mar ó Oilioll Olum do shiólraidh an bheirt. Ó Ghaedhlaibh a shiolraidh Muireadhach leis. D’á éaghmuis sin, níor bh’ aon iongnadh dúil mhór a bheith ag an mbeirt go mbuadhfadh Brian sa mhór-chath a bhí ag teacht, mar dá mb’ ag na geintibh a bhéadh an buadh do chuirfidís deire leis an gCreideamh a mhúin Colum Cille do Ghaedhlaibh agus do Chruithneachaibh Alban, agus níor mhiste deimhin a dhéanamh dé go ndéanfaidís Gaedhil Alban do dhísgiughadh.

Bhíodh Caoilte ’ghá innsint do’n bheirt cad é an saghas fir Brian, agus cad é an saghas fir Murchadh, agus cad é an saghas fir Dúlainn, agus Maolruanaidh na Paidre, agus Tadhg Mór ua Cealla.

“Agus,” arsa Dómhnall, “cad é an saghas an cailín seo, inghean Thaidhg Mhóir uí Chealla, go bhfuilimíd bodhar ag gach aoinne ag moladh a h-áilneachta?”

Nuair a cuireadh an cheist sin chuige do las Caoilte go bun na gcluas. Ansan do bhánuigh sé chómh bán le cailc.

D’ fheuch Dómhnall air agus thuig sé an sgéal go léir láithreach, dar leis féin.

“Is dócha,” ar seisean, “gur fíor an chaint a deirtear, go bhfuil sí níos áilne ’ná Gormfhlaith féin.”

“Is fíor, a rígh,” arsa Caoilte.“Tá sí níos áilne ’ná mar a bhí Gormfhlaith riamh. Ní h-é an saghas céadna áilneachta atá ionta. Tá sé chómh maith agam an sgéal go léir a dh’innsint duit, a rígh,” ar seisean le Dómhnall.

Ansan tháinig sé i dtusach an sgéil agus d’inis sé do Dhómhnall, ó thusach go deire, gach aon rud a bhí aige le h-innsint i dtaobh Niamh; conus a bhain a h-áilneacht a mheabhair shaoghalta dhé an chéad uair a chonaic sé í; conus mar a bhí éad ar Chonn chuige mar gheall uirthi; conus mar adúbhairt sí leis féin, agus leis an gcuid eile des na ríghthibh óga, go raibh socair aici ’n-a h-aigne gan pósadh i n-aon chor, ach fanmhaint i bhfochair a h-athar an fhaid a mhairfeadh a h-athair, agus ansan maireachtaint singil ar an saoghal so go dtí go leanfadh sí é.

Fear breagh dathamhail uasal cumasach ab eadh Dómhnall. D’éist sé le Caoilte an fhaid a bhí Caoilte ag caint. Thuig sé i n’ aigne nár bh’fholáir nó gur bh’uathbhásach an áilneacht a bhí sa rígan óg san. Dúbhairt sé leis féin gur dhócha gur bh’é cúis go ndúbhairt sí go raibh a h-aigne socair ar gan pósadh mar nár thaithn aoinne des na fearaibh óga san léi. Go mb’ fhéidir dá bhfeiceadh sí an fear a thaithnfeadh léi go n-atharóchadh sí an socarughadh san. Níor leig sé air le Caoilte go raibh aon mhachtnamh de’n tsórd san i n’ aigne. Bhí sé i mbéalaibh na ndaoine go léir go raibh Sitric chun a mháthar féin, Gormfhlaith, a thabhairt le pósadh d’ Iarla Ínsí h-Orc. Bhí tuairim ag daoine go raibh sí geallta aige do níba mhó ’ná an t-Iarla san. Gan amhras bhí Gormfhlaith ag dul amach ins na bliantaibh. Ach má bhí féin bhí na geallamhna úd ann. Is dócha gur thuig Sitric go mb’fhéidir go socaróch’ an cath, nuair a thiocfadh sé, a lán de’n tsaghas san geallamhna.

Thuig Dómhnall i n’ aigne dá bhféadadh sé féin Niamh a dh’ fhághail go mbéadh bean aige a bhéadh níob’ áilne, agus níob’ fhearr ar gach aon tsaghas cuma, ’ná an bhean so a bhí’á geallamhaint do gach aoinne ach teacht ag cabhrughadh le Sitric.

Pé ’r domhan é, bhí Dómhnall socair ar theacht go h-Éirinn ag cabhrughadh le Brian i gcoinnibh na Lochlanach, ach nuair airigh sé an moladh a dhein Caoilte ar inghín Thaidhg Mhóir uí Chealla bhí sé socair níba dhaingine, naoi n-uaire níba dhaingine, ar theacht, agus ar an uile fhear a dh’ fhéadfadh sé, do thabhairt leis. Do labhair sé leis an Mórmhaor eile, Mórmhaor Leamhna a tugtar air sa tseanachus, agus chuir sé suas é chun a nirt go léir do chruinniughadh ar an gcuma gcéadna agus teacht go h-Éirinn ag cabhrughadh le Brian.

“Má buaidhtear ar Bhrian,” ar seisean, “sa chath so atá ag teacht, tá sé chómh maith ag Gaedhlaibh imtheacht a’ h-Albain. Dísgeófar sinn go léir. Is fearra dhúinn tuitim i gcath ag cabhrughadh le Brian ’ná na Lochlanaigh a theacht agus sinn a mharbhughadh anso sa bhaile má buaidhtear ar Bhrian.”

Do chruinnigh an bheirt a neart go léir. Tháinig chúcha an uile shaghas fir a dh’ fhéadfadh aon nídh i bhfuirm airm do láimhseáil. Níor fhan sa bhaile ach seandaoine agus mná agus leanbhaí.

Is ró bheag d’á chuimhneamh a bhí ag Niamh gur bh’ í fé ndeár an méid sin de’n chongnamh a tháinig ag triall ar Bhrian a bheith chómh láidir agus bhí sé. Díreach mar a bhí sí gan aon phioc d’á chuimhneamh aici, nuair a bhí sí ag faire ar Ghormfhlaith chun gan leigint di nimh a thabhairt do Bhrian, nách leis an bhfaire do chosain sí Brian ach leis an gcosg a chuir a cómhluadar fóghanta, agus a cuideachtanas fóghanta, agus a h-anál fóghanta, le droch íntinn Ghormfhlaith, a gan fhios di féin agus a gan fhios do Ghormfhlaith.

An fhaid a bhí na slóighte ar an slígh bhí mórán tairbhthe ag Niamh ’á dhéanamh, a gan fhios di féin, ar an gcuma san. Bhí dúil ag na fearaibh go léir gach gnó dhéanamh ar an gcuma ba dhóich leó dob’ fhearr a thaithnfeadh léi; agus i mbuidhnibhna mban ní raibh aon nídh ba mhó ag na mnáibh ’ná focal molta dh’fhághail uaithi nuair a bhíodh sí ag gabháil eatartha ag feuchaint ar an gcuma ’n-a mbíodh a ngnó acu ’á dhéanamh. Dheinidís go léir a ngnó níob’ fhearr go mór, ar gach aon tsaghas cuma, ’ná mar a dhéanfaidís é dá mba ná béadh sí ann.

Ach dhein sí, leis, mórán tairbhthe agus ní h-a gan fhios di a dhein sí é, ach le h-iomláine feasa agus machtnaimh.

Do h-innseadh cheana cad é an chúis gur tugadh “Maolruanaidh na Paidre” ar rígh Ua bhFiachrach Áidhne. Gur thuig sé i n’ aigne a bheith ceangailte ar an gCríostaidhe bheith coitchianta ag guidhe chun an Athar Síoruidhe, agus ná fuil aon chaint is oireamhnaighe chun labhartha leis an Athair Síoruidhe, moladh a’s glóire leis, ’ná an chaint a mhúin ár Slánuightheóir dúinn.

Do labhair Niamh anois a’s airís le cuid des na fearaibh. Do thrácht sí leó ar an gcuma ’n-a rabhdar go léir lán cheapaithe ar’ gan teacht thar n-ais ó’n gcath. Chuir sí i gcuimhne dhóibh gur ar son an Chreidimh, chómh maith le h-ar son na h-Éirean, a bhí an ceapadh san déanta acu go léir. Bhí focal aici le rádh, ó am go h-am, ar rígh Ua bhFiachrach Áidhne agus ar an gcuma ’n-a mbíodh an Phaidir ar siúbhal aige i gcómhnuighe. Chuir sí ’n-a luighe ortha go raibh gach duine acu chómh ceapaithe ar bhás a dh’fhághail sa chath a bhí rómpa agus bhí Maolruanaidh. D’á bhrígh sin, go raibh gach duine acu chómh mór i ngádh leis an bPaidir agus bhí Maolruanaidh.

“Is dócha,” ar sise, “go bhfuil oiread gádh agam féin leis agus atá ag aoinne,” agus thusnuigh sí ar an bPaidir dó rádh coitchianta.

“Má tá gádh ag Niamh leis an bPaidir,” arsa duine des na fearaibh, “is deacair a rádh ná go bhfuil gádh agam-sa leis!” agus tusnuig sé ar an bPaidir do rádh coitchianta. Níor bh’fhada go raibh an Phaidir ar siúbhal ag gach duine d’á raibh ar an mór-shluagh.

Bhí a lán sagart ar an mór-shluagh. Ní raibh gnáth-theighlach rígh ann gan sagart fé leith, nó b’ fhéidir beirt shagart dá mbéadh a lán daoine sa ghnáth-theighlach. Do chabhruigh na sagairt go mór leis an bPaidir do chur ar siúbhal ameasg na bhfear, agus ansan, ameasg na ndaoine go léir a bhí ag leanmhaint na slógh. Ní baoghal ná go ndúbradh an Phaidir sin ó chroídhe, go dúrthachtach. Thuig gach aoinne dá mba ná béadh lámh Dé go láidir le Gaedhlaibh Éirean sa chath a bhí ag teacht ná béadh an buadh acu. D’á mhéid a tuigeadh an nídh sin iseadh is dúrthachtaíghe a dúbhradh an Phaidir agus iseadh is aoirde do glaodhadh ar Dhia, le gach saghas úrnuighthe, ’ghá iaraidh air cabhrughadh le Gaedhlaibh agus leis an gCreideamh. Do glaodhadh ar an Slánuightheóir ó b’é do mhúin an Phaidir dos na Críostaidhthibh. Do glaodhadh ar an Maighdin Muire, ó b’ í Máthair an tSlánuightheóra í. Do glaodhadh ar Mhicheál Naomhtha an t-Árdaingeal, ar Naomh Eoin Baiste, ar Pheadair agus ar Phól, ar Phádraig agus ar Bhríghid agus ar Cholum Cille, agus ar na naoimh go léir, ’ghá iaraidh ortha a nguidhe chur suas chun an tSlánuightheóra agus chun an Athar Síoruidhe ar son na nGaedhal agus ar son an Chreidimh, ionus go dtabharfadh Dia an buadh do Ghaedhlaibh sa mhór-chath a bhí rómpa.

Do thuig Brian cad a bhí ar siúbhal agus do ghaibh sé a bhuidhchas go dúrthachtach le Dia, agus do neartuigh a ghuidhe féin chun Dé ar son na slógh a bhí ’ghá leanmhaint chun an chatha mhóir, slóighte ná fillfeadh aon duine acu ó’n gcath san dá mbéadh buadh ag an namhaid, slóighte ná fillfeadh duine as an gcéad acu pé taobh ar a mbéadh buadh.

Ní sa mhór-shluagh amháin a bhí éigean d’á dhéanamh ar Rígheacht na bhFlathas ar an gcuma san le guidhe daoine. Ins na mainistiribh agus ins na h-eagailsibh, ar fuid na h-Éirean, bhí sagairt agus manaigh agus mná riaghalta, do ló agus d’oídhche, gan bhia gan deoch gan chodla gan suan, agbriseadh a gcroídhe ag glaodhach go h-árd ar Dhia, tré impídhe na Maighdine Muire agus na naomh go léir, gan buadh an chatha a bhí ag teacht do leigint leis an namhaid.


Back to IndexNext